478
AN GAODHAL.
LAOCHRA NA h-ÉIREANN 'SAN Bh-FÉIS SASANACH.
Tá dúil ag an íolar i ngebhionn bheith 'sa spéir';
Tá cuimhne aige air dhídean 'measg na m beann.
Tá an bárd seachrán 'g osnaghail fá 'n am a bhí saor,
'S fá fhallaing fhionn 'n áit eudaigh dhearoil', fhan'.
Acht béidh báithte súil an íolair le bliadhaint' na n-deor,
'S gan cuimhne laethe bhí sé 'd-timchioll na n-aill;
Béidh fuar an bárd le bochtach 'gus mí-chóir,
Béidh líonta a cheol le náire, gan luth a bhaill.
Acht éist! tá 'n t-íolar i ngebhionn trom ag clos
Árd-ghuth na saoirse; 'gus feuch! chidh sé shuas
Eun eile na saor-sgiathán 'gus saor-chos —
Briseann sé 'cuing, 'gus eitiolan sé le luas.
'Gus feuch! cluineadh an bárd fonn binn, síor-bhuan —
Sean-fhonn, a bháitheas smuainte air an d-tíorán feall;
A's éist! tá a chruit ag dúsacht ó throm-shuan,
'S a teuda ag crith faoi chaith-fhuaim 's bás na nGall.
Mar súd, 'nuair a d' éirigh íolar Éireann-Mhóir,
'Gus 'nuair 'chuaidh abhrán saoirse thar an lear,
Thug Éire air fáir, do bhí faoi chreach go leor,
'Gus beagnach bhris sí a cuibhre ró-gheur.
Bh-fuil bárd-sgiathán an íolair sin go fóill
Ag brosdughadh i n-Éirinn dóigh na laoch a's fó ?
Tá — 's briseann cuing 'bhí fáisge ann a bh-feoil,
'Gus éirigheann siad mar dhoineann dhíoghaltais teo!
beañ regard
beiñ proper word
misused, this means
that the goorgar was
on first
AN CÚILFHIONN.
(Le Maitiú Ua Dúbhagáin)
Da bh-feicfeá-sa an Chúilfhionn agus í ag siúbhal air na bóithraibh,
Ag ionsaidhe na h-úr-choille a's an drúcht air a bróga;
'S í mo shearc í 's í mo rún í, a's ní'l tnúth aicí le h-óige,
Agus rug sí bárr áilne air mhnáibh bhreághtha na Fódhla.
A m-beul-áth-na-gár atá an stáid-bhean bhreágh mhódhamhuil,
Bh-fuil a gruaidh mar na caorchon agus sgéimh in a clódh geal;
Budh bhinne guth a béíl-sin 'ná an chéirseach 's 'ná 'n smólach,
No an lonn-dhubh air na coillte le soillse an tráthnóna.
Éirighidh a'd' shuidhe a bhuachaill, agus gleus dham me ghearrán,
No go leanfaidh mé an stuaid-bhean úd shuas air na cnocáin;
Tá sí d'a síor luadhadh liom ó bhídh sé 'na leanbán,
'S go m-bu bhinne liom naoi n-uaire í 'ná 'n chuach a's 'ná'n orgán,
Má thug mo chroidhe grádh dhuit 's gur áilne gach sólás,
'S gan mo mhuintir sár-shásta leat, a rúin ghíl na g-comann;
Páirt mhór de m' chruadhtán, a's me ag cruadh ghol go daingean,
Faoi mo leanán bhreágh uasal do luadhádh liom a m' leanbh
A stóir dhíl mo chroidhe! bí dílis agus daingean dam,
Na tréig rún do chléibh a ngeall air é bheith dealbh,
Air — Petrie's AI.M
No 599.
41
