480
AN GAODHAL.
Phila. Pa. 11th Sept. 1885.
Herewith is enclosed an article for
publication in the noble Gael. But,
perhaps, you would not deem it worth-
y of a place in your patriotic journal
as it does not directly bear upon mat-
ters relating to Ireland. But, in order
to bring into general usage and collo-
quial expressions several certain Irish
words that are nearly obsolete, or that
are forgotten by the majority of Irish-
speaking persons and who are obliged
to use an English word as a substitute,
it is essentially necessary that a var-
iety of subjects ought to be written on
Besides, it cantains some truths of
great importance, and will be of some
interest to many of the readers of the
Gael, particularly as these facts app-
ear under the beautiful garb of the Ir-
ish vernacular. Consequently, it may
not be altogether an inappropriate
matter for publication. Faithfully,
P. J. Crean.
NA FIACLA.
Tá fiacla nádúrtha, glan, iomlán agus
falláin riachtanach do dhathamhlacht an
eudain ; ní shé 'mháin go g-cuidighean siad
le taisbeáint an duine, ach cuidighean go
mór le feabhas sláinte a choirp. Air an
ádhbhar sin, bhudh chóir aire airighthe a thabh-
airt dóibh go laetheamhuil, ó 'n g-cúigeadh
bliadhain suas go d-ti an cúigeadh bliadh-
ain air fhichead. Is cóir deocha an-fhuar
agus teith a sheachaint air aon dóith. Má
deuntar úsáid de ghleus fiacal uair air
bith is cóir é bheith deunta d' ádhmud no
cleite. An sgraith a bhídheas air na fia-
claibh cumthar í ó chuileóga a chruinnigh-
eas ortha, cuid acu is féidir a marbhugh-
adh le galamhnach, agus tuile le salan;
mar sin is cóir iad a nighe gach lá le
stuab no bruis tá cuimilte le galamhnach
gheal agus le salann, uair 'sa t-seacht-
mhain.
Leaghean siúcra fíor-ghlan gan dad¬
aidh fhágáil na dhiaigh air na fiaclaibh, 's
teidhean ann a bhoilg gan mhoill : mar sin
ní féidir leis aon díobháil a dheunadh
dhóibh. Teas, fuacht agus neithe searbha
gnigheas dochar dhóibh. 'S sé an dochar a
dheunas siúcra, an uair ithtear iomar-
caidh dhe tugann sé laig ghoile na neamh-
dhileaghadh air dhuine. Mairt-fheoil rós-
ta, suipéir oisre, pí glomaigh, sudóga 's
putóga 's a leithide eile a dheunan níos
mó dochair do na fiaclaibh ná an méid
siúcra 's neithe milse ithtar; de bhrigh go
m-budh iad-san an cobharthóir a bhrosd-
uigheas laige ghoile. Is mór an t-olc a
deárnadh an uair a síolruigheamh an bar-
amhuil go rabh siúcra agus neithe milse
eile díobhálach aig na fiacla, mar thóig
siad intinn na n-daoineadh ó na neithe 's
mó rabh díobháil. A saoillead go dearbh-
tha da g-cuiruigh fiacail a soitheach lán
de shoiroip go n-eíreochadh sí bog, ach na
dhiaigh sin fiacail a cuireadh a m-leagh-
thacht do calomel air feadh seachtmhane,
ni feidadh aon chomharthadh dhe fhághail uir-
thi. Gheabhfadh leinbh 's páisdighe beaga
bás a ngeárr aimsire da g-coingbheoch-
aidh siúcra agus neithe milse eile uatha,
mar tá siad so-úusáideach le h-aghaidh a
gcothughadh. Is eolas nadúrtha an mian
ain-mheasardha seo na leinbh ann gach nídh
milis. Dá n-deunfaidh úasáid aig biadh
de neithe siúcra anns a nGeimhreadh 's
de thoradh na g-crann, smeurtha agus
caoir a bheit sáthach abuidh, anns a t-Samh-
radh, agus leigean do na neithe seo eile
a d' ainmne mé, ach cho beag 's b' fhéidir,
no an méid a bhí fíor-riachtanach, do chaith-
eochadh leor do na fiaclóiridhe a tá ans
gach baile agus cathair ceird eicín eile a
leanadh.
P. J. CREIDHCHÍN.
Phila,, an 9mhadh lá de Mhí mheádhain an
Fhóghmhair.
Ó chuireamar smuainte ar d-teagar-
thóra i g-clódh fuaramar teagair an óigh
Nóra T. Ní Choistiola; an Dlígheadór-
a Seághan C. MacGuibhir, agus thríd an
t-Saoi, Seághan O'Dia, Scranton. Pa.
teagarthadh Riosdaird MichÉil, Mhichil
Ruadaidh agus Sheághain Ui Longáin.
Deunóchadh gach cach a dhithchioll an Gao-
dhal a leathanughadh agus, le congnadh Dé,
is geárr no go m-beidh sé ins gach uile
cheárda.
