Vol 4, 10
AN GAODHAL.
481
PEURLA DEAS AN t-SLÉIBH BHÁIN.
Fonn — Loch Léin
Sé mo leun geur gan mé 'nn mo lacha bheag bhán ;
Do rachfainn de léim a m-beul gach sruth is gach snámh;
Mar shúil lé Mac Dé go réidhteoch' Muire mo chás,
'Sgo g-casfaidh orm féin í Peurla Deas an t-Sléibh Bháin.
Bliadhain 'san oidhch' réir do reub na capaill an fál,
Ba chuma liom féin é ní me bhí a bh-farradh na mná;
Go Slige na sgéimhe ma théidhim-se ní phillfidh me slán,
Agus bidheadh a rogha céile ag Peurla Deas an t-Sléibh Bháin
Téidhmid ag ól go n-ólfamuid cuide de 'n leann,
'Sa bh-fuil de mhná óga gan pósadh tóigidís linn;
Bidheadh coróin air an dís agus íocaidh na fir air na mná,
'S bidheadh gini orm féin agus air Pheurla Deas an t-Sléibh Bháin.
Ceíthre lá dheug gan bhréig a chaith mé air an sliabh,
A síor aithris sgéil do bhéilín ainfhir na g-ciabh,
Mo bheul air a beul is í ag éigneadh tharam a n-iar,
Is bhí me d'a breugadh gur éirigh tharainn an ghrian,
A chuisle 'sa stór na pós an seanduine choidhch'
Ach pós an fear óg ma bhrón mar mairfidh sé ach mí;
O, tá me bog óg 'sgo fóill nach d-tainic mo chiall,
'Sgo bh-fuil tuille 's lan báid de mhna breágh' deasa mo dhiaidh.
A goid mná ma théidhir na teidh gan mise bheith leat,
O tá fhios ag an saoghal gur leo chaill me mo rath;
'Sé dubhairt ainfhir na g-ciabh 's me taréis a breugadh go deas,
Is tú an buachaillín sgéimh' is go n-éirighe an obair sin leat
I went to the fair one day is mé g-cualuadar mná,
They brought me up stairs san áit ar chomhnuidh mo ghrádh,
They placed me at table is é lán de ithe 's de óil,
Is síleas lá 'r na mhárach na rabh an oidhche caithte go fóill.
D' iaras air maidin cia rabh me g-caitheadh na h-oidhch',
'Sé dubhairt na mná óga go rabh me bh-farradh mo mhnaoi,
Is nach m-beidhinn feasda choidhche mo réic ag imtheacht le fán,
Óir pósadh mé aréir le Peurla Deas an t-Sléibh Bháin.
air — Petrie's A.I.M.
Nos. 1113 + 1114.
ma theid
mise
I send this fine old song for the Gael, I would
like to see it in print as it is one of the many favo¬
rite songs which I often heard my father sing in
his cheerful hours at the old fireside, and now I
hand it down to coming generations, hoping the
day is not far distant when such songs, and our
mother tongue, will be appreciated. Yours
MARTIN P WARD
Is maith an t-abhrán e seo. Deunfa¬
muid ar n-dithchioll sean abhráin na h-Éi¬
reann a chruinniúghadh asteach san nGao¬
dhal. Anois, budh chóir do gach h-uile Éi¬
reannach an cúram ceudna a bhéith air
faoi an nGaodhal a's tá orrainn-ne. Ca
bh-fuil cáirde na teangan ó Phaterson,
Naishuá, agus bailte móra eile noch do
chuir cumainn Ghaedhilge air bun? Sgar
an Gaodhal; ní'l an cosdas mór d'a m-
b'éigin do dhuine féin é íoc. Cuirfimid
Hardiman san nGaodhal ó seo amach.
