482
AN GAODHAL.
O BLAME NOT THE BARD
(DR. McHALE)
Air — Caitilín Thiriall.
1
Ná tóig air an bh-file má euluigheann faoi 'n g-cluan,
'N a m-bidheann sogh-chlaon aig fonóid fá árd-tuadh go buan.
Níor thair bhí dhóigh sinsir 's le uain 'gus le trá
Go clútamhuil, do dheunfadh gníomh gaisgidh, gan sgáth;
An teud, tá 'nois sínte air an g-ceol-chruit go fann,
Do sheolfadh a g-croidhe an námhaid an bás-ghath go teann;
'S an teanga, nach sileann acht mil-shruth na g-claon,
Budh tuilteach í aig brosdughadh grádha tíre na bh-Fian.
2
Monúar d'a thír áluinn! tá a caithréim 'nn a luidhe,
'S an croidhe cródha briste, nár bh' fhéidir a chlaoidheadh;
Caithfidh éagchaoin a fíor-sliocht bheith faluighthe ó'n t-saoghal,
Óir is bás-bhreith a chosaint, 's ní'l a cumann gan baoghal.
Tá a clann gan aon cheannas, mar n-deunfaidh siad feall,
'S mar d-truaillighid a sinsear aig inmpógadh le Gall;
'S an trillsean, tá aig lasadh slighe céime, gach lá,
Nach sgiobthar ó'n g-cárn é, air a bh-fuil Éire 'ga crádhadh.
3
Ná tóig air an bh-file a bheith síor dheunadh rann,
'S an t-olc nach n-dán leigheas, do dhíbreadh le greann;
Bidheadh aige acht leus dóchuis, is lasfaidh go beo
A rósg tre bhrat cúmha mar an ghrian tre slámh ceo:
Deunfaidh íodhbhairt do Éirinn de na beusaibh a bhídheann
'Ga sheoladh air mearbhall le fánadh a chlaon,
'S le dlaoigh na g-craobh glas, a tá fighte air a cheann
Mar an Greug, aig imirt dhíoghaltais, falóchaidh sé a lann.
4
Acht gidh gur eulaigh do mhór-chéim, mar aisling na h-oidhche,
Béidh d' ainm 'ga luadh aig an bh-file a choidhche,
An trá is mó suarcas air aigne le seun,
Béidh aig seinnim go h-árd-bhinn do leath-trom 's do leun :
Cluinfidh an coigrígheach do ghártha-croidhe fíor',
Rachfaidh éagchaoin do chláirsigh thar mhuir a's thar thír,
'S do thiaghrnaidh, aig teannadh na slabhraidhe dod' chlaoidh',
Silfidh deora na truaighe le teann bhriste croidhe.
B' feárr linn bheith 'nan an t-abhrán sin a sheinnim 'na saidh¬
bhreas Sheóirse. 'Sé an t-abhrán é is breághtha i seinneadh a
riamh. Ach is an mhór an difir a tá eidir an ama seo agus
an t-am ar cumadh an t-abhrán. D'fheudóchadh cláirseach na
h-Éireann a bheith seinnim a h-eugchaoine go liathóch' a ceann
agus ní chorróchadh sé smuainte truaidhe a g-croidhthibh a tígh¬
rneadh. Theannadar na slabhruidhe cho fad a's d-feudadhar,
ach tá 'nois timchioll chúig mhilliún fhichead Éireannadh sgaptha
air feadh an domhain, armaighthe cho maith le na Sasanaigh, &
is le torann agus éifeacht an airm seo a éistfeas a d-tígh¬
rnaighe in áit eugchaoin a cláirsigh. Ach seinnfighear an t-abh¬
rán i g-cuimhne na sean-aimsire, a's dánaracht Sh. MhicÉil.
