AN GAODHAL.
489
Our Dublin friends do not wholly
forget us. Our corresponding friend
seems to be better acquainted with lo¬
cations in our State than we are. We
are always pleased to hear from the
Old Sod; as the poet says, —
“Where e'er we roam, whatever realms to see,
Our hearts, untravelled, fondly turn to thee !"
CHUM EAGARADÓIR AN GHAEDHIL.
Baile Atha-cliath, Éire, Seachtmhadh lá
Deug Ochtmhí, 1885.
A Shaoi Uasal, — Fághaim do irisleabh¬
ar luachmhar gach mí ua charaid, acht síl¬
im nach ceart dhom, no do aon Éireann¬
ach eile aig a bh-fuil meas air theangain
ársa a shinsear, gan an beagán do thabh¬
airt dhuit iaras tú mar dhíol air son an
Ghaodhail. D'á bhrigh sin, foluighim fá clú¬
dach na leitre so ordughadh air thrí sgil¬
ingeadh, agus béidh me buidheach díot acht
cuir do pháipeur i triall orm air feadh
bliadhain. Admhuighim go fírinneach nach
míosamhuil budh mhaith liom an Gaodhal d'
fheicsin d'a chlódhbhualadh acht laetheamhuil,
agus é chomh fóirleathan le aon pháipeur
nuadhachd Sacsbheurluigh no Gearmánuigh,
i clodhbhualtar i Nuadh Ghorc, agus gan
focal do'n bheurla Gall ann ua thosach
go deire. Annsan b' fhéidir linn i rádh
go rabh páipeur againn do réir samhlach¬
uis ár mianta. Is fíor go bh-fuil obair
mhór deanta aig Éireannaigh i d-tír Éire-
mhóir do theangain na Gaedhilge. Cobh¬
aruigheann siad go fial gach corruigh air
i m-bidheann dearamh maitheas do dheun¬
amh ann aghaidh dlighthe buirbe na Sacs¬
anach, ta fós go teann anns an dúthaigh
seo ag díbirt na n-daoineadh ua bhailte
a n-dúthchuis. Is iomdha slígh air a bh-fuil
deimhnughadh tugtha aca gur foistineach a
tá siad le congnamh do thábhart chum Éi¬
re árdughadh i meas agus i réim. Dob-
fhéidir n'ar thaisbeánadar an deágh-in¬
tin sin aon tráth níos iomláine 'na leis
an gaisge rinneadar i g-Canada i m-
bliadhain 1866 ag tabhairt comhbhroch
bhrioghmhar do shluaighte an t-Sasanaigh.
Chum fiadhnuise dheunadh air an gníomh
so tá an iomad adhlacadh 'sa g-cill Cait¬
ioloice Buffalo, Stát Nuadh Ghorc,
leachd no tuama breágh air a bh-fuil
sgríobhtha, — "Árduighthe le Fiannuighe Bu¬
ffalo i g-cuimhne Caiptín Lunargáin ag¬
us Fiannuighe cródha uile do marbhadh i
g-Canada aig troid air son na h-Éir¬
eann."
Acht fós thar cheann a bh-fuil ráidhte shuas
agam ní'l iomad deunta aig Éireann¬
aighe anns na Stat Aontuighthe do thean¬
gain na Geadhilge an oiread is budh chóir
dóibh. Tá fios aguinn go léir go bh-fuil
scapuighthe air fuaid cathracha na tíre
sin mílte de mhuintir na h-Éireann air
a bh-fuil eolas maith air Ghaedhilge do
labhairt, agus a tá i g cumas chum díol
as do irisleabhar gan díth d'a b-póca.
Da d-tógfadh a d-trian an Gaodhal ag¬
us an chobhair atá riachtanach do thabh¬
airt dhuit, ní'l aon amhras nach g-cuir¬
feá breis cruth air chlódh-dheilbh do pháip¬
éir. Caithfeamuid anns an am ceudna
leithsgeul urmhór na n-daoineadh so do
ghabhail, mar tá leabhair clódhbhuailte i n-
Gaedhilig daor agus gann, stáid i chuir¬
eas sinn bun os cionn air an samh-shoc¬
aireacht le ar féidir do Ghearmánaighe,
Francach no Sacsanach a láimh do chuir
air leabhar grin-eolais no staireamhuil
do réir a thola no a chanamhuin féin; ní
shé nach bh-fuil iomarcadh de leabhair láimh-
sgríobhtha, líonta le dánta agus sgeul¬
ta aoibhne chuirfeadh áthas air chroidhe
dhuine in dá oircisde leabhar anns an g-
cathair seo ná'r clódhbhualadh ariamh, óir
ní rabh airgiod chum an cosdus do dhíol
ag an muintir bhí aigeantach air a dheun¬
amh. Do rinne an Sacsanach námhadach
agus a comhluchd in Éirinn a n-dithchioll
chum an Ghaedhilig chuir fá chois, agus dí-
mheas do beith air aig lucht cinidheacha
coimhthighe. Acht tá muinighin láidir agam
nach d-tiocfaidh leo an lámhuachdair fhágh¬
ail air shean teangain mhilis na h-Éir¬
eann, anois o tá Éireannuighe na Stat
Aontuighthe aig tabhairt a g-congnamh
chum an obair mhaith do leasúghadh.
Críochnóchadh mé anois go sgríobhfad
mé i triall ort arís, acht amháin guidhe
go g-cuireadh Dia rath air do shaothar, &
gur fada mhairfeas tú féin agus an
Gaodhal.
Is mé do sheirbhíseach umhal,
Pádruic O'Briain.
bliadhna
being
an sin
a
do b' fh
a b-fuil eolus
maith acu
aon agamsa
an
leis
