490
AN GAODHAL
A m-BÉIDH ar d-TÍR MHOCHT ÁLUINN SAOR go DEO?
(From the Chicago Citizen, — Translation on opposite page.)
A mbéidh ar d-tír mhocht áluinn saor go deo?
Sin í an cheist tá fiafruighthe in ar measg
Air feadh níos mó 'ná chúig cheud bliadhan trom
Fiafruighear í le daoinibh a charas Éire, —
Daoinibh tá fíor do chúis a sliocht 's a d-tír', —
'Gus fiafruighthear í le daoinibh ag nach bh-fuil
Aon smuainte tíreamhuil timchioll tír' a m-breith', —
Daoinibh nach bh-feiceann ins a bh-focal "Saoirse,"
Acht cead a n-ainmhianta féin do dheunamh :—
"Talamh gan cíos," a's gach nidh bun os cionn.
A m-béidh ar n-oileán sgriosta saor go deo?
Ní bhéidh sí saor go brách go m-beirthear dhi
Clann le n-a g-croidhthibh lán de spioraid fíor
Na saoirse ;— clann ag nach m-béidh mímheas
Air neithibh bhaineas le n-a sliocht 'sa d-tír, —
Clann mar na daoinibh rinne saor an Ghréig,
Nár chleachd aon teanga acht a d-teanga féin
Nár chrom a nglún roimh' neart a m-buaidhtheoir,
Nár fhiafruigh a saoirse acht le claidheamh a's lainn,
'S nár fhóghluim caint na námhad a sgrios iad!
A m-béidh ar n-Éire dhílis saor go deo?
Ní bhéidh sí saor chó fad a's mhaireas ceann
Na g-cainteoir a chreideas in a g-caint amháin,
Gigh teanga sgriosadóir gach focal deir siad
Ag labhairt uim sgrios a g-cinidh 'gus a d-tír'.
A Dhia mhóir! bh-fuil ciall air bith in Éirinn?
An óinseach í measg cineadhach an domhain?
An iongnamh é go magann daoine fúinn
'Nuair labhaireamuidne bheith n'ar máighsd'ribh féin?
Iarrann sinn neithe gan aon mhaith air bith,
'S ní chuireamuid suim 'sna neithibh tabhachduighe
Fhoillsigheas do'n domhan gur chóir dúinn a bheith saór.
Is cosamhuil iadso a threoruigheas Éireannuighe
Leis an g-coileach saobh, mar innistear 'san sgeul,
Fuair seod mórluach a g-cárn aoiligh,
Agus de brigh nach rabh sé maith le ithe
Do bhuail é as a bhóthar le n-a shál;
'S dubhairt sé le na cearcaibh in a thimchioll,
"B'fheárr liom gráinnín órna 'mháin dá ladhad
'Ná 'n seod is áillne 'gus is mó 'san domhan."
Is seod mórluach teanga tíreamhuil Éireann,
Is seod cho breágh a ceolta caomh a's binn;
Nach cosamhuil treoruighe labharaighe ar n-daoineadh
Leis an g-coileach saobh sin; óir, nach bh-fuil siad
Ag dearmuid neitheadh luachmhair, 'gus ag rádh
Nach fiú a g-cúirim, caint a's ceol a d-tír' ?
Guidheamuid Dia, malairt a chur 'na g-croidhthibh,
A's ciall do chur a g-ceannaibh clann na n-Gaoghal!
GALL GAODHAL.
