AN GAODHAL.
493
CONDAE MHAIGHEO.
Fonn — Condae Mhaigheo.
Is air an loing seo Pháidií Loinse do bhídhim-se déanadh bróin,
Aig osnaighil 'san oidhche 'gus ag síor ghol 'san ló ;
Mar m-beidheadh an doilghíos atá air m'inntinn is mé bh-fad ó mo
[mhuintir,
Dar m' fhírinn is mait do chaoinfinn thú, a Chondae Mhaigheo.
Tá cnoic na Ceathramhna Caoile seo siansamhuil go leor,
Tá coiligh 's cearca fraoigh ann agus eunlaigh seinm cheoil;
Tá abhla blasda, buidhe ann agus cuacha 'r bhárr na g-craoibhe,
Agus géimnigh bó agus laoigh ann teacht Féile Mhuire Mhóir.
'Gus go bh-faca mise an ghreen sin gan caora, gan bó,
Agus cnoc na Ceathramhna Caoile sin faoi fhraoch agus faoi mhóin,
Tá na fásaighe 'nois thart timchioll faoi abhla cúmhra Geibhre,
'Sgur mar sin a bhídhim-se smuaineadh air Chondae Mhaigheo.
Dá n-deunfainn cómhairle mo mhathrín do bheidhinn-se maith go leor
Ag eisceacht lé fíon Spáinneach is le cómhluadar ban óg;
Ach muna síor ól na g-cárta 'gus an dligheamh a bheith ro láidir,
Ní a Sainti Crús a d-fágfhainn-se mo chnámha faoi 'n bh-fód.
Maiseadh liosdáil mé le sergeant mo chreach ⁊ mo bhrón,
Agus chuaidh mé leis thair sáile do'n Fhrainc ⁊ do'n Róimh ;
Fuair mise gunna gárda agus bagnet ann a bhárr sin,
Agus shaoil mé go m-beárr sin 'na bheit a g-Condae Mhaigheo.
Uch, is trom tuirseach, brónach táim dul no m-bóithre seo siar,
A smuainead air mo stóirín atá go síorruidhe gul mo dhiaidh;
Ní maoin a bhí mé thóruigheacht ach grádh mo chroidhe le pósadh,
San te bhain díom mo rún shearc nár chóimhlíonadh sé an bhliadhain.
Is maith an buachaill peinn mé agus dheunfainn loing is bád,
Is foibhléaraidhe ó bhroinn mé 'gus mharbhóchainn lacha 'r snámh;
Cúipéuraidhe a d-tír mé agus dheunfainn soighthigh fíona,
Sé mo leun nach bh-fuil mo mhian liom is mé siúbhal siar chois tráigh.
Tá buachaillidhe seo Iarthúil ag eirighe go h-an mhór,
Le cábaigh velveteen agus ní áirighim buclaigh bróg;
Is dá m-beidhinn-se féin mar iadsan bheidheadh mná óga dom' iaraigh,
Ach ní mar sin a d'ordugh Dia dham ach 'sna cianta deunadh bróin.
Nár bhainigh siad an Fóghmhar na cómharsana a dúbhairt liom
Gur briste bhí mo láirge no gur leonta bhí mo dhruim;
Má d' eirigh bris bheag óg dam 'sgur chaill mé 'n taca ró-dheas
Nach feárr an fear go fóill mé na Domhnaillín an chlúmhaich.
air Petrie's A.I.M.
No. 568.
added
air. Petrie's
 A I. M.
No. 1382
Dear Sir — I send you for publication Lavelle's
Farewell to Mayo, and not as Hardiman's Mins-
trelsy has it. Lavelle was a native of Innis Bofin
one of the many islands of Clew Bay. He enlisted
in the Spanish navy and wedded a Creole lady in
Santa Crus, and, getting sick, he sang this song as
a lamentation for home. Mr. Hardiman has given
only a few verses of this song, though I am certain
I have heard three more verses than I have sent.
But as I have not those correct I will not attempt
to write them. I am told Lavelle came home to die
and that his remains lie in O'Malley's Tombs,
Westport.
M. P. WARD.
