494
AN GAODHAL.
120
Air: Féach
Poets and Poetry of Munster
page, 118. —
Cl. Soluis X. No. 29.
" Vol. IV. No. 43.
AN SEANDUINE.
(This song, “The Old Man,” is published by request of Mr. Anthony Walsh
through Martin P. Ward.)
Cómhairle seadh fuairios-sa h-iar air a m-bóthar,
O'n rógaire sagairt an Seanduine a phósadh;
Budh chumadh leis é ach go meudóchainn a phóca,
Dhá m-beidhinn-se gach maidin ag braith air na cómharsain'.
Is óró Sheanduine ní leat a gheobhaigh mé,
Óró Sheanduine ní leat a gheobhaigh mé,
Óró Sheanduine leagfad ann fód ort,
Luidh air do leabaigh 's nár éirighe tú choidhch' dhi.
Má phósadh tú Seanduine pósfaidh tú cloidhre,
A chaithfeadh a mhailísigh leat air a g-claídh dhe:
Greim ní bhlaistheá, air leabadh ní luidhtheá,
Ach mar bheidheadh sionnach a rith air fuaid coillte.
Is óró Sheanduine, &c.
Do chuirios-sa 'n Seanduine siar go Cill Fhiarach,
An áit a rabh míle 'gus fiche dhe shliabh róimhe;
Do chrapadar ioscada 's bhriseadar fhiacladh,
Is chuireadar a bhaile mo cheatharnach liath thugham.
Is óró Sheanduine, &c.
Dhá bhághainn-se mo Sheanduine báithte a b-poll-mónadh,
Do thabharfainn a bhaile é agus dheunfainn a thórthadh;
Bhainfinn an craicionn de 's dheunfainn de brógadh,
Is thabharfainn-se an dris do na buachaillibh óga.
Is óró Sheanduine, &c.
Do chuadh-sa go h-Innis ag iaraigh gleus tórthadh,
Tabac is píopaidhe 'gus cláracha cómhran;
Ach air mo theacht a bhaile dham a d-taca 'n tráthnóna,
Cadh a gheobhainn ach mo Sheanduine fairsáighil a chórthadh,
Is óró Sheanduine, &c.
Nuair bídhim-se gan ghangaid a stracadh 's a súgradh,
Le buachaillidhe deasa bhídheas cóirighthe múinte;
Seadh phreabann mo Sheanduine amach as a chúinneadh,
Is rinceann dreas air a pheireabaic phúghdair.
Is óró Sheanduine, &c.
Tráth chóirighim mo phearsa go deas le ribínigh,
Le h-úda, le hatta 'gus gúnadh dhon t-síoda;
Sé deir an Sean-fhleascach gur scaipeach an t-sraíghil mé,
'S ó aighneas ní stadann go m-briseann mo chroidhe ionam
Is óró Sheanduine, &c.
Chualadh muidne an t-abhrán seo cheana air mhodh eile, acht
deir an Saoi MacMháird go seinneann Antoine Breathnach
é air fheabhas mar seo, agus de bhrígh go bh-fuil meas mór a¬
gainn air Antoine, cuireamuid a g-clódh é.
