504
AN GAODHAL.
O'DONOVAN ROSSA
We cheerfully insert the following poem com¬
plimentary to O'Donovan Rossa. If the English
ignore the will of the Irish people as now express¬
ed at the ballot box (as they threaten to do), in¬
stead of being characterized a foolish enthusiast,
O'Donovan Rossa will prove himself the most sa¬
gacious and trustworthy of Irish leaders. And
there is no doubt but his following will increase
accordingly.
1
Ó Dhiairmid ! Seo chúgat do shlánte!
Fad saoighil duit 'gus sonas, ó Luain,
Nar airmhigh 'iamh sochar no táinte
Acht saoirse do thíre go buan.
Seo buaidh dhuit air námhaibh do chriche,
Ó ! fhíor-chraoibh de uas-chrann na Rós !
So 'n t-Uaithne go h-uaibhreach air ghaoithibh,
'San ruadh-bhrat go h-íosal faoi chos.
2
'Measg anman n-uasal ar d-tíre —
Na ngaisgidh a d' oibrigh do chrioch,
A n-dithchiollaibh dána 'gus diana,
Í thógbháil chum saoirse arís —
Béidh d'ainm, Ó Dhiairmid, 'san aireamh,
Ann onóir 'sann uraim romh-árd,
Béidh cannta 'gus molta i stáiribh,
'Gus seinnte le filleadh 'gus bard.
3
Ó ghaisgidh ! ann d'óige do shleachtaigh
Go fonnmhar ag altóir do thír',
'Gus d-fhurthail dí beatha 'gus taisge,
'Gus croidhe teith, dlisteanach, fíor :
'S thríd bhliadhntaibh de bhruid 'gus de
bhuaidhreamh
Do chongbhaigh do mhóide gan bhréig —
Teith 'measg na n-iomad a d'fuaraigh,
'Gus fíor 'measg na n-uibhir do thréig.
4
Gan chongnamh i g-crúbaibh an tíoráin :
Ag cosnamh do bheatha a g-cuairt ;
A g-carcar fa mhasla neamh-dhaona,
No 'gcoigchríoch 'do dheoraidh i mbhuairt,
Gidh gur fheuch sé ní fheudfadh an tíorán
Do spiorad neamh-eaglach a chlaoidh',
Óir chongbhaigh tú bratach do thíre
A follamhuin go h-uaibhreach air ghaoith.
5
'S, Ó Dhiairmid! nar théid' tú 'na cille ;
Nar síntear go brách thú 'san uaimh,
Go bh-feicfidh tú ruath-bhrat na feille
Go h-íosal 'san t-Uaine i m-buaidh —
Tír aoibhinn do chroidhe 'gus do chléibhe,
A reubadh a slabhra mar laoch,
'Gus an Ghath-Gréine lasadh na spéire,
'Gus sgabadh dubh neultadh na daoirs'
6
D'a cheann sin, seo rath agus ádh ort,
Ó theann fhir, ro dhána, gan chlaoidh':
Seo gearr chúiteadh trom air an námhaid
'S deigh-chríochnúgh' air shiothar do bhídh;
Seo ar n-díl bhratach tógtha go céim'mhuil
Tar ruadh ghiobóg fuathmhar na Sacs',
'Gus bláth-fhleasg na buaidhe air Éirinn.
'S air Diarmuid ua Dúinniobháin Ros
McMh.
[Ámén — F. G.]
Vocabulary.
Pronunciation.
áireamh, counting, awiruv.
uaibhreach, proudly, ooivraugh.
táinte, herds, flocks, thawintheh.
gaisgidh, brave men, gaishkee.
uraim, esteem, ur-im.
cannta, chanted, kawuntha.
stáir, history, sthawir,
sleachtaigh, to scarify, slaughthi.
taisge, treasure, thaiska.
thréig, abandon, deny, thrayig.
coigchríoch, foreign, kuig-reeugh
follamhuin, waving, hfollwin.
feille, of deceit, hfelleh.
cúiteadh, requital. kooithe,
JOHN O'DWYER of the GLENS.
We publish this old popular Munster song by
request of T. J Madigan, Pittsburg, Pa. —
Air m' eirighidh dham air maidin
Grian an t-Samhradh ag taitneamh,
Chualadh an uaill d'a casadh
Agus ceol binn na n-eun ;
Broic a's míolta ag gearra,
Creabhar na ngoba fada,
Fuaim ag an mac alla,
A's lámhach gunnaidhe treun.
An sionnach ruadh air g-carraig,
Míle liú ag marcaigh,
A's bean go dúbhach 'san m-bealach
Ag áireamh a cuid géi;
Petries A. I. M
No 736.
