AN GAODHAL.
503
'Nois tá 'n choill d'a gearra,
Triallfamuid tar caladh,
'S a Sheághain Ui Dhuibhir an Ghleanna,
Tá tú gan réim.
Is é sin m' uaigneas fada,
Scath mo chluas d'a ghearra,
An ghaoth a d-tuaígh am' leatha
'San bás ins an spéir;
Mo ghadhairín suairc dh'a cheangal,
Gan cead lúth no aisdígheacht,
Do bhainfeadh gruaim de'n leanbh
A meádhon ghil an lae —
Croidhe na h-uaisle air an g-carraig,
Go ceathfrach, buacach, beannach,
Do thiocfadh suas air aithionn,
Go lá deireadh an t-saoighil;
'S dá bh-fághainn-se suaimhneas tamall
Ó dhaoine uaisle an bhaile,
Do thriallfainn féin air Ghaillibh,
'S d' fhágfainn an sgléip.
Táid fearainn ghleanna an t-srutha
Gan ceann ná teann ar luchdaibh,
A sráid na g-cuach ní h-óltar
A sláinte no a saoghal.
Mo loma luain gan fosgadh
Ó chluain go Stuaic naomh Colam,
'S gan gearrfhiadh air bhruach an rosa,
Air fán le an rea !
Creud í an ruaig seo air Ghallaibh,
Bualadh, buanadh, 's cartadh,
An smóilín binn 'san lan-dubh
Gan sár-ghuth air gheug;
'S gur mór an tuar chum cogadh,
Cléir go buaidheartha a's pobal,
D'a seoladh a g-cuantaibh loma,
Ann lár ghleanna an t-sléibh,
Is é mo chreach mhaidne
Nach bh-fuair me bás gan pheacadh,
Sul a bh-fuair mé scannaill
Fá mo chuid féin;
'Sa liadhacht lá breágh, fada
D-tig úbhladh chúmra air chrannaibh,
Duilleabhar air an dair,
Agus drúcht air an bh-feur.
'Nois táim-se ruaigthe óm' fhearann,
A n-uaigneas bh-fad óm' charaid,
Am' luidhe go duairc faoi sgartaibh,
'Sa g-cuasaibh an t-sléibh;
'S muna bh-fágh me suaimhneas feasda
Ó dhaoine uaisle an bhaile,
Tréigfidh mé mo shealbh,
Agus fágfaidh mé an saoghal.
CLANNA GAOIDHIL TAR SÁIL.
Air — There is no Luck about the House.
Ó! seinnigh suas liom abhrán binn
Do Chlanna Gaoidhil tar sáil,
Ó chúige Múmhan, ó chúige Laígh'n,
'S ó thíorthaibh Ínnse Fáil;
A's guídhmís ó n-ár g-croidhthibh teó,
Gur leó-san sláinte 's saoghal —
Gur seunmhar iad gach oidhch' a's ló,
Gan ghuais, gan bhrón, gan bhaoghal.
A Chlanna Gaoidhil, air fuaid an t-saoi¬
(ghil,
Ár nguidhe chum Rígh na n-dúl —
Gur mór bhur seun gan bhrón gan leun
Tar thaoide dhoimhin na srúl.
Tá fios againn gur mór bhur ngrádh
Do thír bhur n-dúthchais féin —
Do chiúmhais ár d-trágh', d'ár ngleanntaibh
(breágh',
'S d'ár g-cnuic cois bárr Loch Léin;
Ach fós gan ghó, tá grádh níos mó
Aguibh do chlainn na bh-Fiann —
Fíor-ghrádh gan feódh bheith choidhche beó,
'Sdo mhair le ceudthaibh bliadhan.
A chlanna Gaoidhil, air fuaid an t-saoi¬
(ghil.
Ár nguidhe chum Rígh na n-dúl —
Gur mear bhur g-croidhe, gan trom os¬
[nuidhe
Tar thaoide dhoimhin na srúl.
San tír úd saor, a bh-fad anún,
Gur fada buan bhur réim,
Gan chiach, gan chúmh', gan bhron, gan bhrún,
Gan cháimh is lúgh', gan bhéim;
A's nuair is sé, toil ghlórmhar Dé,
Go bh-fáigh' aon fhear díbh bás —
Ár nguidhe go léir, gur árd bheidh sé
I b-Páláis Rígh na nGrás.
The above respectfully addressed in the name
of the Irish people to the sea-devided Gael all the
world over, but especially to the New York and
Brooklyn Philo-Celts, by DANIEL LYNCH, Phil¬
ipstown, Dunleer, co. Louth, 23rd Nov. '85.
Vocabulary
