506
AN GAODHAL.
NACH h-AOIBHINN DA Na h-ÉINÍNIDHE
An t-Sean-bhean a Bogúghadh 'n Chliabháin, or,
The Old Woman Rocking the Cradle, would be an excellent air for this
song. Professor Lovern, who has kindly sent it, has not indicated the Air,
but in Hardiman's Minstrelsy there is a similar song to the air of “Under
The Green Wood." We hope all our subscribers will act as canvassers
in collecting all our unwritten songs : some of which, however, require re-
vision as time has considerably corrupted them both in verbiage and sen-
timent. Hence, uncouth and indelicate expressions will be eliminated.
It is meet that the advance made in scientific researches and inter-
communication for the last three centuries should be availed of by Irish-
men as well as by the other peoples of the world, and in the new order
of things which is about to obtain in Ireland these facts will be recogniz¬
ed. The incessant demand for the back copies of the GAEL clearly dem-
onstrates the drift of Irish public sentiment, and, if we do not err egregi-
ously, that sentimnet points to a purely Irish Nation in all its parts. Let
our Gaelic friends bring the Gael under the notice of their acquaintances.
see Clársach
na nGaedheal
an dar cuid
No
XIV.
Nach h-aoibhinn do na h-éinínidhe ag éirighidh go h-árd,
Is bhidheas a ceileabhar le na chéile air aon craoibhín amháin;
Ní shé sin domh-sa is do mo cheud mhíle grádh,
Is fada fánach ó na chéile bhidheas ar n-éirighe gach lá.
Mar éirigheas an ghealach no mar luidheas an ghrian,
'S mar éaluigheas an lán-mara ó na gleanntaibh seo shiar;
Thus-sa bheith 'san bh-Frainc agus mise bheith 'san Spáinn,
'S go n-éalóchainn in mo léine le Péarla 'n chúil bháin.
Is fada chaith mé ag guairdeal air thuairisg mná tighe,
Acht a tuairisg níor fhuair me a m-baile no a d-tír,
No go bh-facaigh me uaim í air thaobh cnoic 'na suidhe,
'S a gruaig 'na naoi n-dualtaibh d'a scuabadh le gaoith,
Is truaigh gan me mo chomhnuidhe s'an áit ar tógadh me 'riamh
Air bhruach na h-aibhne móire no air thórthain le na taoibh;
Gheabhinn cómhluadar aos óg ann, thógfeadh brón 's tuirse díom
'Sgo m-béidhinn bliadhain níos óige dá m-béidhinn pósda lem' mhian.
Go bh-fásaidh gleann-sgiatann as mo chliatáinn an shuas,
'S go n-éireóchainn an áirde 'measg éinínidhe an chuain;
No go síntear a g-cónra cláir me 's na táirnge an go cruaigh
Ní sgarfidh mo ghrádh féin uaim go m-béidh me ráithe 'san uaigh
Faoi bhruachtha na tonnaibh bátaidh go deirionnach a réir,
Seadh chonairc mé do scáile agus lonradh sé mé ;
Aon phóigín amháin mhilis agus í fhághail ó do bheul
'S go d-tóigfeach sé ó'n m-bás me, ach a rádh gur leat mé.
Dá m-beidhinn-se mo chléireach is maith a sgríobhfinn leabhairín,
Agus dheunfainn duit féarsidh dá m'fhéidir liom d'fhághail;
Nuair nach bh-fuil spré agam 's nach féidir liom d'fhádhail,
Is buan, buan, mo ghean féin dhuit agus beidh go lá 'n bhráith.
see above
p.500
Vide
Vol. VII
p.913.
ceileabhar, qoduetting, keluvar.
craoibhín, a little branch, kreeveen.
éaluigheas, does steal, ayleyes.
guairdeal, seeking, as a hen, goordhul
tuairisg, tidings. thooirisk.
dualtaibh, locks, tresses. dhoolthiv.
éireochainn. I would arise, eir-o-inn.
deirionach, late. dhirunugh.
sgarfidh, would part, sgarfi.
lonnradh, shining, lhunra.
tairnge, a nail, thar-neh.
féarsaidh, verses, farsee.
