512
AN GAODHAL.
Tenn. P J McCabe.
Utah. E F Delahunty (one of the fathers of
the Gael).
Wis Daniel O'Sheridan.
W Va Rev, Father Keleher
Ireland — Louth, J Durnin, per Mr Durnin La
Mayo, Rev Father Durcan, per Mr Crean, Pa.
There could be no readier way of carrying on
a monthly correspondence with friends in the Old
Country than by sending the Gael, it is merely the
price of postage,
Mr Taylor, who advertises on the cover of
the Gael, told us the other day that he got a cus¬
tomer from the extreme West through the adver¬
tisement.
CUR FÁ. NO CARANT
h-Éigh no an tighearna
'S na daoine bhí ann
Nách n-íocfadh a g-cíosa
Go d'fhágfadh é lom.
Nách n-íocfaidh tú mo chíos —
A ghreusaidh, a ghreusaidh?
"Má fhághaim an t-airgiod síos,
Ach muna bh-fághaim ní fheudaim."
Caithfead as an talamh tú
A bhodaigh air an móimint,
"Más éigin siúbhal nach bh-fanfaidh tú
Go gnidh mé péire bróga."
Nách n-íocfaidh tú mo chíos
Atháiliúir, a tháiliúuir?
"Ní 'neosad breug, ní íocfad
A mháighistir, a mháighstir."
Caithfead as do thalamh thú
A bhodaidh air an móimint.
"Más éigin siúbhal nách bh-fanfaidh tú,
Go leasaidh mé mo chóta?"
Nách n-íocfaidh tú mo chíos
A ghobha dom, a ghobha?
Atá mé deunadh píce
A's ná bí 'g am' bhodh'radh."
Caithfead os do thálamh thú
A bhodaidh air an móimhint.
Is foigse dhuit-se glacfaidh mé
'S mo phíce liom) mo lóistín."
Nách n-íocfaidh tú mo chíos
A mhic na dealbhadóra?
"Ní shé mise chuir an líon
Is mé do gnigeas rótha."
Cáithfead os do thálamh thú
A bhodaidh air an móimint.
"Is olc a bhéidh tú deunadh
Dhuit féin agus dod' chómharsain."
Nách n-íocfaidh sibh mo chíos-sa
Sibh-se a sgológa?
"Go d-tugaidh Dia ciall duit
Ní'l píghinn air bhullógaibh."
Caithfead ar bhur d-talamh sibh
Gach ceann aguibh 'sa móimint.
"'S dúiseochaidh tú a's geabhfaidh tú
Gan dobhat do theach-sa dóighthe."
Nách b-fuighfead uaibh mo chíos-sa
Sibh-se a fheilmeiridhe?
"Ach caithfidh tú a ísliúghadh,
'S ró throm agus ró mhór é."
Caithfead ar bhur d-talamh sibh
Gach ceann aguibh sa móimint!
Ach cia an áit a g-codlóchaidh tú
'S do theach-sa féin fút dóighte!"
Chruinnigh siad le chéile
Nuair a bhí sé imthighthe.
Bhí gleodhach agus béiceadh
A's caint ag h-uile dhuine.
'S budh é an cheud-cheist a bhí acu
S gach ceann acu ag fiafruighe,
"Cia mhéid a bh-fuil an gobha
Ag iarraidh air phíceannaibh.
Chuaidh ceann acu amach
Ag iarruigh an ghobha,
A's nuair thainic sé asteach
Do thosuigh ag labhairt.
"Má bh-fágh sibh féin na cosa
Bheurfaidh mise an t-iarrann
Cho saor agus is féidis liom,
Air choróin agus sé píghnibh,
Cróin agus sé píghnidhe!
A's sílim féin gur saor é,
Is Swedish é an t-iarrann,
A's feicfidh sibh nách daor é,
Tá cúig cinn réidh liom deunta,
'S má bh-fágh sibh féin na cosa
Cuirfidh mé le chélie iad,
A's cuirfead faobhar ortha."
Is mar sin do sgaoileadh iad
A's fuaradar na píceanna,
Bhí eagla air an d-tíghearna,
A's d'fhág iad mar bhiadar.
An Chroibhín Aoibhinn, in THE TUAM NEWS
