AN GAODHAL.
515
Air bhárr na Laoi.
Tá cáil gan eugadh
Air chlog na Gréige,
A g-Cill Naom Sóphi
Bídheann Turcach deun
Air thuir 's air bheanna
'S le glóraibh teanna
Aig fuagairt urnaighe
D'a phobul féin.
Ní thnúithim leo sin —
Bídheadh aca an gleo sin,
Óir tá ceol níos ansa
Liom féin a g-croidhe:
Is fíor nár chualas
Aon chlog a bhuaileas
Mar chloga Sheandúin
Air bhárr na Laoi.
Of the River Lee.
There’s a bell in Moscow
While on tower and kiosk O!
In Saint Sophia
The Turkman gets,
And loud in air
Calls men to prayer
From the tapering summit
Of tall minarets.
Such empty phantom
I freely grant them:
But there is an anthem
More dear to me —
'Tis the bells of Shandon
That sound so grand on
The pleasant water
Of the River Lee
CAISLEÁN Ui NÉILL.
We are indebted to Mr. J.J Lyons for this song.
A mhuirín 'gus a annsacht a d-tús an t-
Samhraidh, dá n-eulóchthá liom,
Amach síos fá na gleanntaibh no go n-
deunamuid cómhrádh caoin;
Ní ba, caoiridh no gabhna, shantóchainn
leat mar spré,
Ach mo lámh faoi do cheann, 'gus cead
cainte go m-buailidh an dó-dheug.
Ceud slán do 'n oidhche réir, 'sé mo leun
gan mé anocht in a tús,
Do 'n m-buachaill breágh spéireamhuil
bhreugadh mé seal air a ghlún;
Acht mar bhí mé gan chéill gur leig mé
leat-sa mo rún,
Acht ceud faraor geur is lucht breuga
'chuir eidir mé 's tú.
Dá bh-feictheá mo stóirín, 's í a n-eudan
a siopa i m-baile Áthluain,
Bhí dealra ó 'n gréin a lonnradh ro-dheas
in a gruaidh,
'Sé a samhuil d'a béim dheas a mheasaim
féin, 's go leagan a súl,
'Ná fíoruisce 'n t-sléibhe bhídheas aig eul¬
ughadh air maidin lae ciuin.
Tá long air an g-ciadh agus bheurfaidh sí
mise do 'n Spáinn,
Agus má phillim go h-eug beurfaídh mé
féirín abhla aig mo ghrádh;
Ní binn liom ceol clársaigh dul na sráid¬
e, no ceileabhar na n-eun,
Ó d'eulaidh mo ghrádh uaim thar sáile go
Caisleán Ui Néill.
Aig geataidhe 'n tighe mhóir cómhnuigheann
'gus codluigheann mo ghrádh.
A samhuil ní fhághaim beo ach an reult
eoluis úd tháll;
Budh bhinne liom guth a béilín 'ná na h-
éinínidh eirigheas go h-árd;
Tabhair mo bheannacht 's chúig cheud uaim
mar fhéirín aig Neligh 'n chúil bháin.
a bhaile
23
air — Petrie's A.I.M.
No 1573.
CITI NA n-ÚBHALL.
A popular Munster love song, from the dictation
of Mr. Patrick Cahill.
Mo chreach 's mo dhíth is claoidhte an ga¬
lar an grádh,
Is mairg go m-bídheann air sé mhí no
seachtmhain no lá;
'S gur bhris sé mo chroidhe 'nam 's gur
chnaoidh sé 'n usna am' lár,
A macnamh san oidhche air an-mnaoi úd
ná d-tuigearn mo chás.
Mo chreach 's mo chás nár chain sé sneacht
agus sioc,
Agus mise 's mo ghrádh geal bheith lár na
fairge 'muigh;
Gan cuite gan bád gan áras againn,
gan bheith,
Ach ise 'san t-snámh agus mo lámh dheas
