AN GAODHAL.
517
BAILE Uí LÍGHE.
(Air — The Bells of Shandon.)
Ag teacht ó 'n aifrionn dom lé toil na ngrása
Bhí an lá mór báistidhe 'gus d' árduigh gaoith ;
Casamh an ainfhir dam le taobh Chilltártan,
Agus thuit mé an lá sin a ngrádh le mnaoi.
Labhair me léithe go múinte, mánla,
'Sa réir a cáilidheacht do fhreagair sí;
Sé dubhairt sí, "A Rafterigh, tá m' inntinn sástadh,
'Gus gluais go ló liom go Baile Ui Líghe."
Le leisg an tairgsin leigan air cháirde,
Tráth chualas trácht air do gheit mo chroidhe;
Ní rabh le dhul againn ach treasna páirce,
'Gus thugamar lá linn go tóin an tíghe.
Bhí solas lastadh rómhainn ann, glainidhe 's cártadh,
'Gus cúilín fáineach le m' ais 'na suidheadh;
Sé dubhairt sí, "A Rafterigh, bí 'g ól, 's ceud fáilte,
Tá 'n soileur láidir a m-Baile Ui Líghe."
Shiúbhal mé Sasanaigh is go leor de Éire,
An Spáinn, an Ghréig agus a bhaile 'rís ;
Ó bhruach Loch Éirne go Beul-Áth-Shamhna,
'S ní fhacas féirín air bith mar shí.
Le na cúilín fighte 'gus a mailighe claona,
A h-aghaidh d'a réir sin 's a beul deas faoi;
Ach ó mhná na h-Éireann do thug sí an sway leí,
Sí an "posy" glégeal tá a m-Baile Ui Líghe
A reult' an eoluis 'sa ghréin an Fhóghmhair,
A chúilín bán, deas, 'sa stóir mo chroidhe,
Dá d-tiocthá liomsa, 'nois 'teacht an Dómhnuigh
Ag deunadh cómhairle 'gus muid 'nar suidheadh,
Bheurfainn ceol duit gach aon tránóna,
Punch air bórd, agus dá n-ólthá, fíon;
Ach, a Righ na glóire, go d-tiormuigh an bóthar
Nó go bh-fagh mé 'n t-eolas go Baile Ui Líghe.
Tá Mary Hynes ann, an stáid-bhean bheusach,
Is deise méinn, agus is áille gnaoidh;
A gruaidh thré lasadh 'gus a mailighe caol-dubh,
A cum d'a réir sin, 'sa béilín mín.
Míle cléireach is a g-cur le chéile,
Trian a tréighthighe ní chuireochadh síos;
Ach siúd í 'n féirín aig fear le breugadh,
An planda sgiamhach tá i m-Baile Ui Líghe.
Nach aoibhinn, aerach do'n té gheabhadh le breugadh
An ponaire glégeal tá i m-Baile Ui Líghe;
Ag siúbhal chois coilltibh baint cnumh 'gus smeuradh,
'Measg guth na n-eun ann mar cheolta síghe. —
Cia 'n bhrígh 'n méid sin go bh-fuightheá leurgas
Air bhláth na g-craobh is í le d'ais 'na suidheadh;
'S dá m-béidhinn mo rígh no mo Julius Caesar
Go n-deunfainn céile dí air bheagán maoin. —
Críoch.
coillte Bhlarnan. ?
bun
an chraobh ?
deoch
Maire ní
aighin
air Petrie's AIM
No 1542 ?
Rathbheartaidhe
