AN GAODHAL.
561
Though the following poem has already appeared
in print it is in such demand that we consider it
desirable to reproduce it. Mr. James Tobin, of
Westport, Jackson co. Mo. sends it through the
Rev. Father Fitzgerald, St Peter's, this city, who
states that he is an excellent Gaelic scholar and
the author of several pieces in his native language.
We would be highly pleased to hear from Mr.
Tobin. The manuscript was transcribed in the co.
Waterford, where Donchadh Ruadh taught school
EACHTRA GHIOLLA AN AMALLÁIN.
Do thuit amach air Dhonnchadh Mhac Chon-mara, míle seacht g-ceud agus chúig
bhliadhna 's daithchiod, an ceathramhadh lá deug de mhí na Bealltaine.
Do riarfainn sgeól dom chómharsa air aonrad,
A mbriathraibh beóil dob' eól do cheudtha,
Air Bhrian Bhóirmhe air shlógh na Féinne,
'S air chliar Mac Lóbuis Mhóir a's Mhaonuis.
Níor chóra dham teacht tar ghreas dá saothar,
Ná air an nuadhacht do bhuain dam deasga 'n tsaoghail
Do bhrígh go rabhas-sa gann fá gréithribh,
'S gur fríth go fannlag dream na h-Éireann.
Gan chíos gan chabhair acht spionns as bréige
Dá g-cíorbhadh ag clanna Gall is tréine,
Ag múnadh sgoile dob' obair dom laethibh,
'S bo rún don phobul go m'fholamh an chéird sin,
'N uair thugádh mo chómharsain cóir a's gleus dam,
Cuideachta spóirt ó neóin go chéile,
Níor chruinnigh mé ór nó stór air aon chor,
Acht an sgilling do gheabainn d'ól go h-éasga.
An san oidhche am luighe 's mé am aonar,
Bhídheas ag smuaineamh air ghníomhartha an t-saoghail,
Air chaitheamh mo bheatha gan anrag gan eudach,
'S gur mhór go m'fhearradh bheith tamal mar mhaol beag,
A g-cómhar na g-capall nó ag cartadh na cré seal,
Nó ag ól bainne a d-tigh Mhaoilsheachlainn Ui Mhaonadh.
Nó óigbhean chailce do ghlaca mar chéile,
Nó fós dá rachainn as talamh na h-Éireann
'S go m' eól dam sealad do caitheamh am chléireach,
S go rachfainn fá sheól le feoithne air séideadh,
Go Sagsanadh Nuadh más dóith go m'fhéidir.
Air theacht na maidne do phreabas go h-eudtrom,
As mo leabuigh le taithneamh an sgéil sin;
Beirim air mo bhata 's ní stadfainn air aon chor.
Bhí feirc ann mo hata 'san bh-faisean a's faobhar air
Do righneadh dham jackets beag gearradh le sméideadh
As léintreacha breaca go barra mo mheurra.
Do chuireas slán rem' cháirde a n-éinfeacht,
'S le cuid níor fhágbhus slán le foiréagan.
Dá g-casfadh dham ártach d'fhághail a n-Éirinn,
Do rachfainn tar sáile a n-áit nár bhaoghal dam,
Bíodh fhios ag an talamh 's ag maithibh geal' Paorach',
A liacht beathadh mion-earra a's gréithreadh
Thug an pobul a bh-fochair a chéile,
Chun mo chothuithe a g-cogadh nó a spéirlinn,
Stór na caillfeadh suim do laethibh,
'S córa doimhinn 'na d-tollfainn féin ann.
Publ. by Sealy.
Bryecs + Waker
Dublin
earradh
