562
AN GAODHAL.
Do bhí seacht bh-fichthid ubh circe 'san anlan éisg ann,
Le h-aghaidh a n-ithe chómh minic 's budh mhéinn liom;
Cróca ime do dingeadh le faothar,
'S spólla soille bu thruime do'n méithmhart,
Bhí seacht g-clocha min choirce glan créithre ann,
'S dríodar chroidhte na loisde re chéile;
Bhí lán barraille do b' fhearradh bhí 'n-Éirinn
Do photátaidhe leathanna air eagla geurbhruid.
Do thugus caig leanna ann do lasfaidh le sméideadh
'S do chuirfeadh na mairbh 'na m-beatha dá m'fhéidir.
Leaba a's clúda a g-ciúmhais a chéile,
Ceangailte air dhrom mo thronc le teuda;
Bhí bróga astig ann, Wig a's béabher,
A's stór mar sim anois ná déarfad.
Go Portláige de 'n stáir sin téidhimse,
Chomh foránta le Conán na Feinne;
ghlacas mo lóisdín, bord bídh a's féasda,
Farrais an ógmhnaoi bu chóraidhe bhí 'n Éirinn.
Do bhí sí fáinneac, fáilteach, feusdach,
Bo chiúin, tais náireach an Drawer le glaodhach í,
Gach sórt dá d-tagadh a blaiseadh ní sheunfadh,
D' inneosadh eachtra stártha a's sgeulta;
Ní ghlacfadh sí faladh no fearg go h-eug leat
An fhaid bhraithfeadh sí airgiod agad gan traochadh,
Do bhí sí cumhradh air áit 'san t-saoghal di,
Ó imeall a sál go bárr a céibhe,
'S a g-cúrsa mná ní thráchtain féin air,
Acht cúis mo gháire, fáth mo sméide,
Do rin sí mo chlú dá m' fhiú mo shaothar,
'S do chuireadh sí am chúl-sa púdar glégeal.
Bhíoch deoch air maidin 's mé am leabigh dá ghleus dam,
O bhonn go bathas sí bhearradh go léir mé,
Bo mhór m' iongantas a soineandacht féile,
'S feabhas a buime chun pingine d' eiliomh.
Ní maithfeadh a máthair cáirt no braon dam,
Do chaithfeadh an táibhle d' fhághail gan phléidh uaim,
D'fhanas 'na bh-feidhil sin suim do laethibh,
Ag faire air luing do rághadh as Éirinn.
Bhí Caiptín Alen, fear meanmeach aorach,
Ag teacht fá 'n m-baile 's níor fada gur réigheas leis,
Gleusaim orm go h-obann re féirsge,
Mé féin 's mo chosdus air sodar a n-éinfeacht.
Do chuadhas do 'n phusáisde air Ghearrán Curraoire
'S ualach Sgadán dom' mheádhachan air thaobh de,
Do chuaidh mo chófra air bórd go h-eusga,
'S uaisle an phoirt ag ól gan traochadh.
Fiafraid go h-abaidh an labharaim Béarla,
's d'fhiadas a bh-freagairt a Laidin air éigin,
Níor bh-fuláir dom m'ainm do thabhairt do'n chléireach,
'S Mac Chon-mara chuir treasna 'san Day Book
Dob' éigin mo chófra sheoladh air thaobh díom,
'S mé ag deunamh ceóil as spóirth 'san State Room.
a cláir go lár
a cléibhe
