AN GAODHAL
563
Sgaoiltear seólta air neóin do Pheobus,
Do bhí aeolus leó a's Téitis,
Sgeinnid amach do phreab 'san treunmhuir
A's druidid a bh-fad as teas ne gréine.
Níor b' fhada gur ghoill air an g-cloinn sin Mhaonuis
An fhairge dhoimhin a's radharch na spéire;
Bhí beatha gan roinn aige Tadhg O'Laoghaire,
'S ní bhlaiseadh sé greidhm le treighid ná braon di.
Bhí Caoilte Ó Caoimh ag caoineadh a chéile,
'S ní bh-fuigheadh sé a bhrísde sgaoileadh air aon chor,
Bhí Peadar Ó Dúbhda a g-cúinne an' aonar
A's é ag úirliocan air shúsa Féidhlim;
Bhí Cairbre 's Tiobóid 's Gearóid air saothar
Ag tairrint mo phlucóid a n-onóir na sgléipe;
Bhí buachaill Ui Leathlobhair ag altúghadh a mhéile,
'S cé bhuailfeadh an leathshúil é acht Calbhach le sgeírde.
Bhí Gearalt Ó' Dobhair a's Flann ag taosgadh,
Cathal a's Conn a ngabhail a chéile.
Bhí Seághan Ó Troighthe 'san ribe dá thraochadh,
'S dhá cheann a ghoile aig chur air an éinfeacht.
Do bhí sliocht Mhic Amhlaoibh a d-teannta gheár' ann,
Ag aisiog 's ag brúchtail air shúsaidhibh a chéile;
Gur dhearbhaig Diarmuid shiar a's faobhar air
Ná mairfeadh a d-trian dá d-triall ó Éirinn.
Sin mar a chaitheadar tamall go taomhnach,
Tuirseach, fadtuirseac, treasgartadh, traochda,
Agus bhíoch air m'fhalluinn nár thaise dhom féin é,
Sínte tarsna chomh h-aindheis le h-éineach.
D' fhanas am mhart gan preab gan glaodh ionnam,
Mo chreach fhada níor mhagadh bu mheinn liom;
Budh mé an cleas margadh nó an lasdrom aonaig,
Acht bacan an náire trácht air éigceart,
Aisíoc mo shláinte go n-deárna mé air fad:
Budh mhinic mé ag iarruigh air Dhia dá m'fhéidir,
Stuirm d'ár bh-fiaradh an iar go h-Éirin,
Do b'fheárr liom 'ná bh-facas do mhaitheas an t-saoghil,
'S a fhághail gidh fairsing i rabh a d-taisge 'g Cróesus
Ná 'n lomar órdha thóg Mac Aeson,
'S ná sochar na scótac a's Mhóir Dháil-riada,
Nó dá bh-fuighinn 'san imirt an fhinne bhean Déirdre,
Lé'r cailleadh clann chumasach Uisnigh na d-tréineach,
Nó ar dhearmad Seághan 'na chófra do dhaor-stuif,
'Sh é ag teitheamh ó na námhaid go h-Eochaill air éigin
A ndeirim do thabharfainn mar mhalairt le buidh'chus
Air bheith 'san m-baile nó a g-calaithphort éigin;
Air bheith 'san m-bharúntacht am neartúgh' 'dir Ghaodhlibh
Ag reic mo cheathramhan 's ag smachtúgh' mo threudadh
Nó an aice an t-sagairt thugas teagasg go séimh dam
'S blaiseadh na leanna go fairsing gan éiliomh,
Nó a m-baile Sheoirse ag g-cómhair an t-séimh-fhir,
Risteárd Bán, do bh-feárr do Phaorchaibh.
(To be concluded in the next)
