574
AN GAODHAL.
THE EXILE OF ERIN:
Translated for The Gael by WILLIAM RUSSELL.
Air — "An Cnoicín Fraoigh."
Do thainic chum na taoide deoraidhe bocht o Éirinn,
An síon a leabhair éide do léir-fhliuch san d-traith:
Do chaoin sé a thír san oidhche 'sé ag teirniomh,
An aonar chois taobh-chnuic na sgéirde go tláith.
Do bhreathain-sé le súile bo cúmhach air an realt mhoch,
A d'éirigh suas os chionn ínnse duthchais a ghaolta,
Mar seal is é go súgach a d-túis ghil a laethe,
Do chanadh-sé duain aorach na h-Éireann go brách.
Is dúbhach é mo chás, air an fánaidhe croidhe-cheusda,
An fiadh 'gus an faol-chú is léir go bh-faighid sgáith;
Ach domhsa ní'l dídhean o easpaidhe 'ná o bhaoghalaibh;
Aon áras 'ná crioch-athar ní'l dom le fághail :
O! choidhche airís a bh-fiodh na nglas chraobha,
Mar a m-bidheadh mo shínsior ní síoch bheidh mo rae-si,
'S ní chuirfiod blátha luíbheann air mo chaoin-chruit d'á
[gleusadh
'S ní shínfiod a teuda air Éirinn go brách.
A Éire mo dhúthaigh! cé dúbhac tú 'gus tréigthe,
A d-taíbhribh seadh theidhim-se ag feuchinn do thragha;
Ach is mairg liom nuair mhúsglaim thar triúchaibh a g-
céin uait,
Ná casfar liom na gaolta is leir dhom go brách:
A dhain mo mhíodháirde an bh-fághad uait taréis seo
Aiteas síothchánta, gan gnaith ghuais dom cheusadh?
Go deogh, deogh mo bhráithre ní fháisgiod am gheugaibh!
'Nois éighbhid am dhéigh-se no d' eug dom thártháíl.
Cá'il anois mo chúirtin bo dluith leis an g-coill ghlais?
A athair 'sa shiúra nách cúmha libh í 'r lár?
An mháthair a thug páirt agus grádh dhom a naoidhean¬
[tacht,
'S cá bh-fuil an bráthair-croidhe 's dílse ná cách?
A anmain mo chléibh, atá tréigthe ag suaircios,
Cad fáth 'r chuiris spéis a ngréithribh gan buantas?
Sileadh díle deóra gan staonadh le m' ghruadhnaibh,
Ach áille 'gus pléisiúr ni ghlaodhfaid dom dháil.
Ach fós gach so-chuimhne am chroidhe-se dhom thréigion,
Iarann deoraidhe bocht an ghuidhe seo roimh bás:
A Éire, mo shíor-bheannacht choídhche dhod chaomhna,
A áitriomh mo shínsir, a Éire go brách,
Marbh & fuar annsa n-uagh 'nuair bheidhead traochta,
Gura glas do mhuídheanna, a ríoghan na h-áidhbhéise,
'Gus éigse grínn do chaoin chrot a síghe-chana dreacht-
A Éire, mo mhúirnín, díl Éire go brách.
NOTE. — I have not translated either the cabin or its door which fi¬
gure in the English version of the foregoing song, because they
involve errors which appear to me not to have proceeded from the
pen of the author: I think the word “door" should be dear.
W. R.
