AN GAODHAL.
575
EACHTRA GHIOLLA AN AMALLÁIN,
(Continued.)
Nó ann san g-Creatlaigh a g-cleachtadh mo ghaoltadh
Nó an Luimneach for Soininn na g-caolbharc,
Nó an Sliabh geal g-Cua rug bhuadh na féile,
Ag riar lucht duanta druadh a's cléire;
Nó a bh-fochair Uilliam uí Mhóráin, fonn-árd léigh'nta
Do dheunfadh sean dán os cionn cláir m' euga.
Ceud nídh farrais nach d-tagan am bheulsa,
Béas do cleachtan lucht fadtuirse a ngéibhean.
Eisdidh tamall go n-aithrisim sgeul díbh,
A's tar éis na sparainne geallaim nach breug sin,
Air lár mo smaointe a's m' inntinn traochda,
Do tháinig an t-síthbhean mhíonladh, mhaorgadh,
Bhí a cuacha sgaoilte síos go feur léi,
A's a gruadh mar chaor ag suigheamh a sgéimhe,
Air fhíghair a pearsan d' aithin air éigin,
Aoibhinn, Cleasach na Carraige léithe.
Do chuir sí láimh air chlár lag m' eudan
A's do thóg sí in áirde as m' áras féin mé ;
Do tharraing an fhaidhbhean mhánla léi mé,
Gur stadag linn laimh le báinsig réidhtig.
D' amharcas uaim a ngluaiseadh gaoth as —
Sgeach air a bhruach leas t-suas a's fraoch glas.
Do mhachnadh mé an cás go h-árdhacht eudmhar,
Cia an tacharán fághain ionar bh'aill léi mé chur,
Do thug sí go h-aibidh orm freagradh a n-éiric —
"Ná cuireadh beart air bith fearg ná fraoch ort,
"Ná déin iongantas do neithibh an t-saoghail ;
"Ná tréig mise go bh-filir, 's ní baoghal duit,
"Radharc ná fuair fir Thuath Mhumhain le chéile,
"Do gheabhair sé uaim é a's luach do shaothair."
Do ghluaiseas léi go eudtrom, éasga,
'San uaimh sin síos air shoillse laé ghil;
Go bh-feucamuir uainn ann cuanta 's geurmhair,
As Acheron fuar ag gluaiseacht taobh linn.
So an tanac 'na n-gabhaid an drong noch d'éagan
Gach anam easumhal a n-geall do dhaorthar,
Na mílte ceann do bhí ann go daorach,
Nach bh-fuigheadh dul anúnn tar abhainn don chéim sin,
Ní h-ionann mar do thuitean le Virgil 'san AEneid,
Gur le h-uireasbadh a g-cortha air an saoghal so.
Acht sluaighte chaithean le rabuirne a saothar,
Ag ól 's a carbus go bh-fainid gan aonrad,
Gan Cabhacuin aco na'n leithphíghin dhéanach,
Le tabhairt don chalaith muna bh-facadh mar dhéirc í,
Is é a chluinim dá rádh ag locht ráidhte 's léighin,
Gur b'é duine bhí a m-bád ann Cáron meírsgeach.
A dirim-se leo gur dóibh is bréag sin,
Acht cleichire mór de phór na h-Éireann.
Do chídhmís an seanbhád dá tiomáin go saothrach,
Ag an díthreabhach golánta, Conán na Féinne.
an dara Roinn
