576
AN GAODHAL.
Bhí croiceann dubh-fhoísge air a thóin mar eudach,
A's níor bheag liom go deó air mar chomhartha an
méid sin.
Ní thabharfadh Sagsanach tarsna gan reul gheal,
A's ní labharfadh dada leó ach Laidónn no Gaoidhilg,
An uair chonairc sé Aoibhinn binn a's mé aice,
Do chrith a mhaoil a's bo sgióchmhar a fheachain,
A dubhairt mar tharbh go feargach, fraochda,
"A chrúsda mhallaighthe 'sa sheana chailleach mheírgreach,
Is dana thugair-se duine a gcruth dhaonda,
An áit nach d-tigeann aon sgiolla de chré air bith,
A's dá m'fhiú liom mursantacht cumuis do dheunamh,
Do rúsgainn tusa 's do ghiolla mar aon leat.
Fóill a churadh ar an mhiochardha mhaordha,
Tóg do chuthach 's glach iomarca réidhtig,
Duine gan bhuairt do fuair mé a n-geurbruid.
De 'n Chinne mhór a's dh'uaislibh Éireann.
Do rugan macámh air bárr mo mheuraibh,
A's do rin sé gáir, ós árd a's béiceach,
Le fuaim a gotha do chritheadh na speurtha,
Do chualadh an chruinne é 's chuir ifrionn géim as.
Tigheam tar sróthán san gcuracán caolghuibh,
Is déineam aith-geárr go cnocán beag aorach,
Go rángamair anaidhe 'na raibh geataigh gan aon ghlas,
An áit 'na raibh maistín ag glamhghail gan traochadh,
Ní breágh do Virgil a deir iona bhearsa,
Gur ab é so Cerberus do theibhe an réidhteach.
'Na chodla bhí ar cheart lár an chosáin 's gan féi an,
Acht soparnach piseain 's é ag sronán 's ag séideadh,
Do rug an fear fóirnirt de phóir shliocht Éirinn,
Go dubh air a sgornaig le fórsa a gheuga.
Níor léig don mhadra feacadh ná staonadh,
Gur ritheamar thairis faoi eagla ár ndaoithin,
Níor fanadh linn go barra cnuic de'n réímh sin,
Mar ar stadamair ag machtnamh 's ag feuchain,
Gur amharcas uaim an sluagh air gach taobh díom,
Ag tarraing má g-cuaird 's ag ruagadh a chéile,
A dubhairt liom suighe go n-innseadh sgeul dam,
Cúntas díreach buidhinne 's beusa.
Feuchsa thall uait clann Ghadélus,
Agus banntacht mhodhamhuil na h-Éireann.
Feuch mar a leanid an aicme 'na d-treunruith,
Ag buainphriach as an talamh dá g-carta 's dá g-caocha
An bh-feicir an raide tá 'dir fhir Phersia 's Fénias,
A's Tuatha de Danánn ag sgreadadh 's ag sgreuchamh,
An bh-fheicir-se Donn a's é lán go faobhrach?
Ag teilgean ceann a ngabhail a chéile,
An bh-feicir fir ghroidhe na Traoi 's Gréige,
Hector 's a chloidheamh ag maoidheamh a laochuis,
An seanduine Anchises crom le laethibh,
A mhac le na thaobh a's a shínsear eucthach.
An bh-feicir an obair úd ag Romalus 's ag Remus?
(To be concluded in the next)
