AN GAODHAL
585
SGEUL AN FHIR-FEASA ÁDH'MHUIL.
Some of our readers complain from time to time,
that we do not give some Gaelic prose in the Gael,
we are pleased that Mr. Crean has now given us
an opportunity to place a very interesting story
before our readers. On account of being short of a's
we have saved it wherever we could do so without
any very gross error in Gaelic orthography, and
we hope the learned conductors of the Gaelic Jour¬
nal, or at least its reviewer, will “hold hands off"
in its regard, excepting the subjunctive mood of
verbs which we have printed as the language is
spoken. For that we make no apology, and will
acknowledge custom rather than critical rules.
Bhí a n-am amháin, a g-Cúig-Uladh na
h-Éireann, fear nach rabh aige ach aon bhó
amháin, & le olcas na h-aimsire b'éigin
do an bhó seo a dhíol no go n-deunóchadh
sé suas an cíos dhon tighearna. Thug sé
leis an bhó an aonaigh, agus dhíol sé í air
chúig phunt. Chuaidh sé 'steach go tigh an
ósda no go n-ólóchadh sé braon biotáile.
'N-dhiaigh a sháith a ól go croidheamhuil, do
thuit sé 'na chodladh & air a dhúiseacht dhó
ní fhuair sé pighinn eige fhéin nach rabh
goidthe uaidh. Ní rabh fios aig Peadar
(budh é seo ainm) cia rud a dheunóchadh
sé, mar is sé g-cómhnuidhe an cás, 'nuair
a thainic fear an tabhairne nach rabh aon
airgiod aige, chaith sé 'mach air a t-sráid
é. Bhí 'n oidhche an dorcha & b'éigin do'n
fhear bocht lóisdín a thógbháil i sean
teach nach rabh aon chómhnuidhe ann i g-
ceann a' bhaile. Ní rabh sé bh-fad in seo
no gur mhothuigh sé triúr fear deunadh
poll aig cois an dorais & a cuir rud a
ciant ann. Air an márach shiúbhal Pead¬
ar chum an bhaile, & chluin sé gur goid¬
eadh go leor do pheurlaibh luachmhaire as
teach seodóra, & gur rabh chúig phunt
tairgthe mar dhualgas go dhuine air bith
a ghabhóch' na gaduighthe. Budh sheo nuadh¬
acht mhaith do Pheadar; chuaidh sé in a t-
siopa a's gheall sé, nach shé amháin go d-
tiubharóch' sé na h-earuidhe air fághail,
ach dá bh-fuigheoch' sé seisear fear mhaith¬
e, láidire go ngabhóch' sé na gaduighthe.
Fuair sé sin, & ins an oidhche chuaidh sé
fhéin a's a chuid fear don áit seo, agus
ní rabhadar ann a bh-fad no go d-tainic
an triúr fear eile a tabhairt na n-ear¬
aidhidh leobhtha. Ghabh Peadar & a chuid
fear iad, & thugadar leobhtha in a bhaile
mar phríosúnaidhe iad. Fuair Peadar an
dualgas, & do chuaidh sé bhaile in a thigh
féin sásta go leor.
Chuaidh cáil Pheadair mar fhear feasa
i bh-fad agus i n-geárr, no gur mhothuigh
duine uasal as Condae Dhoire é. Thai¬
nic sé in a thigh aig Peadar agus d'innis
dhó go rabh go leor earraidhe luachmhaire
aig imtheacht uaidh, agus dá bh-fághóch' sé
'mach iad go bh-fuigheoch' sé íocuigheacht
mhaith. Ní rabh fios aig Peadar cia do
dheunóch' sé, ach mheas sé dinnéar maith
fhághail air chum' air bith. Dubhairt sé
leis an duine uasal go n-deunóch' sé a
dhíthchioll, ach go gcaitheoch' sé úsáide
seomra fhághail dhó féin air feadh trí h-
uaire, a dhinnéar agus trí cárta leann¬
a. Thug an fear uasal an méid sin dhó.
Ach in uair a mhothuigh na searbhfhoghanta
go rabh fear-feasa 'sa teach bhí siad sú¬
taidhe buadhartha.
Cuireadh Peadar 'steach in a sheomr¬
a breágh, aoibhinn in áit ar chuireadh cárt
do 'n leann chuige leis an fheadhmán¬
ach, no 'n buitléaruidhe, "Seo ceann ac¬
a," arsa Peadar, ( s. s., ceann de na
cárta). 'Nuair mhothuigh an buitléar¬
uidhe é seo d' imthigh sé agus d' innis sé
d'a mhnaoi go rabh fios air a churtha. "A
amadáin," a deir sí, "an faitchíos atá
ort? rachfaidh mise leis an g-ceann eile
chuige." Ann sin thug sí chuige an cárt
eile, agus in uair i d' fhosgail sí an do¬
ras dúbhairt Peadar, "Seo péire aca."
Bhí sise cho h-uabhásach agus bhí a fear,
"Agus cia rud i dheunfamuid," ar sí,
"crochthuighear a leig sinn." — oir budh
coir chrochta gaduigheacht 'san am sin.
"Cuirfidhmuid an buachaill stábla chuige
agus má aithinighean sé eisean, bheurfa¬
muid duais mhaith dhó ach gan labhairt."
Chuaidh an buitléir chuig Uilliam agus
d'innis dhó 'n sgeul ó thús go deireadh.
Faoi cheann an treas uair thug Uilliam
an cárt eile chuige, agus dúbhairt Pea¬
dar, "Seo é an treas agus an ceann
deire aca." D' iompuigh an buachaill
stábla dath, agus dúbhairt sé le Peadar
dá m-beidheadh sé gan labhairt go d-tiúr¬
óch' sé na h-earraidhe dhó, agus suim air¬
gid 'na g-ceann. Do ghlaoidh an fear
uasal in sin air aig fiafrugh' dhe cia 'n
chaoi 'r éirigh leis. Dúbhairt Peadar go
bh-fhuigheoch' sé na h-earraidhe, ach go rabh
