AN GAODHAL.
587
EACHTRA GHIOLLA 'N AMALLÁIN [Leantadh]
Ag cur clocha nirt mar chosnamh cine Réimidh?
An g-cluinfir-se an glór so aige slógh na Féinne,
Ag seinnimh a g-ceoil, ag spóirt 's ag pléireacht?
Atá Horas ann ag mealladh suilt MacÉnas,
A's dá ghearradh sin gan lagadh air bith le géire.
Óbhid 'na shuighe air beinnse féir ghluis,
Nóta 'ge dá sgríobh go foigheach chun Caesar;
Iubhenal 'sa pheann idir a mheuraibh,
Domblus mar dhubh aige a's géirnimh.
Aodh Buidhe mac Cruitín ó Éirinn,
Ag filídheacht go gobchaoin i n-Gaoidheilg;
An prionnsa suilt go ceannsa, glic, dá m-bhreugadh,
A's le fonn a ghuibh go d-tabharfadh duine ó'n eug leis
An bh-feicir na coillfhir 'na luidhe seach gach aon locht,
Go m-beirid a g-cinn tar na Ciclops le chéile.
Atáid an rúd uch, trúip na féinne,
Go h-arrdhacht lúthmhar, lúbach léimneach.
Uch, a Fhinn Mhic Chúmhail, a chinn na Féinne,
Gan mé agus tú 'nár n-dúithche gaolmhar,
Go d-tabharfaimís a bhaile arís an fearraire Séar¬
[lus.
A's beidheadh cabhair le n-aghaidh in Albain no mealla
mise in Éirinn.
Machtnaigse air Lúter d' iompuigh an téarma,
A's Calbhin, an crúsda ag cúbhradh méithris;
An t-Ochtmhadh Hannraoi 's an bhanríoghan bhneugach,
Crochda as bhrannraidhibh le slabhraidhibh geura,
Gach Sagsanach dá ngabhan an ball seo pleusgan
An ceathrar cam so d'iompuig ó'n g-cléir chirt.
Iad so tá sgaoilte chídhir gan aon locht,
Béarfar arís go rígheacht mhic Dé asteach;
Imthigse a bhaille ar an fearaire treunmhar,
A dhuine seo thagan mar theachdaire ó Éirinn.
Is fada beidh síolrach míntais Shéamuis,
Go h-anacrach sgíosmhar claoidhte i n-geurbhruid,
Go n-éirgidh plannda do shean t-sliocht Éibhir,
Dheunadh cúnncus mar gheall air éicceart;
Bainfidh an chróinn de'n chóip seo an éiric,
A's leanfadh go deo de Phór Mhilésius,
Seachainse an t-olc do lot síol Éba air fad.
Gaibh paidir a's trosgadh 's cros Mhic Dé ort,
Bí déirceach, carthanach air lasadh le daondacht,
Á's réim na bh-Flaitheas do gheabhair más féidir.
Rachadsa air siúbhal tá liúgh a's glaoidh orm,
An aicme seo Lúter do bhruíghdear m' aodh ionam.
Do mhairbh an Franncach an domhan 's an saoghal díobh
A's caithfeadsa a d-tabhairt análl má fheudaim,
Go rófhada sgeinn óm radharc don léim sin,
Gur thóg Aoibhinn íoguir léi mé
Do thángamuir aníos a n-innioll nach léir dam,
Mar shaídhtear libh coinín as poillín le spéice.
Gan stad óm smuit do mhúsgail mé ann san,
