588
AN GAODHAL.
MO MHÁIRE.
[ From the N. Y. "Seanachuidhe." ]
Aig féis no dáil,
Ní'l bean le fághail
Cho sgiamhach le mo Mháire;
Tá aici cneas
Bog, bán a's deas
Do chuireoch' lil' faoi náire;
'San domhan seo ní'l
Aon chroidhe cho dí'l,
No cailín tá níos fíre;
'Measg óg no sean
'Sí plúr na m-ban;
Is sisi bród na tíre.
O mo Mháire, mo stór is sí, mo Mháire!
Mo rún is sí,
Grádh geal mo chroidhe,
Mo mhuirnín dílis, Máire!
Tá gruag mo stóir
Mar fháinnibh óir,
Aig tuitim síos go talamh,
Thar mhuineul bán,
A's gualaibh lán'
'Gus cuma tá mar dhealbh.
Gidh glan soiléir
Gach reult 'san spéir,
Tá súil mo ghrádh níos gloine;
'S is binne glór
Mo chailín chóir'
'Ná cláirseach chiuin na cruinne.
Ó mo Mháire, mo stór is sí, mo Mháire!
Mo rún is sí,
Grádh geal mo chroidhe,
Mo mhuirnín dílis, Máire!
Ameasg aos óg,
[I leathar m-bróg]
Air urláir cúirt' no pailliúin,
Níor sheas le taobh
Treun-fhir ariamh,
Bean-rincteoir leath cho h-áluinn,
Má bhris sí croidhe
Aon ógánaigh,
Gan bhréig do bhris sé ceudta;
'Gus tá na mná
Fághail bháis gach lá
Le troime 's neart a n-euda.
Ó mo Mháire! Ná marbhuigh iad, a Mháire
Acht deun aon chroidhe
Samh, sona choidhche',
Seo dhuit mé féin, a Mháire !
NAOMH PHROINNSIAIS
An fichmheadh lá Márta, 1886.
Do'n t-Saoi Ui Lócháin :
Ó tá mé mall gabhaim leith-sgeul leat
Mar dheunas moidheamh sgríobh roimh raé
chughat;
Tá cár air m'inntinn an mhoíll so dheu¬
namh,
Cé gur mhinic m'fhonn go d-tabharfainn
sgeul duit.
Tá bliádhain go beacht agus seacht de
laetheadh
Ó chuireas chúghat air son do mhúinteóir
Gaoidhilige.
Le dúracht ceart 's teas mo mheinne,
Dolléar gan maoimh ó chroidhe go spéis¬
eamhuil.
Is cóir arís air chríoch gach féile,
Ath-núadhughadh na gnóthuidhe ceudna;
Dá bhrígh sin a mhín-fhir léigheanta,
Fá'n g-cúdach sínte gabh díol 's bhuidh'chus
Tá beannacht ó m' chroidhe, go fíor ní
breug sin,
Dod' pháipeur díonmhar, míos'mhuil Gae¬
dhilge,
Thugan abhráin mhíne tír na h-Éireann,
Tá'r-ais 'nár d-tímchioll go bínn le h-
éisdeacht.
Tugan fá n-deara có-cheangal le chéile,
Tugan dúinn teagasg na teangana
Gaoidhilge,
An teanga ársa mhúin mac Fíonnas,
Air Mhachaire Sheanaár faoi roimh tracht
air Bheurla.
Teanga na m-bárd, na bh-flaith 's na bh-
fille,
Teanga shígh na mín lis aoroch;
Teanga Oisín, an Righ-fhear preamh'mhúil,
Teanga 's milse faoi luídh' na gréine.
Arís, cuirim mo beannacht agus beann¬
acht Dé chúghat,
Agus go m-buanuídhe Dia gach bliadhain
dá d-teidhtear,
Chum bhriathra ár sínsear a sgríobh le h-
éifeacht,
Agus ár d-teangain chomhéad go brách
gan euga.
S. McCRAITH.
