AN GAODHAL.
597
CHUN THOMÁIS RUADH.
The following poetic letter from An
Paorach to Tomás Ruadh is the modern
language as spoken in Munster,
A Thomáis Ruadh Táiliúir,
Gaibh anois mo leithsgeul
D-taobh gan sgríobh go d-tí sa chúghat.
Ná trácht do dhéunadh ort féin.
Dá m-beidhinn ag deunadh culla nuadh,
Is 'mó tomáint agus séide,
Do bheach ormsa le fonn
Ag dul fé d' dhéinsi.
Acht anois o thanga anall.
Is doith libh go léireach
Ná fuil meas ná beann
Ná suim agam ann aenne.
Ní mar sin é deirim féin leat,
Mar ní d'iarthinn go brách de ghreann,
Acht seanchus bheith aguinn araonach
Ó thanga air an taobhra anall.
Is mithid dam, mo léir!
Sgeula chuir chúghat anann
Ag fiosrúghadh dhíot féin,
Cionnos 'tá do bhean 's do chlann.
Acht "Is feárr déanach ná choídhche,"
Mar ag deireach na sean daoine,
Anuair ag thagach sgeula thar taoide,
Ó'n te ná beach aon chaoine air.
Oidhche Dhomhnach Cásga,
'S mé 'g ól braon dídhe,
Bo bhreágh liom do lámh ag dh'fhásga
Anuair ag buail an ríog am chroídhe.
Mar chaoinigh mé gur 'mó chasg geal
Do chathamair 'sa t-Sean-tír shoir,
Gan chaoine aguinn go brách air theacht
Anall annso thar taoide.
Má bhí an aimsir go h-olc,
Agus an saoghal go dealbh,
An bheatha 'g teipe 's daoine dul
Na sluaighte thar calla.
'S an te ná faíghach triall thar fairge,
Ná obair do sh'láthar i air aonach ná mar¬
(ga,
Ná mórán aige chun é chothúghadh
Acht criocháin bheag' as prátaídhe dúbha.
Ná dhiagsan bo bhreághtha
Do mhuintir Ínnse Fáil shoir,
Aer na g-cnoc a's na m-bánta
Chun neartúghadh le na sláinte,
Ná bhiadh annso dhá fheabhas,
Agus ná deoch dá mhílseacht,
Ná ór as airgiod rabhar,
Ná gusdal ’s ná saídhbhreas.
Anuair a bhíos féin sa m-baile,
Air bhiadh bocht na h-Éireann,
Bhí mé bh-fad níos nearthmhaire
Agus go deimhin, níos tréine.
Bo bhreágh bheith sa m-baile, go deimhin,
Lá ag obair agus lá díomhaoin,
Seochas bheith anso air spice na b-pian,
O Luan go Sathurn ag obair go dian.
Fé 'r dh'fhágas féin an baile,
Bhídhinn ag trácht air dhul anann,
Acht anois do chídhim an deifir
Ó thanga air an taobhra 'náll.
Ce ná'r cheart dam gearán,
Mar 'tá tig agam a's áit
Ceannaidhthe go deo thar a bhár
Ó chearbhach iomthartha Puncáin.
Ní'l dada am theach o bhun go bár,
Acht adhmad geárrtha le tuagh a's † sá,
Ceann a's díon, falla a's urlár,
Gan cloch na bríc acht a bh-fuil sa deat¬
[achán,
Ce go bh-fuil an tír seo taomnach
Agus go leor daoineadh ag faighilt bháis,
'Tá sláinte mhaith agam féin ann
Míle molla le Rígh na nGrás.
Anuair a bhím cois na teine,
A's mo ghearcach air mo chuisle,
Buailean ríog am chloigean,
'S is doigh liom go mbídhim sa mbaile
[ guibhse.
O! ná'r dheas é an baile?
Is 'mó lá bhímair leat ag tnúth,
Is minic 'chuir mo mháthair fáilte rómhat
Bhíoch áthas oruin go léir tú theacht chúghain.
Chum a bheith ag ínnsint sgeulta dhúinn.
O! ná'r ghleóighte é 'n baile ?
Do ghealach mo chroídhe dar ndogh,
Gach uair do dheuntá dham culla nuadh,
Ní dh'iarthinn greann na spórt,
Acht a bheith a'd' theanta air a m-bord.
O! ná'r bhreágh é an baile ?
Bhíoch na comharsain bailighthe 'steach,
Ag éisdeacht le seanchus deas;
