AN GAODHAL.
599
na le feicsint in seo, mar atá an tal¬
amh a leig roinnte agus faoi fhál, an áit
a m-beidheadh an dámhalta & an t-Indian
ta sé anois faoi shnúth agus faoi bhláth,
beithidhe-teallaidhe, agus daoine son'mhuil
síbhialta; ach mar do thangamar go d-tí
an chathair seo budh h-áluinn an t-amharc
é le feicsint, — cho breágh is nach bh-feud¬
óchadh inntleacht duine i mhíniughadh. Tá
súbhtalmhana 's silínidhe abuidh a d-tús
an Abráin, agus photaigh-nuadh cho mór le
fódha móna agus co plúrach leis na bru¬
sínidh in Éirinn sul do thainic an lobha
ortha. Tá iasg cho farraing le clochaibh
Ath-Shionnaigh, agus tá an partán cho mór
as dá m-beidheadh sé gleusta go ceart
go d-tiúróchadh sé méile go dhá'reug. Tá
bric cho furain ann as nach bh-fuil aon t-
suim ionnta — caithtear amach iad. Ach
tá ceudtha daoineadh díomhaoineach in
seo mar atá an áit sladtha le na Chi¬
nínidhe, oibrigheann siad cho saor sin.
Ach seo í an tír go chailín mhaith. Fághann
cócaire maith o chúig dolar fhichead go
dhá fhichead dolar sa mí ann. Tá na
daoine fial, croidheamhuil. Saoilim gur
b'sheo í "Tír na n-Óg," air ar sgríobh
Oisín, mac Fhinn mac Cumhail. Is breágh
glórmhar an tír í seo, ach, mar dubhairt
bárd na h-Alban, d-fág "Neamh-dhaond¬
acht fhir le fear" priacháin cho dubh inseo
as tá in áit air bith eile.
Air an dara lá de Bhealtaine do bhí
féile mhór aig cumann na Craoibhe-Ruadh
in seo. Chuadhadar suas san abhainn cho
fada le Fair Facs, agus chaitheadar an
lá go siansamhuil air bhruach na trágha.
Bhuail an t-ocáide a n-deachaidh roimhe le
iomadamhlacht agus measamhlacht na n-
daoineadh a bhí ann. Bhí os cionn naoi
míle duine ann, agus ní fhacas duine
air mheisge air feadh an lae; agus gidh
go bh-fuil na tighthe ósda fosgailte air
feadh an Domhnaidh cho maith lé aon lá
eile, ta níos lúgha pótaireacht ann ná tá
sa Tír Shoir ann áit a m-bídheann an
taobh-dhorus fosgailte agus an ciarsán¬
ach [ the growler ] dul asteach 'sa 'mach,
Do charáid,
M. P. McMháird.
Irishmen, preserve your beautiful language, and
dont become the ridicule and laughing stock of the
intelligent world?
THE EXILE of ERIN
Translated for THE GAEL by
Wm. RUSSELL.
Air — An Cnoicín Fraoigh.
Do thainic chum na taoide deoraidhe
bocht ó Éirinn,
An síon a leabhair éide do léir-fhliuch
san d-tráith:
Do chaoin sé a thír 'san oidhche 'sé ag
teirniomh,
An aonar chois taobh-chnoic na ngéirde
go tláith.
Do bhreathain sé le súile bo chumhach air
an réalt mhoch,
A d' eirigh suas os chionn ínnse duth¬
chais a ghaolta,
Mar seal is é go súgach a d-túis ghil a
laethe,
Do chanadh sé duain aorach na h-Éir¬
eann go brách.
Is dubhach é mo chas, air an fánaidhe
croidhe-cheusda,
An fiad 'gus an faol-chú is léir go bh-
faighid sgáith;
Ach dhomhsa ní'l dídhean ó easpaídhe ná ó
bhaoghalaibh:
Aon áras ná crioch-athar ní'l dom le
fághail!
Ó! choidhche airís a bh-fiodh na nglas
chraobha,
Mar a m-bidheadh mo shínsior ní síoch
bheidh mo rae-si,
'S mo chláirseach le mín bhláthaibh luí'ean¬
na ní ghleusfad,
'S ní shínfiod a teuda air Éirinn go
brách.
A Éire mo dhúthaig! cé dubhach tú 'gus
tréigthe,
A d-taíbhribh seadh theidhim-se ag feuch¬
ainn do thrágha;
Ach is mairg liom nuair músglaim thar
triúchaibh a g-céin uait,
Ná casfar liom na gaolta is léir
dhom go brách :
A dháin mo mhíodháirde, an bh-fághad uait
taréis seo
Aiteas síothchánta, gan gnaith ghuais
dom cheusadh?
Go deogh, deogh mo bhráithre ní fhaisgfiod
