AN GAODHAL.
609
SAN PHRIONNSIAS, MÍ MHEÁDHON
An t-Samhraidh, 1886.
D'Fhoillsightheoir an Ghaodhail. —
A Shaoi Uasail: Iarraim maitheachas
ort a d-taobh mo bhuain le d'aimsir mór
luaigh leis an sgríobh suarach so a chur
chugat le súil go g-clódhbhuailfeá tú í, air
d'uain, ann do pháipeur measamhuil, lán-
toileach. Bhí mian orm le aimsir fada
sgríbhin éigin a chur chugat agus cúntas
a thabhairt duit air ár g-cúrsa 'san
teangain Ghaedhilge i n-iarthar so an
domhain ; acht bhídheadh náire orm agus
eagla a g-cómhnuidhe go m-beidheadh na
sgoláiridhe beachta san atá ann na bail¬
tibh móra shoir ag maga fúm mar do bhí¬
dís air a chéile bliadhain nó dhó ó shoin;
agus air an ádhbhar san do chuireas siar
í ó h-am go h-am, ag meas gach lae go
m-beidhinn ag dul a bh-feabhas, agus go
raibh sé ró luath dham tosughadh fós, óir
ní'l acht thrí bliadhna ó do thosuigheamar-
na anns an g-cathair seo air an aibidil
d' fhóghluim.
Atá mórán d'ár sgoláiridhibh annso
acfuinneach go leor anois chum toradh
réasúnta a thabhairt uatha; acht creid¬
im go m-bídheann an t-aegla ceudna or¬
ra do bhí orm-sa, agus mar atá siad
níos ceannsa agus nías glice 'ná mise,
gur bh-feárr leo fanmhuint go réidh air
feadh tamaill bhig eile níos túisce 'ná
cúis fonómhaid do chur amach ortha féin
mar do righneas-sa.
Budh shé an Saoi Mháirtín P. Mac an
Bháird, noch do thánaic annso go déighio¬
nach ó'n Árd-shoir, do thug an meisneach
budh mhó dham-sa í seo do chur chugat [an
té sin, tairéis a theachta air ais ó n-a
chuairt go h-Éirinn, do thug an méid sin
de na "sean-abhráinibh cois na teinne"
do'n Ghaodhal]; óir do thug sé tuairisg
maith dham air do mhódh agus air do cháil;
agus, deir sé liom gur bh-feárr leat,
air son tairbhe do'n Ghaoidhilig, aire tha¬
bhairt dom' leithéid-se atá ag déanamh a
dhíthchioll é féin a chur air aghaidh 'ná dhóibh
seo atá suas go leor 'na bh-foghluim
cheana.
Do thug an duin' uasal so Mac an
Bháird oráid i nGaedhilig dúinn a h-alla
Curadh na Craoibhe Ruaidh anns an cheud
Domhnach do 'n mhí seo, agus bhí an teach
líonta le daoinibh a rugadh ann na h-áit¬
ibh a bh-fuil an Ghaoidhilig cleachta fós,
óir do cuireadh furfhógradh anns na
páipéaraibh laetheamhla go raibh a leithéid
le tuitim amach. Ní raibh aon t-seanbhean
ná seanduine, a chómhnuidhe 'san g-cathair
seo, ó Stuaidh Naoimh Colluim tre Magh
Mór an Aonaigh go Cathair na Mart
nach raibh ann; agus as san ó dheas cois
fairge go léim Cucullainn, ag leanmh¬
uint ó dheas fós go Daingean ui Chúise,
agus go cuan Béara, an áit do báthadh
Donn Mac Mileadh air a theacht go h-Éi¬
rinn le n-a mhuintir [ deirtear gurab é
an Donn so atá 'na righ ós cionn "daoi¬
ne maithe" an chontae Luiminigh; is minic
do righneas seilg 'na fhearann-oighreachd¬
a a g-Cnoc Fírine ] agus as cúl na h-
áite sin soir-ó dheas go h-Oiléin Mór
an Bharraigh, a's soir cois Oiléin o' Bhric
go h-Inbhior Sláinghe Alloch Garmáin, an
áit do bhuaileadar na Gaill malluighthe
i n-Éirinn air d-tús le cuireadh ó'n árd-
dheamhan, Diarmuid Mac Murachadha.
Bhí cuid mhaith as áirdibh eile na h-Éir¬
eann, mar an c-ceudna, do tháinic ann
tre cúirialtacht; acht thuig siad aon fho¬
cal d'á n-dubhairt an t-urlabhartheoir,
má bh' fhíor leo. Deireann siad, gidheadh,
dá m-b' fhéidir leo an Ghanidhilig d'fhaghail
le ceannach nách m-beidheadh siad a bh-fad
d' á h-easbaidh; agus creidim-se, go
deimhin, go labhrann siad dá ríribh, óir
is iad a sean-phóirneartuidhthe atá cion¬
tach leis agus ní shiad-san. Anns an uile
do thug Mac an Bháird lán-shásadh dhuinn
go léir 'san ocáid, mar, go deímhin, is
maith a deireann sé caint.
Deir sé liom dá bh-fághadh sé inghean
d'aon d' ár mórán milliúnórach le pós¬
adh agus go d-tógfaidhe a chósa as an m-
bóthar cruaidh noch is riachtanach do shiúbh¬
al anois chum a chuid aráin laetheamhla
d' fhághail, go soicreochadh sé síos 'nár
measg 'na dhiaigh seo, mar taithnigheann
ár n-aer leis; agus, tairis sin, dá m-
beidheadh an sonas reamhráidhte a n-dán
dó, go d-tabharfadh sé, annsan, an méid
uaine do bheidheadh aige gach aon lá, chum
an Ghaoidhilig do chur air aghaidh; sé sin,
