AN GAODHAL.
611
Aisde na n-Iarthar, le Pádruig Cúndún ó Mhachaire an
Fhiadh taobhre chathair Útica, a g-conntae Oineada, a Stat Nuadh-
earc, do chum grádhthóir na h-eagna uasal oirbheartach .i. Micheál
moghmhuil, muirneach, mín, measardha O'Glasáin, ó Lios Choinleáin,
a b-paróisde bhaile Mhacóda a g-conntae Chorcuighe ann Éirinn.
Mr Patrick Condon of Ballymacody, county Cork, Ireland emigrated to this
country and settled near Utica, in this state, and wrote the following letter home
to his friend, Mr. Gleason. We are indebted to Mr. O'Driscoll of Cherry st.
NY City for the manuscript, which we take pleasure in publishing.
1
A Shoilbh fhir léighionta, shéimh, dheadh eolais,
Tabharfad tásg faoi 'm láimh gan ghó dhuit;
Air an dútha ghránda ionna ráinic dham-sa,
Teacht go h-ársadh fáltha feóidhte.
2
Ní'l mághaibh míne, caoin 'ná cóir ann,
Acht coillte is crannaibh is gearbhthin mhóra;
Leachtain lomartha, choirtighthe chróna,
Cnoic is gleannta is ceanntír cheódhacha.
3
Uaill is gáirtha ós árd urchóideach,
Ag peantair, faolcoin, bear is leóin ann;
Ainmhighthe agallta amhasoraig chómhbhraic,
Is aithreacha nimhe le binb ag ónfhairt.
4
Spéartha cnagaig abagairt 'sa fógairt,
An t-aer air lasadh sa talamh air mhór chrith;
Caora d'á g-cathamh 'na g-ceathaibh air bhóithre
'Sas léir go nglacaim-se eagla rómpa.
5
Bíon trí rátha breágh go leór ann,
Bíon ann rátha eile go goineadach róthach;
Cuisne 'gus fuacht go buan d'á leónadh,
Is truagh mar chrichid um Inid am Phósda.
6
Ó Lá Nodlaig go meádhon an Mhárta chómhrimh,
Sioc agus sneachta go plaicibh a d-tóna ;
A g-cluasa goirthighthe tochailte tómhachta,
A g-cosa 'sa lámha agus áit 'nár dhóith leat.
7
Samhradh teasbhuidhtheach greadaighthe scóllta —
Lasardha grianmhar, pianmhar, breóidhte;
Ní bhíon faice air fhear caite 'na óg ann,
Ach léine chriúmsa triús is bróga.
8
Fuirean na tíre, is buidhean droch mheónach,
Fealltamhúil, fiongalach, cuirpe, córbach;
Breugach, meabhlach, mallaighthe, mór oilc,
Cealgach claon a meíng 'sa nósaibh
9
Cré ná paidior ní cantar go deógh leó,
Acht bruighean is cheanairc, caismirt is cómhrac;
Dia, agus Muire 'na mhiona 'na m-beólaibh,
Diabhal is deamhan gach am 'san ló aco.
10
Ní thabhradaois leithphíninn air Aifreann glórmhar,
Ach scige 'gus maga fe 'n Eaglais g-cómhachtach;
Deirid go gur teagusc ó'n n-deamhan a g-cómhairle,
Is gur chóra a g-ceangal a g-carcair le córda.
11
Gach Aoine is Sathran alpoid an spóladh,
Dlighthe na Cléire reubthar leó iad;
Deirid gach naon do ghéill d'á nglórtha,
