612
AN GAODHAL.
Go bh-fuilid an Aiceron damanta dóighte.
12
Sin mar do chaithid a m-beatha go cionntach,
Miosguiseach, measgaighthe a m-bearta nách fóghanta;
Go d-tagadh srannán an bháis 'na scórnaigh,
Mo thruagh-sa an t-anam bocht n' fheadar cá ngeobha sé!
13
Tuille d' á d-tréighthe is léir go inneósad,
A mná, go deimhin, ní'l cuisle 'na cómhada
Acho re na bh-fearaibh seoch clannaibh a g-cómhursan;
Is cuma ann sa donas leó singil no pósda iad.
14
Cois claidhe no coille ionna d-tiocfar air fód leó,
Díg no cumar no oinead 'na ngeobhaid siad;
Dob fheárr leó cumas air scilling 'na b-pócadh,
'Ná a g-cáil do bhrise le guilm de 'n t-sórt sin.
15
D'á olcas a ngníomhartha a slígh 'sa ngnótha,
Na droinge bhíon aco air an machaire a rómhar dóibh;
Tugaid a b-pádha gan spás 'na ndóirne,
Biadh agus deoch air a d-toil a ndaothain.
16
Air n-eirigh air maidin as leabuidh dhuit gheóbhadh tú,
Glaine biotáile fulláin fóghanta;
Arán is ím is píonadh sóghmhaile,
Cannthadh cáise 's cnámh mairtfheola.
17
Iar n-ithe do choda le deithneas mór duit,
Siúd air sodar chum oibre leó thú;
An am an eadartha beidh agad-sa cóisir,
Cosamhuil re bainis, le baisde no pósadh.
18
Beidh corainn air chlár a tádhal air bheóir duit,
Miasa bána lán do thómhaltas;
Gédheana is ganndail ramhradh rósda,
Is éin d'á malairt ná bacad do chóimhriomh,
19
Tabhraid chum ithe dhuit fithchidh agus moímiont,
Ní bheithdís a feithiomh a thuille níos mó leat;
Beith míle béic ort glaoidh agus fógairt,
Ad thiomáint amach tar 'n ais le fórsa.
20
So leó a rís tú a bh-feidhil do ghnóthadh,
Tuisidh ní'l leat le grog achd ól é;
Má bhíon tú air meisge 'ná'r deire 'n thráthnóna,
Tabharfadh an maor duit páipeur bothair.
21
Dá mhéid do mholaim a g-comhthram sa g-coísir,
A ndram 'sa ndeochadh 'sa mborb thoirch fheóla;
Do b-feárr liom agam a bh-fearan shliocht Bhrógáin,
Pudátuighe is salan cé dealbh an lón iad.
﻿22
Ní'l aon oídhche ó bhíos a bh-fódhla,
Ná té'im abhaile go dearbh is dóith liom;
Glaodhaim asdeach go teach mo chómhursan,
Tugaid fáilte, lámh is póg damh.
23
Biogaim suas ó'm shuan re mórtais,
Déinim machtnamh air maidin go brónach;
'Nuair chím gur b'aisling gan tairbhe an sgeul sin,
Bídhim go doilbh is goilim mo dhaothain.
﻿24
Air léaghadh mo laoi dhuit ná bi brónach,
Deun an gáire grádhach dob eol duit;
Ibh mo shláint' air chlár an ósda,
Is cuir tar sáile slán no dhó chúgham.
To be continued
