622
AN GAODHAL.
LEITIR PHÁDRUIG CHÚNDÚIN,
(Air leanamhuint.)
25
Cuirim-se chúghad-sa anonn go FODLA,
Slán is ceud idir ghaolta is chómhursain;
Cé ná feicfiod aon duine go deóg 'guibh,
Ní léigfiod as m'aigne marbh ná beó sibh.
26
Mo dhearga dearc mo sgread mo sgólladh!
Gan mé ann sa m-baile mar chleachtas um óige;
A d-tuaith no a g-cathair an aice air cómhgar,
No a d-tabhairne an leanna aige Baile Mhacóda.
27
A g-cuideachta Ui Ghlasáin d'fhuil árd Eógain,
Chráibhtheach, charanach, leanbach, leóghanda;
Thugadh dam fíon gan maoidheamh mo dhaothain,
Is gan pinnin dam dhíth le díol go deógh as.
28
Tugadh dham cuire go minic chum beórach,
Eagna is greann go ceannsa, gleóidhte,
Duanta is dánta bárda beóil bhleacht,
Is cómhairle thairbheach ghasda dá d-tógfainn.
29
Thugadh dam seanchas, aithne is eólas,
Air gach cine, gach fine is gach fóirne;
Air gach curadh bí cumasach, cródha.
An san Áisia, san Áifric, is ann san Eróip,
30
Och mo chiach, mo phian, gan foírin;
A g-cian tar lear, a bh-fad ó'd chómhgar;
Ameasg na méirleach shéan na h-Órda,
Agos bhainfeach an ceann dam shamhuil air fheóir¬
[linn.
31
Is é Dia dhealbhaig flaithis gan teoradh,
Neamh mar ghabhan talamh is mór mhuir;
Grian is ré agus réultain lúnrach,
Beathaidhig éisg is eunlaith clúmhach.
32
Do dealbhaig Ádhamh air íomháigh ghlórmhar,
Is do chnámh d'á chnámha rinne cónamh pósda;
Tug dóibh ceannas is gradam is cómhachta,
Gur tharaing an deamhan chum peacadh fá dheóigh
[iad.
33
Tré bhás Abel t-séimh gan mhórtas,
Da chuir sé séala air Chain is cómhartha;
Tug Seth d' Éabha tar éis na sceól-so,
Is do shiúbhail Enoch gan eag fós leis.
34
San é Naoi ó'n ndíle d' fhóir air,
Nimrod rígh do chlaoidhig a dhóchas;
An túr do meas go Neamh do thógbhain,
Leagan anuas gan duath níor speóis leis.
35
An fhuireann do bhíodh go cínte a g-cómhair leis,
Tug dóibh atharach teanga 'na mbheólaibh;
Ní thigidís féin a chéile ach cómhartha.
Is do cuireadh air scaipe gan fearn gan fód iad
36
Tug do Abraham grása móra.
Mac do Shára dobh ársadh clódh is driuch;
Ó d-táinig saoithe líonmhar slógach,
Is tímchilghearadh air a bh-fearaibh budh nós dóibh.
37
Sodom is Gomorra las is do dhóig iad,
