AN GAODHAL.
623
Is thug leis lot a mhac gan leónadh;
Feuch a bhean nár ghlac a chómhairle,
Rine pileór salainn air bara cnoic fós di.
38
Ó'n scian tug Isaac deimhneach deónach,
Ó'n bpríosún dhaingean do chabhair air Ióseph;
Thug Athair 'sa bhráithre a mná san óga,
Ó bhroid na gorta do ghoirtig na slóighte.
39
Do chuir ar an Égipt léirscrios ióngantach,
Plághana doilge borba, brónach;
Do loit a bh-fearann a m-bailt sa m-bólacht,
Is marbh na táinte ársaidh is óg díobh.
41
Thárraing Maoise abhuidhean sa mhór throip,
Tríd an mhuir go biothbhuadhach beódha;
Phároa feargach le fala lean tóir air,
Do báthadh é féin a threád is fórsa.
41
Piléar neul an lae bhíodhach rómpa,
Is teine ann san oídhche an gach slíghe 'na ngeóbh¬
(daois
D'aithin dóibh bile 's slisne dhe thógbhain,
Sa chaitheamh san uisge dheunadh milis re'n ól é
42
Chuir plúr ó fhlaithis air talamh mar lón dóibh,
Radhairseamhuil rabairneach rathmhar na ndóirse
Cheithre cheud bliain na bhia gach ló aco,
Is ní thigidh an dada dhe air feadh na Sabóide,
43
An bhuidhean nár chroinigh ach omar budh leór san,
An tí thiomarga an iomad do shil ach a dhaotain
Chuir cuid aco a d-taisge go maidion 'na gcóir é
Is do bhí na lobhthaire loitighthe dhreóighte.
44
D'oscail an glaise ó'n g-carruig an Hóreb,
D' fhoirtig a g-ceasna re fairsinge a mhórdhacht;
ní dheachaidh tuisle aco an lonar 'ná a mbróga.
Do réir mar inisdear a nDeutronómi.
45
Do rug Maoise air thaobh an t-sléibhe mhóir leis,
Ealta na reachta do leanfaidís d'órduig ;
Tug dheich n-aitheanta beanuighthe, cómhachtach,
Air dhá chlár shocara chloiche 'na dhóid do.
46
Tar éis gach cáis níor bh-feáirde a meódhan sin,
Tuitid a máilís peacuidhe móra,
Chumadar déithe caocha cómh oilc,
Thugadar géile do'n laogh órdha.
47
Dáthan Abiram, On, is Chóra-
San g-cuideachta leamh, do lean a g-cómhairle;
Sloigeadh san talamh 'na m-beathaidh an slógh sin
Acht an dá chéad is caogaid d'óg díobh,
48
Do chuir ga follas do'n phobal mar chómhartha,
Air an slait do bhí ag Áaran bláith is almóine;
Tug caint is labhairt do 'n asal re fórsa,
Do bí fó Bhalaam ag gabhail air bhóthar.
49
Do chuir stad air an ngréin aneul iarnóna,
Go bhfuair Iosua beannuighthe bara san gcómhrach
Thug do Shamson neart is cródhacht,
Cé milleadh a ghnaoi le mnaoi 'sa chómhachta.
[To be continued]
