AN GAODHAL.
635
AN FREAGRADH THUG TOMÁS
RUADH AIR AN bPAORACH.
SRÁID AN MHUILLINN, IN ÉIRINN.
20mhadh la Lúghnása, '86.
A Phaorig an Chroídhe:
Do fuaireas do leitir roínt lae¬
thanta o shoin, & níor bh-féidir liom a
dh'insint duit go de'n t-áthas & an mis¬
neach chuir sé orm sgeula dh'fhághailt uait,
ó mhac t-athar & do mháthar. Bhí luthgháir
orm a chlus go bh-fuil tú go maith sa
t-saoghal agus ad' shláinte.
Ce go bh-fuil an aois ag drideamhuint
liom & mo chois air bhruach na h-uaimhe &
mé crom & liach chomh maith le "ruadh," mar
sin féin, do thugas léim as mo chorp le
áthas nuair ag chualaig mé an cúntas
léir cruinn do thainig a bhaile uait sa
teanga mhilis Ghaoghalainn Is mór an t-
aistriúghadh tá air an saoghal anois seo¬
cas mar a bhí sé fad'ó nuair a bhíos am
bhuachaill óg, agus tusa ad gharsún.
Tá romhór na n-daoineadh anois ag
labhairt Béarla, iad go léir, nach mór
air fuaid ná h-áite seo. An ait seo
nach raibh mórán Béarla dhá labhairt dhá
fhichid bliadhain ó shoin, acht feilídhe Ghae¬
dhilgé go fairsing, thall 'sa bhus, ag
deuna abhráin agus dánta, ag ínnsint
sgeulta fánaigheachta agus eachtaraídhe
agus an páidrín páirteach dá rádh ann
gach tig, & mná caointe gur bhreágh leat,
éisteacht leó ag cuir síos ár deid-ghnío¬
mhthara & air mhuintir an te bheach sínte
fuar, marbh air an g-clár lá sochraide,
nó oídhche thórtaimh, agus ce go n-deir
daoine gur beag an fhoghluim bhí ortha, bo
bhreágh, deas an caointechán do dhéinidís.
Ní'l dadha 'ge clann na h-aimsise seo
acht Bearla agus gan iád ábulta air
eachtara rádh ná abhráin a dheunadh. Is
docha nach bh-fuil a leithéid seo le rádh
age aon tír fé 'n ngréin acht 'ge Éire.
Nach cathach, nach dúbhach, nach brón¬
ach & nach dealbh an sgeul é dhuinn?
Chíghim-se daoine annso agus gan focal
Béarla aig a n-aithir na 'ge a máthair
agus ní labharthach an chlann leo an Ghaedh¬
ilinn acht Bhéarla. An dream a bhíon tím¬
chioll tíghte móra agus an iarball uais¬
le na Sasanach, is gnathach leo bheith mar
seo. Ni cheart dam lucht dh' fhaghail air
aene. Nuair ag labharaim Gaedhilinn le
clann mo chlainne is Béarla labharaid
liom tar n-ais go minic. Tá 'n galar
ceudna air aos óga na dúithche. Tá na
sgoilleana Galla-sa ag cuir deire leis
an nGaodhailinn mar atá na daoine óga
'g éirigh suas ag labhairt Béarla, agus
ag tabhairt a n-aghaidh air na fairgídhe,
mar ní'l dada annso le deunadh aco.
Ní'l na daoine ábalta air b-pádha thabh¬
airt dóibh tá uatha, mar ní 'l strus ná
geall aco féin acht ag iarradh maireacht
ann ó 'n lámh go d-ti an m-beul. Na
maighistirídhe dá g-cathadh amach air na
bóithre, chó dona 's bhíodar annsna droch
bhliadh'nta, & gan obair ná gnódh dá dheun¬
adh. Is bheag nach bh-fuil Éire bhocht na fá¬
sach; gach aon áit uaigneach eartha, gan
ann acht fáinaire desna seanna comhar¬
san thall 'sa bhus air suaid an pharóiste.
Sgoth na bh-fear agus plúr na m-ban ag
imthaecht tar sáile uainn, gan sa mbaile
acht na seandaoine agus na daoine óga
nach féidir leó cuir díobh amach, agus
gan mórán díobh-san féin ann.
Bo mhaith an sás sgeal fianuigheacht
dh' innsin tú no eachtara rádh dhúinn air
thóramh no cois teine bhreágh mhóna oídh¬
che Gheimhre.
Coimeád an creideadh; tabhair suas
do chlann a ngrádh agus ann eagla Dé,
agus le sgoil 's léighean faoi smacht.
Bíoch cion agat air an teanga Ghaedhil¬
ge. Thabhair aireachus dhod' shláinte.
Seachain an braon acht le fíor-ghádh.
Bíon sean-annduirídhe na h-áite seo
bailigthe steach gach tráthnóna Domhnaig
ag éisteacht le leitir Phádraig Phiarais
agus le do leitir-se. Is mór an sásamh
aigne chuir do leitir ormsa, mar. —
Ní bh-fuairaes féin a leithéid de chúntas
Riamh am shaoghal ó ghaol ná cómhgas
Is atá léighte as an leitir seo chúghamsa
Do thainig anall ó Shaghsana Nuadh uait.
Do chuir sé mise seacht mbliadh''na ann
óige,
An sgeul a chuir tú anall thar mór-mhuir
Go bh-fuil tú go samh 'sad shláinte fós
