636
ANG AODHAL
ann —
Míle buidheachas le Rígh na glóire.
Tá Éire go bocht agus go brónach,
Na daoine dá g-cathadh amach air na
bóithre,
Gan truagh air dómhan dóibh, fosgadh no
fóirthean,
'S iad ag imtheacht anann thar muir na
slóighthe.
Mhar ní'l torradh maith ná fóghanta
A g-coirce, a g-cruinneacht ná 'n-eórna ;
A's tá na prátaidhe suarach go leór ann
A's le sraoileacht na h-aimsire na bar¬
raídhe dreóghadh orrain.
Sinn stuite, stracaighthe, briste, brúighte,
Cráighte, ceusda, sniugaighthe crúighte,
Gan allus air domhan orta ná naire,
Bheith ná'r g-cathabh agus ná'r g-cáine.
Gan a luach féin air chaoire ná bó 'guinn
'S cíosana troma 's srachana mór chuid
Ag teacht gach traith orruinn le fórsa,
Go bh-fhóire Dia orruinn más buan an
sórt so.
Is deacair duine dh'fhaghailt chum obair
ná gnótha,
Cailínídhe a's buachaillídhe tagartha go
leór ann,
Agus iad go neamh-mathach agus go droch-
mhúinte,
Mar a b-fáighid phádh mhór & biadh fóghan¬
ta.
Ní bhíon leach ná trian an pharóisde,
Air maidin Diadómhnaigh age 'n aifrionn
glórmhar,
Mar is beag annso aosda ná óg díobh,
Acht iad ann imigéin nó fé 'n bh-fód ann.
Ní 'l buachaill bríoghmhar, lúbach, láidir,
Tháll ná bhus air fuaid na h-áite,
Mar bhíoch fad' ó 'guinn le fághailt ann,
Acht iad go léir imigthe anann thar sáile
Dá m-beoch trius anois nó cosóig uait,
A's gleitheireán ort a's deitheanas leótha
Do bheidhinse suas lem' gheallamhaint duit
Mar is beag le deunadh age táiliúirídhe
Tá ceárdaighthe dealbh go leór ann,
Ní dheunthach gréasuidhe breug níos mó
[ leat
Anuair ag gheallthach sé dhuit péire bróga
Bheidís deunta 'ge a n-am gan ghó dhuit.
Tá 'n Ghaedhilge meath & a feógh' orruinn
Ro-mhór na ndaoineadh 'nois ag Béar¬
lóireacht;
Nach bocht an cás na h-aos óga
Bheith labhairt Bhéarla leis an dream do
thóig iad.
Ní'l an teagusg Críosduidhe anois d'a
mhúineadh,
Ní bhíon sgeul ná eachtara 'guinn air thó¬
ramh,
Ná súgra air dómhan mar bí fad' ó
'guinn,
Agus is anamh a bhíon braon le n-ól ann
Suas air na cnoic as amach air na
sléibhte,
Síos annsna gleannta 's air fuaid na
réighte,
An Béarla d'a labhairt a's meath air a
nGaodhailge,
An teanga úd do labhair Pádraig naomh¬
tha.
An teang' úd do labhair gaisgíg na
Féinne;
An teang' úd do thug an creideamh go
h-Éire;
An teang' úd is dual dúinn go léireach;
An teang' úd do labh'rag gach am ann
Éilge.
Dá g-cuirtheach na sagairt le na chéile,
An dream do chimeád an creideamh in
Éire,
Agus na daoine cuir leo an einfeacht,
D'aithbheodhfuidhe gan mhoill an teanga
Ghaedhilge.
'Sé ghoillean orm, ma dhith, go doithte,
Nuair chidhim an dream ar dhual 'sar
chóir dóibh,
Ar d-teanga labhairt go blasda gleóigh¬
te.
Gan focal Gaedhilge aco acht ag Béar¬
lóireacht
Ag tabhairt teagasg Diadómhnaidh ó'n
altóir dúinn.
Ag dul ag cuir olla 's ag feachaint na
g-cómharsain,
'Sag éisteacht daoine bhíos aosda 's
breóighte —
