648
AN GAODHAL
"Le do thoil ná bí magadh," dúbhairt sí;
"Ní'l mé mo pheurla mór éamach,
Go d-tuitfeá i ngrádh liom, air n-dógh',
Mar 's óig-bhean úirísioll de'n tír mé,"
Dúbhairt Cailín Deas Crúidhte na m-Bó.
"Ní'l na h-índiatha i seilbh aon t-seóda,
Chomh mór-luach, chomh lónrach no glé,
Ná h-iar mórtas mo chion ort a mheadhamh
Tabhair grádh dham, a stóir ghil mo chléibh'';
Gabh truadh 's ná diúltaidh mo ghean ort,
'S ná fág mé nios fuide i n-anshógh,
Ó ! grádh mé no eugfaidh mé i n-geall leat
A Chailín Deas Crúidhte na m-Bó."
"Ní thuigim cad tá tú rádh, a Shaoi,
Ní rabh mé mo sclábh 'riamh do ghrádh,
Air na smaointe sin ní'l agam eólas,
Ní h-áil liom a leithid chomhrádh ;
Pósadh ní thig liom duit gealladh,
An stáid sin ní'l spéis agam dhó,
D'a bhrigh sin glac mo leithsgeul, óig-fhir,"
Dubhairt Cailín Deas Crúidhte na m-Bó.
"Dá m-beidh' agam mór shaidhbhris Démuir,
No a bh-fuil air thráigh Africá,
Is dá mbeidh' agam cisde mhór Debhonsir,
No agam deich n-uaire níos mó,
No dá m-budh liom lampa Alaiddin,
'S agam a ghliocas fá dhó,
B' fheárr liom bheith bocht air bhárr slébhe
Le Cailín Deas Crúidhte na m-Bó."
"Guidhim thú tréig 's ná pláig mé,
Go do thréarthaibh ní'l agam claon,
Is feárr liom bheith singhil 's a g-curach,
Go bh-feicidh mé tuille de'n t-saoghal;
Ní dheunadh cúis nuadh ach mé mheasgadh,
Is ní'l fortún mór agam gan ghó,
Go n-eirigh mé saidhbhir ní phósad,"
Dubhairt Cailín Deas Crúidhte na m-Bó.
THÁRLEM, Mí na SAMHNA, 1886.
A Shaoi. — Do chonnairc mé i Nuadhacht
Thuama go bh-fuair buachaill óg darab
ainm Ua Mongáin an duilgne budh luach¬
mhaire i g-Colláiste na bainrígheana, i
n-Gaillibh, in lá cheana, & chuir sé g-cuimh¬
ne dham fear-maoir de'n ainm sin cia
bhí 'na chómhnuidhe in mo chomhursanacht-sa
sa t-Sean Tír.
Bhí Páidín Ua Mongáin i maoirseacht
i g-Cnoic-Ui-Faith, i b-paráiste Bhaile-'n
Mhuilinn, timchioll seacht míle o Thuaim,
chúig mhíle o 'n g-Clár, agus sé mhíle o 'n
Maolla.
Ní bheidheadh Páidín sásta muna m-
beidheadh sé deunadh cleas a ciant air a
chomhursain, gidh ní rabh aon urchóid in a
chleasuigheacht ach budh ainmhian leis tais¬
beánadh nach rabh aonduine cho h-abuigh
leis féin.
Lá áirighthe, timchioll tús an Fhóghmhair
chuaidh capall a chómhursa, in anachuin a
steach sa bh-feilm a bhí faoi chúram Pháid¬
ín; budh é seo aimsir tharrainte bhaile
na móna, agus do mheas Páidín fánuigh¬
eacht an chapaill a chur a saothar dó
féin. Mar sin, do ghabh sé an capall &
do chuir sé reult bhán i g-cláir a eudain,
ghleus sé faoi 'n g-cairt é agus thomáin
sé leis é i g-coinne ceis mhóna. Air
theacht air ais o 'n móin dhó casadh leis
an fear ar bhain an capall dhó, & d'inn¬
is go Pháidín go rabh sé tóruigheacht a
chapaill, d'euluigh amach ar an ngort
uaidh ; "Agus m' anam," a deir sé, "mur¬
ach an reult i g-cláir eudain an chapaill
sin déarfainn gur b'é mo chapall-sa é."
"O," arsa Páidín, "so é'n capall a chean¬
nuigh an Máighistir air aonach Thuama
an lá cheana, cineál capall thigeas as A¬
rébia." D'imthigh an duine bocht leis, &
in uair a bhí an mhóin tarraingte bhaile
aig Páidín, i n-deireadh na seachtmhuine,
nigh sé an reult ar clár eudain an chap¬
aill & thug sé cead a chinn dhó. Acht in
am gheárr na dhiaigh sin d'innis sé air an
g-cleas a d'imir sé air Mhártan Ua
Flannagáin, an fear ar bhain an capall
leis.
Is íomdha cleas de 'n t-samhuil seo a
d'imrigheach Páidín air a chómhursanaibh.
Am eile dhúbail sé iarball capaill agus
d'oibrigh sé é mar an g-ceudna, aig inn¬
sint dó'n te m-bhudh leis é, gur cineál
capall é ar Demaréra ar fhás a n-iar¬
baill dúbulta.
Ach gidh gur shaoil Páidín nach rabh
aonduine cho h-ábulta leis féin fuair sé
a shamhail faoi dheireadh.
Bhí mac óg aig Páidín dárab ainm
Paididh, agus, mar budh dual athar dhó,
