AN GAODHAL.
649
bhudh cleasaidhe 'n t-ógánach é.
Aig teacht aimsir bainte na bh-fat¬
aidhe chuaidh Páidín do 'n g-ceárta le
feac nuadh a chur in a láidhe, mar do bhí
"Garrdha-'n-mhaoir" faoi fhataidhe aige,
i nGort-na-neang, roinn de dhúichthe
Chnoic-Ui-Faith, i d-tóirthinn Garrdha-
mór an t-Sléibhe, a g-Condae Mhaigheo:
ritheann tóirinn an dá chondae eidir
Gort-na-neang agus Garrdhamór an t-
Sléibhe.
Air philleadh i bhaile go Páidín o 'n g-
ceárta, lé na fheach nuadh air a ghualain,
chuaidh Paididh 'na choinne, timchioll gort
o 'n teach. Nuair a tháinic 'athair suas
leis, dubhairt Paididh, "Ora 'Ghaiddidh,
bh-fuil fhios agad cia rud a chonnairc mé
in diu i ngort na bh-fataidhe?" "Cia
rud é," arsa athair. "Ora m'anam go
bh-facaidh mé gearrfhiadh mór na luidheamh
sa díoga fhátaidhe, air aghaidh na beárr¬
nan," "Tar uait," arsan t-athair, agus
na suile rucht leimneadh os a cheann le
míre, "agus taisbheán dam cia 'n áit a
bh-fuil sé 'na luidheadh." Chuadhdar go
ceann an ghoirt, agus mar do thangadar
go d-ti an díoga a rabh an gearrfhiadh
'na luidheamh, chuir Páidín a láidhe faoi 'n
'ascuil, agus dubhairt sé le Paididh,
"Nois, a Phaidid," a deir sé, "Siúbhal
thusa suas air chúl an chloidhe, agus siúbh¬
alfaidh mise sa díoga seo le h-ais na
díogan a bh-fuil an gearrfiad ann, agus
cho luadh is thiocfas mé air aghaidh an
ghearrfhiadh árduig do láimh, agus sócró¬
chaidh mise é." D'euluigh Páidin air bhárr
a chos sa díoga, sa n-am ceudna 'faire
an chómhartha ó Phaididh. Faoi dheireadh,
nuair a tháinic Páidín air aghaidh na
beárrnan, d'árduigh Paididh a láimh. D'
éirigh Páidín air bhárr a chos, agus lúb sé
é fhéin treasna an umaire no gur fhuair
sé amharc air dhruim an ghearrfhiadh; do
tharraing sé siar; rug sé air chos na
láidhe in a dhá láimh, agus tug sé anuas
air an ngearrfhiadh í le cúmhachta a neirt,
a déanadh dhá leith de'n fheac. Nuair a
chonnairc Paididh lann an fheic ag eitall
san aer, do thug d'a sháladh. Láimhsigh
Páidín an gearrfhiadh agus aig mothúghadh
dhó gur dornóg mhór cloiche, fuagháilte
suas 'g-chroiceann gearrfhiadh, bhí ann, d'
fheuch sé thart agus do chonnairc sé 'n t-
ógánach drochmhúinte gearradh treasna
'n mhóinfhéir. "Seas, a mhic na s—,"
d' uaill Páidín, "no go m-bainidh mé 'n
t-anam asat," aig síneadh 'mach 'na
dhiaigh. D'fheuch Paididh thart, agus aig
feicsint dhó go rabh 'athair aig teacht le
chúthach 'na dhiaigh agus cos an fheic aig
deunadh fáinnidh 'san aer in a láimh, leas¬
aigh sé a choiscéim síos le fánadh 'n
chnoic, treasna Garrdha-mór an t-Sléi¬
bhe; siar thré Garrdha-mór Mhuintir Éi¬
niudh, le Seipeul na g-Carradh ; thríd an
m-Baile h-Iarrach agus Clochán na g-Cao¬
rach, no gur roiche sé árus Uaitéir Ui
Olracháin, de'n gCnoc-Ruadh, agus athair
teannta le na sháladh mar fhear air buile
Is do Uáitér Ua Ólracháin, Sean-ath¬
air an Athar Mharcuis & Dhochtúir Ui
Olracháin, agus d'á dhearbhráthair-chleam¬
nais, Sémus Oisín, bhí na Mongáin a
maoirseacht. Bhí Uaitér 'na sheasadh ag
an dorus nuair a chonnairc sé 'n cúpla
deunadh dhó. Rith Paididh steach & shaoil
Páidín é lean'mhuint, acht do chuir Uáitér
bac' air. D'innis Páidín an sgeul do
Uaitér; "Mac athar," deir Uáitér, ag
cur a láimh in a phócndh, & a seachadadh
luach láidhe nuadh go Pháidín & leath-chor¬
óin le 'n ól os i chionn.
Bhí Paididh stuamadh, agus gliocach.
Thug mo mháthair luach leabhra dhó le dhul
air sgoil, & d'fhóghluim sé go maith. Air
eirighe suas dhó chuaidh sé go Liverpool, &
do rinne sé go leor airghid timchioll na
luingiseacha in aimsir na gorta. Tháin¬
ic sé bhaile & cheannuigh sé feilm bhreágh
thalmhana i nGort-Sgeiche, timchioll trí
mhíle o Ghort-na-neang. Air theacht i
bhaile dho do thug sé luach fiche punt de
fhallaing a bhaile aig mo mháthair, aig
rádh gur b'é luach na leabhar thug sí dhó
a chuir i m-bealach deunadh an airgid é.
Agus b'fhéidir gur mac dó an duine
uasal shuas, bun-úghdair an sgéil seo.
AN LEACHTA.
AN LEACHTA being a new contrib¬
utor to the Gael we have given precedence to his
story ( so as to encourage him ) over matter from
old contributors, previously received.
An Leachta writes well, in purely Con¬
naught idiom.
