658
AN GAODHAL
TADHG GAODHALACH, AN GAODHAL,
Agus
TOMÁS Ua NÉILL RUISÉAL,
Rinne T. O'N. Ruiséal dileagra i n-
Gaedhilig os comhair an Chumainn Ghaedh¬
ilge in Eabhroch Nuadh an oidhche cheana, &
is sé an cómhrádh is dithchéillidhe é noch do
chualamar i riamh. Deir sé d-taobh sgrí¬
bhinne Thaidhg Ghaodhalaigh. —
"Agus 'sí mo bharamhuil gur fíor-charaid
do 'n Ghaedhilge é, an té a cheannóchadh
gach aon macsamhuil dhe, dob fhéidir leis
cur a lámh air, agus iad do chaitheamh
san teine."
Maiseadh, is sé ar m-baramhuil-ne nár
sgríobh séisean an Ghaedhilig i riamh agus
nach sgríobhfaidh sé í choidhche cho maith ag¬
us do sgríobh Tadhg Gaodhalach í. Is fad¬
a go sgríobhóchadh Tadhg Gaodhalach mar
seo. —
"Ní'l acht naoi focail 'san líne seo, ag¬
us tá 'ceathar' aca micheart — cad í
an mhaitheas focail agus modha nach bh-
fuighthear a n-aon 'graiméar na Gaedhil¬
ge' — nach d-tuigtear acht 'le' daoinibh
éigean — agus má do sgríobh Tadhg
bocht san teangain ann ar sgríobh an t-
Athair O'Suileabhán, ní budh chóir d'aon
Éireannach ná aon Críosduidhe do bheith
gan a leabhar — tá mé luathghárach le
clos — tár éis na bliadhana nuaidhe,
agus deunfad gach in mo chumas —
níos feárr na an Ghaedhilig bídheann
snna Gaodhal, suidhfidh mé síos cho trom
air a's do shuidh mé air an irisleabhar d'
ainmnigheas — deunaim iarracht chneas¬
da chum canamhna ceirte sgríobhadh agus
do labhairt."
Feicfidh aonduine a léigheas an dil¬
eagra go h-iomlán go bh-fuil gné an t-
Sacs Bhéarla ins gach h-uile líne dhe, &
'sé seo an fear a deir go bh-fuil an
Ghaedhilig millte le na h-Éireannaibh a
sgríobhas í. Ní'l, ach mhilleóchadh na h-
Iar-Shasanaigh í a sgríobhas í dá bh-fuigh¬
dís cead a g-cinn, óir do bheidheadh sí
faoi chulaidh Sacs-Bhéarla aca go goirid.
Ní'l aon locht air sgríbhinnibh Thaidhg
Gaodhalaigh ach amháin nár gharbhuigh sé 'n
g agus an d i n-deire a fhocal. Ní rabh
aon fhocal garbhuighthe 'san t-sean aim¬
sir; cia 'n fáth, mar sin, i bh-feudeóchadh
Tadhg, ce lean an nós ceudna, an Ghae¬
dhilig do mhilleadh? Ní thiúrfaidh aon-
duine airide air an Saoi Ruiséal ach an
te nach bh-fuil aon eolas air Ghaedhilig
aige.
Admhuigheann an t Éireannach (?) seo go
bródamhuil gur "shuidh sé síos go trom"
air an g-ceud pháipeur beag clódhbhualadh
riamh i d-teagain a thíre! Budh fiúdhan¬
taidhe dhó "suigheamh síos" in eudan a
ghnódhthadh 'ná gangaid a chroidhe i n-aghaidh
an Ghaodhail a thaisbeánadh do'n t-saogh¬
al nuair nár bh-fuair sé cead a stiúradh.
Acht fan, a dhuine chóir. Ná h-abair
gur "shuidh tú síos air an nGaodhal,"
de bhrígh nach rabh sé in do chúmhacht, acht
tig leat a rádh go fírinneach go ndeár¬
nadh tú an iarracht, agus gur chlis tú
ainti.
Dá m-beidheadh do "shuidheachán" míle
milliún uair níos leithne ná atá sé ní
fheudthá "suigheamh síos" air an nGaodhal.
Teidheann an Gaodhal go h-Alasca, go
na h-Inndiachaibh Soir & go na h-Inndia¬
chaibh Shiar, go h-Éirinn, do 'n Fhrainc,
do 'n Róimh, go Gearmánaigh, go Ruise,
go h-Albain, go Sasanaigh, go Deas Éir¬
e-Mhór, agus go Canadá, agus is dóigh
linn dá mheud miosúr do "shuidheacháin"
nach bh-fuil sé leathan go leor le folach a
chur air an méid sin.
Agus, airís, má "shuidh" sé cho trom
sin air an nGaodhal cia 'n chaoi i sgiorr¬
ann os cionn trí mhíle Gaodhal uaidh
gach mí go na tíreachaibh seo? Caithfidh
feadán mór éigin a bheith 'na thimchioll a
leigeas uaidh iad i gan fhios dó fhéin.
Agus b' fhéidir go bh-fuil a námhadacht
ag dul a saothar do 'n Ghaodhal. Níor
"shuidh sé síos" air irisleabhair Áth-Chléith.
agus cá bh-fuil sé 'nois? Tá sé fághail
bháis air easbadh bídh!
Tá sé cinnte anois nach féidir leis
an Ruiséalach aon díobháil a dheunadh do
'n Ghaodhal ach imeasg na ndrong a ghabh¬
as air aon leithsgeul le n-a d-trí fichiod
píghinn a chongbháil in a b-pócaibh.
Tá luthgháir orrainn gur "shuidh" an t-
