AN GAODHAL
659
óide sé "síos go trom" air Thadhg Gaodh¬
alach, ce sgríobh agus labhair an Ghaedhil¬
ig ceud bliadhain ó shoin, sul do labhar¬
uigheamh aon teanga eile in a chómhursan¬
acht. Taisbeánfaidh sé díthchéilleacht an
fhir seo, agus ladhadóchaidh sé a chúmhacht
níos mó díobhála dheunadh do shaothar na
teangan.
Mar dúbhairt P. J. Creidhchín i sgeul
an Fhir Feasa Ádh'mhuil, "Dá fhad a's bhí¬
dheas an crúsga dul in a bhalla, bris¬
tear air deireadh é." Agus bhris an
Saoi Ruiséal a chrúsga nuair i d' ionn¬
suigh sé Tadhg Gaodhalach. Ní'l aon amh¬
ras nach saoileann an Ruiséalach go bh-
fuil sé fhéin cheart, ach is galar é nach
féidir leis i chrathadh dhe.
Más mian le Éireannaibh a d-teanga
a shaothrúghadh caithfidh siad "suidheamh
síos go trom" air dheaspóiribh mar an
Ruiséalach.
Seo dán ó Thadhg Gaodhalach, gan aon
athrúghadh,
DUAIN AN t-SLÁNUIGHTHEÓRA.
Fonn — "Eamon an Chnoic."
"Mo ghrádh-sa mo Dhia,
Mo ghárda, mo Liagh,
Mo ghrádh geal mo Thíthearna trócaireach;
Mo ghrádh milis Críost,
'S grádhaim uile a chroídhe,
Mo ghrádh ar fad tú Rígh na Glóire:.
Mo ghrádh-sa do shúil
Mo ghrádh-sa do shiúbhal,
Mo ghrádh-sa do chlódh 'sdo chómhachta:
Mo ghrádh tu le fónn,
Cia táim bunoscionn,
'Sná deárnadh, mo chúmhadh, do chómhairle!
Mo ghrádh-sa do Naoimh,
A n-áileacht 'sa ngnímh,
Mo ghráin bearta baois na h-óige:
Mo ghrádh-sa do dhlígh,
A bhreághthacht sa bhrígh,
Mo ghrádh-sa, fó thrí, do shompladh :
Ar bheárnas dod' riaghail,
Le sglábhacht an diabhail,
D'fhág san gan chiall me stóir-ghil :
'Sa mhághaistir na g-cliarr,
O raobas do riair,
Slánaig-si a Dhia mo mhór-loit!
Mo ghrádh-sa go léir,
Do ráidhte 'sdo réir
'Sdo mháthair, mo Réiltion Eóluis :
Bainríoghain na n-aingioll,
Bainríoghain na n-apstal,
'S bainríoghain na bh-flathas órdha:
Bainríoghain an t-sonuis,
Bainríoghain an t-soluis,
Bainríoghain na g-cros, na g-c'róinneach:
'S bainríoghain na ngrás,
A n-am sgeímhle an bháis,
Mo chrann-díghin 'smo ghrádh-sa an ógh-ghlan
Mo ghrádh tusa Athair,
Naomhtha na n-Aingioll,
A bhlath-ghlain na bh-flaith 'san aoibhnis :
Mo ghrádh-sa do leaca,
Áluinn gan aithis,
D'áitrigh do cheart le caoineas;
Mo ghrádh-sa do theagasg,
T-árus 's t-aithris,
Mo ghrádh-sa gach acht dod' dhlígh-si:
Mo ghrádh-sa gach aga,
Cráibhtheach do chaithim,
Ad ghrádh 'gus ad ghairm IOSA.
Mo ghrádh-sa na súirt,
Naomhtha so ad chúirt,
Mo ghrádh-sa do chom, do chlódh gheal:
Mo ghrádh-sa do thréad,
Fáigídhe na séad,
Mo ghradh-sa do mhéinn, do mhórdhacht:
Mo ghrádh-sa do phearsa,
Ad pháis sinn do cheanaig,
Mo ghrádh-sa do chathair cheólmhar :
A IOSA na bh-feart,
Ná daor mé led' cheart,
'Sgur tú mo shoíllse, mo neart, mo dhó¬
(chas.
Mínig-si méirlig,
Mílteach an éirlig,
An bhuídhin bhuile, chraosach, chóisreach :
Ná straocan do bhriathra,
Naomhtha na cléire,
Acht choídhche go faobhrach, fórsach:
Fuil Iosa dá spalpa,
An t-saoire dá straca,
A síor-sgrios 'sa creacha a g-cómharsan;
Mo sgeímhle-si an srian,
A d-teínte na b-pian,
Cuir na mílte gach bliaghain faoi bhrón-
bhruid.
