(23)
5Mhadh Rol. Uimh. 11. MÁRT, 1887.
DO 'N LÉIGHTHEOIR.
Feicfidh an léigtheoir go bh-fuil athrúg-
adh deunta g-cruth an Ghaodhail an mhí so,
athrúghrdh, támuid cinte, a bheidheas taith-
neamhach leis. Ní fheicighear o seo amach
aon fhocal de 'n Bhéarla Gallda i g-clár-
innse 'n Ghaodhail, ionnas go m-beidh fhios
aig gach h-uile dhuine a thóigfeas suas é
cad ata ann.
Tá muidne deunadh ar n-díthchill tean-
ga ar sinsear do thabhairt os cómhair an
domhain, agus is sé ar m-baramhuil nach
bh-fuil aon mhodh níor éifeachtuighe leis an
meadhon sin a chur i n-gníomh 'ná scaptha
na teangan go fóir-leathan i measg na
n-daoineadh.
Tig le gach Éireannach rod éigin a
dheunadh i saothar na teangan, bidheadh sé
mór no beag, agus an t-Éireannach nach
n-deunfaidh an iarracht ní fiú é áiriúgh'.
Mar sin, tá sé dlíghte de gach duine a
dhithchioll a dheunadh.
Tá an Ruiséalach aig an t-sean-obair
arís. Dúbhramar cheana gur galar é
nach féidir leis a chratadh dhé, ach tais-
beánan a chómhrádh déighionach go bh-fuil
níos mó 'ná galar air — go bh-fuil mío-
mhúinteacht air chó maith leis an ghalar,
Is mór an t-ádhbhar luthgháire dhúinn, a
dhearbhráiridh, stáid na teangan i n-diu
bh-faras a stáide deich m-bliadhna o shoin,
agus ní shé amháin stáid na teangan acht
stáid an chinidh go h-uile. Ní rabh chúis
féin-riaghluighthe na h-Éireann níos dóigh-
theamhla le seacht g-ceud bliadhan : agus
taisbeánan sé go measfaidh an saoghal
sin do réir ar meas orrainn féin.
Tá súil againn go m-béidh níos mó
clódh Gaodhalach againn a g-coinne na
míosa so chugainn, a riochd go bh-feudfa-
muid ar n-iarráisdidhe íoc. 'San am
ceudna deunach gach duine a dhithchioll an
Gaodhal a scapthadh i measg a chómharsa-
naibh.
