AN GAODHAL.
673
The Hills of Cúnamara.
(By Leo)
Translated by Dr Joyce of San Francisco Cal.
Air — The Green Flag Flying Over
Tá 'n ceo go trom os cionn an bhaile
Roimh tuitim dubh na h-oidhche,
An drúchd ag luigh' go tiugh 'na cheann,
'S na lamptha gliocuidh tréfa,
'S mise mo dheoruídhe annso mo shuidh'
O thír 's cáirdibh scartha,
'S na gaoltaibh díl d'fhear mo laethibh óig
Air shléibhtibh Chuan na mara —
Sléibhte breágh froich 's bhláth,
Sléibhte Cuan na mara.
Tá 'n ceo go trom os cionn an bhaile,
'S ceo níos truime triall air:
An croidhe tá uireasbhuigh grádh
Air an siothchán 's sógh le fad' uainn.
M'aon, m'aon gidh milliún ann,
Mar bheadh air mo chlaontaibh magadh,
Le aisling oir fa shnutha mór'
Air shléibhte Cuan na mara —
Sléibhte deas na m-borbh súl ghlas,
Sléibhte Cuan a mára.
Os cionn Loch Coirib tán ghealach 'g suan,
'S an corrach ag snámh go teatrom,
Air mhathaibh Chlocháin ár g-cailínidh siúbhal
Aig deunadh spóirt 's pléisiúr.
Fágfadh mé anois an sparn 'san gleo,
'S mar chuimhne liom ag sgaradh;
Aon amharc amháin le cumas grádh,
Air sléibhte Cuan a mara.
A chnoic chaomh na m-bhárr donn fraoigh
Sléibhte Cuan na mára.
Sar bheannacht Dé go rabh 'na g-ceann,
'San sliocht a tá siad thógáil,
Má bheadh clann Éireann go léir mar iad
Ní chailleochamuid go fóil í;
Go g-cómhlíonadh Dia mo mhuiníne teann,
Faoi 'n tan sin béidh mé faire,
Béidh ceol na sruth 'sa n-eun na g-ceann,
Dom' fháiltiúgh', air ais go Cuanamara
Á chnoic áird chéim mo dhúthchais féin,
Sléibhte Cuan a mára.
The Irish Nation should maintain some patriotic
bishop or priest in Rome to counteract English in¬
fluence. There is no doubt but that the English
agents represent the Irish as worse than the Ind¬
ians.
RIAGHÁIL ÉIREANACH in ÉIRINN.
Leis an "g-Craoibhín Aoibhinn."
Nois inneósaidh mé an fhírinn',
Tá aon nídh ann fós le fághil,
Riaghail Éireannach in Éirinn;
siúd é an nídh atá teastáil ;
Siúd an nidh atá teastáil uainn,
Easbhuidh mhór in Éirinn áluinn,
A's ní féidir a chongbhál uainn,
O ní féidir a chongbhál!
Riaghail Éireannach in Éirinn !
Siúd an focal is milse linn ;
Focal a bh-fuil éifeacht geur ann, —
Focal bríomhar, focal binn !
Óir 'sí Sacsana do chrádh sinn,
'S í do sgrios a's do robáil sinn,
'S í do mhasluigh a's do cháin sinn :
'S geárr go g-coisgfeamuid-ne sin
Riaghail Éireannach in Éirinn ! —
Focal thógas uile chroidhe ! —
Uile fhód dí a bh-fuil feur ann,
Béidh sé leis na h-Éireannaigh'.
Béidh uile ag na daoinibh,
'Nuair a bh-fillfidís thar taoide,
Tá le fad air fán d' a n-díbirt,
Béidh na Sacsanaigh ag críth.
Deir T. O'N. Ruiséal nach bh-fuil acht
beirt fhear 'sa tír seo ce tá 'nan Gaedh¬
ilig a sgríobhadh go ceart, — na Saoithe
Maignéar agus Pádraic. Is neamhnáir¬
each an rádh é sin. Tá scoláiridh Gaedh¬
ilge 'sa tír seo ce bhí 'nan an teanga a
sgríobadh agus a labhairt sul do bhí fios
na leitreacha aige san. Cia 'r fhág sé
an Saoi, Uilliam Ruiséal, de chathair na
h-Ola, agus P. J. O'Dálaigh, de Bhoston ?
Acht b'fhéidir go bh-fuil draoidheacht air
an Gaedhilig agus nach d-tugthar cead
a fóghluimte acht do dhaoinibh áirighthe!
Cad fáth nach bh-fuil an draoidheacht seo
air an m-Béarla?
Those readers of the Gael who have preserved
Gael Glas's prophesies, commencing in No 8, page
457 of Vol 4, will find a re-reading of them inter¬
esting in view of the present political phase of
Europe.
