AN GAODHAL.
681
URLABHRADH an DÚIBHCHE d' UILLING¬
TON i bh-Féis na d-tighearnadh Sacsanach
'san m-bliadhain 1829, ag tagradh a d-
taoibh an Bhille Saoirsigh Catoilicigh. Tóg¬
tha go neimhdhíreach o'n "Iris Seachtmhain¬
igh," de'n aonmhadh lá air fhichid de'n Lúgh¬
nas, 1875, agus aistrighthe do'n Ghaedhil¬
ig ag cathair Sain Phroinsiais i mímheádh¬
ain an Fhóghmhair, 1886, le "Seanghual¬
ainn."
"Tá sios agaibh go maith cheana, a thigh¬
earnaidhe, gurab iad Catoilicighe Róm¬
ánacha do righne suas leath, dá lúgha, de
na sluaightibh ba thoil le n-ár righ ngrása¬
mhuil a chur go muinghíneach faoi mho threó¬
rughadh air feadh an chogaidh, — Cogadh toin¬
sgnuighthe go fíor chum na súidhighthe sona
agus féin-chúmhachd na tíre do chúmdughadh
A thighearnaidhe, anuair ghlaoidhim bhur
g-cuimhne do'n nidh seo, táim cinnte nach
gádh níos mó a rádh. Is maith atá fíos
agaibh, a thighearnaidhe, air an aimsir fha¬
da & air an obair chruaidh do bhí aca ag
congbháil na himpireachda suas go h-eud¬
rom air bhárr na tuile do sgrios agus
is beag nár bháth air fad gach n-daóineadh
eile : agus mar chongbhaigheadar beó an
t-aon spré amháin saoirse fágtha gan a
bheith múchta 'san Eórp, agus mar le h-
iarrachdaibh gan coimhionannas, do chuir¬
eadar sinn fa dheoigh, ní amháin a bh-fad
os cionn an uile bhaoghal, acht a stáid
sonais níos áirde 'ná bhí aon súil againn
rochtain a choidhche. Tá na neithe seo buan¬
ach agus naomhtha go leór, a thighearnaidhe,
chum buidheachas an náisiúin do thuilleamh.
Atá sé beag nach neimhriachtanach dham-
sa, a thighearnaidhe, do dhearbhughadh dhíbh
go bh-fuaras mo shaigheadóiridhe Catoil¬
iceacha Rómánacha a g-cómhnuidhe chómh
foighideach faoi h-easbhadhaibh, chómh deith¬
nasach chum an chogaigh, agus chómh socruigh¬
the agus chómh meisneamhuil san magh-chatha
le haon chuid eile de shluaightibh a Mhór¬
achta Ríoghamhla; & a bh-ponc dílseachd¬
a agus díograis d'a d-tír agus d'a righ,
níor sáruigheadh riamh iad.
Ni iarraim aon luaidheacht i n-innsin
gur bh' fhéidir le ceannairt eile stoirm
an chatha é threórugadh, chómh gaosmhar
lem' fhéin. Ní bh-fuil againn acht feuch¬
aint siar air análachaibh ár ngníomh cog¬
amhuil chum a bheith deimhnighthe gur beagán
d'ár g-ceannfheadhnaidhibh nach raibh acfui¬
neach go leór air spioraid neamhchlaoidh¬
teach ár sluaighteadh a threórughadh agus
air ghlóire úra do chas timchioll na h-an¬
ma Breatanaighe. Acht, a thighearnaidhe,
an fhad atámaoid saor chum é seo do
thógbháil asteach, caithfimid admhughadh mar
an g-ceudna nár bh' fhéidir aon bhuaidh d'
fhághail riamh gan fuil Catoilicigh agus gan
cródhacht Catoiliceach, agus go m-beidh¬
eadh na h-intleachda cogamhla do b'fheárr
'san Eórp gan tairbhe ós cionn a n-arm¬
áilte. A thighearnaidhe, dá laibheórainn
mar seo lem' shluaightibh Catoilicheacha
Rómánacha a d-tánóna roimh aon de na
laethaibh dian-troidthe seo air a bhí agam
an onóir iad d'órdughadh :— "Atá fios a¬
gaibh go maith go bh-fuil amhrus ag bhur n-
dúthaidh air bhur n-dílseacht, no go bh-fuil
fuath aice air bhur g-creideamh, mar nach
leigeann sí sibh asteach ameasg stáide
a cathruightheórach eile; má mheasan sibh
air a shon san go bh-fuil sé éagóireach air
a páirt d'iarr orraibh bhur bh-fuil a dhór¬
tadh air a chosnamh, tá sibh saor chum im¬
theacht;" - táim lán-chinnte, a thighearnaidhe,
gídh searbh na cuimhnidhe a bhí músgailte,
go dteilgfidís uatha an tairgsin le tar¬
chuisne; mar is uair na glóire agus an
bhaoghail an uair is mó aithnigheann an t-
Éireannach cródhach, deághchroidheach, a ghnó,
agus an uair is mó atá sé socraighthe
air é do dhéanamh Acht, a thighearnaidhe,
dá m-beidheadh sé air an módh eíle: dá
d-tógfaidís mar rógha an chúis a bhí róm¬
pa do thréigean, bíodh go g-coineobhadh an
chuid eile de na sluaightibh suas, gan amh¬
rus, ónóir na n-arm m-Breatanach, fós,
mar dúbhras, níor b' fheudfadh aon d' a
n-iarrachtaibh aon lán-bhuaidh d' fhághail
riamh. 'Seadh, a thighearnaidhe, is do na
Catoilicighibh Éireannacha a tamaoid go
h-uile i bh-fiachaibh air ár n-áird-chéim uaibh¬
righ in ár g-cúrsa cogamhuil; agus is
dóibh atáim-se féin- a b-pearsain, faoi
fhiachaibh air na lábhrasaibh le ba thoíl libh
mo mhalaidhe d'óirdniughadh, air na h-ón¬
óiribh do scair sibh orm chómh fial-san, a¬
