﻿682
AN GAODHAL
gus air an deágh-chlú níos feárr' ná gach
nídh eile, do bhron mo dhúthaidh orm in a
muintireas flaitheamhuil. Ní féidir liom
gan móthughdh, a thighgarnaidhe, gur raib
sibh-se féin cúramach, go mórmhór, air an
bh-fiach mór so an bhuidheachais a chur orm;
níos mó, b'fhéidir, 'ná dhuit do dhán aon
neach eile riamh, agus, gídh taithneamhach
an chúis, cuireann sí mé a sráid piana¬
mhuil go minic. An tan castar aon de na
fearaibh calma so liom (agus is minic é
sin), atá, maille lé daoinibh eile, 'na g-
cúis an bhille seo, agus d'iomchair mise
chómh minic-sin air sruth na caithréime;
anuair chídhim iad cómharthuighthe fós le
casaoid urraime roinnte, fós dímheas¬
ta faoi 'n mhiana mhacánta, agus fós
fuagartha neamhoireamhnach chum dul leath-
astigh d' fhál an bhun-reaichd, bhídheann,
bheagnach, náire orm mar gheall air na h-
onóraibh do sgaireadh orm ;— móthaighim,
gídh ba leo-san an luaigheacht, gur tugadh
dham-sa cad do bhain leó ; gur bhain mi¬
se gídh gur chuir siad-san, gur iomcair
siad-san ualach agus teas an lae, acht
gur ba liom-sa amháin an suaimhneas a¬
gus an tuarasdal. A thighearnaidhe, is
sólás mór eile dham-sa na h-ádhbhair seo
a thagradh a n-aonachd le ball urramach
dom' chineadh, chómh deighianach-san os cionn
riaghluighthe a thíre dhúthchasaighe — tír ion¬
mhuin liom-sa go deo air chuimhnidhibh m'óig¬
e, air mheamhair a trioblóid agus air
chródhachd a daoineadh. Is díleas liom
ainm na h-Éireann, a thighearnaidhe, agus
'sé an sólás is áirde am' ghlóirmhian a
bheith aontuighthe mar so leis an chuid eile
dom' chineadh air an obair taithneamhaigh
seo ag dúnadh suas na ngoin do chuir
mí-riaghail seacht g-céad bliadhan air an
talamh dona so.
CRÍOCH.
A few typographical errors appear
in Mr. Baldwin's poem, in last GAEL,
to which he called our attention.
In last line of the preface the s of
sneachta should be eclipsed by t ; amach
in second line above should be amuigh,
and the f of fanacht should not be as¬
pirated. Read cúmhachta instead of smach¬
ta in first line, and, snow instead of
"moon" in second line of translation.
Remarks of WILLIAM RUSSELL on the
incorrectness of the orthography of the
words Gaedheal and Gaedhilig.
Cathair na h-Ola, Pa. 1887.
Chuig Oiditeara An Ghaodhail:
A Shaoi Ionmhuin ;— Cia gur ro an¬
namh do sgríobhaim leitreacha Gaodhailge,
cuirim rómham sgríbhin do chur chugat
andiumh a b-pros seanda, milis mo shin¬
sir; agus a sé an t-ádhbhar atá agam
leis, an modh gráineamhuil ann a bh-feicim
go minic na focail, "Gaedheal agus
"Gaedhilig" litrighthe ann d-irisleabhar
tíoramhuil, le sgoláiribh noch do shaoil¬
eann nách d-tig le duine air bith annsa
tír seo Gaodhailig mhaith do sgríobhadh ach
leo féin.
O'n am ionn ar tionsgnadh le bárdaibh
agus saoithibh eile na h-Éireann riaghail
bhlasda ar d-teangan, iodhon, "Caol le
caol agus leathan le leathan," agus ar
cuireadh air leath-taoibh úsáid an dafhogh¬
air "ae" ar son an dafhoghair "ao," níor
dheárnadh aon sgoláire maith an erraid
Gaodhal agus Gaodhailig do sgríobhadh
annsa g-cumadh aisdeamhuil, neamh choit¬
chean do lochtaighim, nó go d-ti le deir¬
ionnaighe. Agus uime sin ní fáightear
sgríobhtha le trí cheud bliadhain, le sgol¬
áiribh Chonnacht, Uladh, na Laighean, Gaedh¬
eal ioná Gaedhilig. Agus ní air an g-
cumadh san do sgríobhadh le Dochtúir Céi¬
tion iad; ioná fós le sgoláiribh na Deas-
Mhúmhaine: Mar atá Eoghan Ruadh, ag¬
us Tadhg Gaodhalach O'Suilliobháin; Seágh¬
an Clarach; an Mangaire Súgach; Seágh¬
an O'Tuama, agus Seághan O'Coileáin.
Agus maidir le sgoláiribh deanchadh
Tuadh-Mhúmhaine do sgríobhadar go h-uile
"Gaodhal & Gaodhailge;" mar atá Aodh-
Buidhe, Aindréas, agus Séamus Mac
Cruitin; Micheál Ó'Coileáin, noch do
sgríbh An Sotach 'sa Mháthair; Brian Mac
Giolla Mheidhre, Seon Lluid, Peadar O'
Conaill, Eachaidh O'Gormáin, Donchadh
Ruadh Mac Conmara, Tomás O'Miodha¬
cháin, Seághan Do Hór, Micheál Coimin,
Séamus Mac Cuinsidin, Gearoid Mac
Gearailt, agus filidhe eile an Chláir.
