AN GAODHAL.
693
AN GEARRFHIADH GEAL.
We have received this story from a student of
Mt. St. Mary's Seminary, Emmetsburg, Md., a
former student of St. Jarlath's, Tuam.
Sgeul air ghleann Neimhfinn.
An aimsir arsuidh, bhí caisleán láidir
i n-aice le bun sléibhe Neimhfinn. Do 'n
chaisleán sin ní'l cloch le fághail anois ach
aon chloch amháin noch 'deirid' is féidir d-
fheicsin i m-binn iartaraigh tighe Cheathra¬
mha-chaoil.
Acht deir an sgeul go raibh caisleán
ann, agus go m-budh taoiseach saidhbhir a
chomhnuigheadh ann.
Bhí aon mhach amháin aig an taoiseach
seo darb ainm Domhnall Donn. Bhí gean
mór aig muintir na n-áite a bhí thimchioll
air air Dhomhnall. Bhí sé óg agus sglamh¬
ach; bhí sé árd agus lúthmhar; bhí sé deágh-
nádúrtha; bí an uile cháilídheacht aige a
tóróchaidhé ann ógánach air bith, Agus
do bhí sé 'nn a ghrádhuightheoir seilge.
Bhí sé 'na maidin bhreágh, soilbhir 'san bh-
Fóghmhar. Bhí Domhnall Donn imighthe a¬
mach. Bhí an t-sleagh sealgaidhe aig lon¬
radh in a láimh agus na madraidh aig sud¬
ar le 'na thaobh. Bhí dúil aige an lá a cha¬
thadh le sólásaibh na seilge.
Bhí sé deunadh a bhealaigh — air fhad an
t-srotha a bheireas uisgídheacha Loich-an-
leath-bhaile asteach go loch Con — chum cuai¬
ne de chóill tiugh [ áit a m-bídheann fiadh¬
ana go minic ], a bhí 'nn a fhólach os cionn
roinne de'n m-baile d'a ngoirthear Cnoc
Mháire anois mar ainm. Air bhruach an
t-srotha so — go h-ádhamhuil an bruach sin
air a rabh sé aig siúbhal — bhí cnocán mín-
fhanach agus tobar de'n uisge budh ghlaine
aig a bhun.
Thainic sé amhaisgeacht do na trí shla¬
ta do'n tobar so, 'nuair, aig feuchaint
uaidh dhó, chonnairc sé gearrfhiadh geal a
múchadh a tharit san tobar. D'iompuigh
an créatúr faiteach a cheann chum an
phointe ó 'r raibh torann na g-coiscéim
aig teacht chuige. Bhí a bhaladh cheana aig
na mhadraidhibh agus bhiadar aig deunadh
chuige. Le béic ruith Domhnall chuige agus
an sin thosuigh an fiadhach
Ruitheadar leo, gearrfhiadh agus mad¬
raidh, agus an sealgaire óg aig teacht na
n-diaidh cho h-easgaidh le fiadh.
Budh gheárr go rabhadar imighthe amach
tre choilltibh Mhasbrooc [Áthchaonnaigh] a¬
gus Terri, agus tar cnocaibh anroteach¬
a Phantúin. Bhí sé 'na fhiadhach teith.
Aig an meádhan lae budh fada na n-
diaidh a bhí gleann Neimhfinn fágthadh leo
Bhí Domhnall tuirseach, agus budh leur
dó go m-budh fiadhach díomhaoin a bhí ann.
Shuidh sé síos ; ghlaoidh sé chuige na mad¬
raidh. Do thainic dis diobh chuige, acht do
b-feárr leis an trimhadh madadh congbháil
a n-dhiaidh an ghearrfhiadh.
"Is aisdeach," ro smuainigh Domhnall,
mar bhí sé aig cuimilt na n-deor mhór al¬
ais óna éudun, "bhearfadh mo mhadraidh-
sa air an bh-fiadh is éasgaidhe ann aimsir
níos gire, acht tá an beithigheach beag so
aig fághail an chinn is feárr orra. An
stadfad anois? an g-caithfidh mé fill¬
eadh chum caisleán m' athar le lámhaibh fa¬
lamha?" aig eirigh ón áit suidhte, ro ghoir
sé, "'Na dhiaidh, 'na dhiaidh aris! Caithfi¬
muid é seó do ghabhail."
Is iomdha míle do shiúbhal sé thar mhath¬
aibh comhthroma a bhí aig leathnúghadh amach
róimhe, thar choilltibh tiugha, agus air fad
sliabh, aig leanacht ann gi bhe áit ann ar
iompaigh na madraidh a n-aghaidh.
Agus anois, ní rabh Neimhfinn le feic¬
sin in san imchian liath níos faide. Bhí
an ghrian faoi, agus bhí dorchadas na h-
oidhche aig teacht air an talamh.
Fa dheire rug sé air a thrímhadh mad¬
adh; bhí an créathúr bocht sínnte beag-nach
gan anáil o thuirse a n-aice le sean chais¬
leán.
Aig teacht do Dhomhnall chum an mhad¬
aidh rug iongantas mór é mar gheall air
an gleamhsán truaghach a thosuigh an ma¬
dadh a dheunadh. Do lean an dá mhadadh
eile sompla a g compánaigh.
Chuaidh Domhnall asteach san t-sean
caisleán. Níor chonnairc sé nídh air bith
ann a thabhairfeadh úghdar gleamhsáin cho
neamh-ghnathach so do na beithighibh tuigsio¬
nacha. D'fheuch sé go grinn ameasg na
g-crann a bhí aig eirighe go leathan agus
cho duilleogach thimchioll na h-áite. Acht
níor fheud sé nidh air bith d'fheicsin ann
ach buin mhóra ádhmuid deunta suas na g-
