696
AN GAODHAL.
BLIADHAIN NA D-TRÍ N-OCHT.
Uilliam Ruiséal Cécinit
Fonn — An Stáicín Ornan.
NOTE — The following song was composed in the
year 1873, and is written in the allegorical style of
the Jacobite bards of the last century. The pro¬
phetic hint it contains in regard to the year of the
three eights is based upon the figurative significa¬
tion of the name of the number eight in Hebrew,
in which language it implies fame and elevation.
And hence the composition has allusion to the year
1888, when its author supposed, or hoped, that
some tangible amelioration of the condition of his
native land should take place, by the force of cir¬
cumstances and the operation of political destiny.
W. R.
Maidin aoibhinn, aorach, am aonar chois
coille dhom,
Ag machtnamh air anacradh na n-Éir¬
eann, gan locht;
Do dhearc mé ainfhir mhaorga, bo seimhe,
bo ghrinne cruith
'Na an bhéith do thug Banba faoi ghéibh¬
ionn docht:
Bo finne, ghile, aolda a h-Eadan sa ma¬
mha-chnis,
Ioná gné sneachta tuitighthe air shléibh¬
tibh go moch;
'Sa gruadhna mar na caoraibh, is craor-
ag le deirge
Air úr-bhrollach torthách Inse-Eilge, na
loch.
Mar omra buidhe na gréine, bo dreim¬
reach, le snas ag fighe,
Tar ghuaillibh a feacadh lei go niamh¬
rach, a folt;
'Sa dearca mar na reultaibh air spéir,
oidhche seaca bhí,
Am amhras, cho daite le salchuach
ghrínn na ngort.
Dobh aibig í 'sba leigheanta, a n-éifeacht
gach tuigsiona
Do réir mar a mheasas d'éist chum
cainte lei dul:
'Sa pearsa leabhair gan bheim bhí mar aon
de na n-aingealaibh,
Do thearnas le teachtaireacht chum
naomhaibh gan chol.
Fionnaim-se do'n aoil-chnis cia an taoibh
chúgam ar thaisdil-sí —
Ann o chríochaibh thar fairge do bhí sí
ag teacht
No ar chomhnaigh-sí 'san d-tír ghlais le
dlighe cam d'a creachadh bhí,
Ag siolmhach na Sacsanach, le ciantibh
faoi smachd
Ar bhise maithir-shinsir chlainn Mhíledh, na
g-cine glan —
Scoitín do fuair urraim ann ard-
laoithibh na scan;
Fós Gormflaith na m-banntracht o
Cheann-Chorann sionaine,
No an ghéis d'ar thug Conall Bhinne-
Éadair a ghean?
Do fhreagair sí le seimhe, a nGaodhailig
bhúig-bhlasda mé,
"Ní h-aon-bhean de'n fhuirionn mé do
spréagais ad cheisd;
Fós, sgéidhfeadh mé dhuit sgeul tá dis-
creideach a's iongantach,
Mar is léir dham go bh-fhuilir-se fíor¬
aonta, a d-teist:
Ash ainim dhómhsa Éire, is 's faoi spéir
ghorm fhlaithis ní'l
An te úd de'm shamhailt tá 'gá crei¬
meadh gan tosd,
'Sas doilig liomsa staonadh cé faon me
ag feitheamh air,
An bh-faoiseadh do thiocfadh chúgham le
bliadhain na d-trí n-ocht."
BAILE NAOMH SHÉAMUIS, MISH
An cúige lá fichid, mí na Féile
Bríghide, '87.
Do Chlódhaire An Ghaodhail:
Shaoi Dhílis ;— Cuirim chugad anns an
leitir seo aon dollar agus fiche pighinn,
luach an Ghaodhail air feadh aon bhliadhain
air mo shon féin agus air shon Dhomhnaill
MhacCamhlaidh.
Is sé mo mhian bheagán foclaibh labhairt
a d-taobh a "National League" a tá air
bun anns a tír seo agus ann gach tír
eile ann a bh-fuil Éireannach ann. Ní'l
fhios agamsa aon nidh rinne an cumann
seo air son na tire. Támuid ag éist¬
eacht gách lá & gach oidhche go bh-fuil Sac¬
san shíos & go bh-fuil Éire shuas anns an
g-comhraic a tá eidir a dá d-tír. B'fhéi¬
dir gur mar sin atá, acht sé mo mhar a
