AN GAODHAL
697
mhail — agus ní'l caill do dhuine baramhail
a bheith aige — go bh-fuil Éirinn shíos agus
Sachsan shuas, agus gur mur sin a bhéidh
siad mar nglacaidh Éireannaigh misneach,
agus buile níos cruaidhe na caint a bhual¬
adh air son a d-tíre. Ní'l an cumann
"N. L." ag dul a troid air son saoirse
na n-Éireann. Mar bh-fághaidh siad
"Home Rule" le caint, ní'l siad dul a
troid air shon. Deir Parnel seo, agus
creidim go bh-fuil fios ag Parnel.
Acht tá aon nidh thiocfadh leis an "L."
a dheunadh. Tá sé faoi chúmhacht an "L"
an Ghaedhilge do mhúnadh do na daoinibh
tá innnti.
Ní'l aon bhaile mór anns a tir nach bh-
fuil a chumann-san air bun ann. Dá g-
cuireadh gach cumann scoil Ghaedhige air
bun, ba ghoirid go m-beith gach Éireannach
anns a tír ábulta teanga a thíre do la¬
bhairt. Bheith gach Éireannach anns an
domhan buidheach do'n "N. L." an sin. So
an rud is feárr a thiocfadh leis an gcu¬
mann so a dheunadh. Ní'l binn air bith ag
Sachsan air a g-cuid cainte ach mur bheith
aici air asal a buiridh.
Glac mo leithsgeul, a Saoi, air son an
droch Ghaedhilge atá sgríobhtha anns a lit¬
ir so. Cuirim chugat an Ghaedhilig mar
labhair mé í an m'óige a Chondae Thír-
Chonnaill, air oileán air ba ainm Aran
Mhór. Tá súil agam go mh-beidh mé abul¬
ta an Ghaedhilge a sgríobhadh níos feárr
nuair chuirfeadh mé litir eile chugat.
Do charaid, go fírinneach,
SÉAMUS E. MHAC CAMHLAIDH
We print Mr. McCauley’s letter just as he sent
it, and we must say that his first effort is highly
creditable to him.
He states what every sensible Irishman thinks.
AN MANGAIRE SÚGACH.
A bhlainnioll blaithmhilis bheasach, blathmhio¬
car béal tanuidhe modhal,
Le grádhdil dá blathchruith do cheus mé, is
d'fhág mé gan treine gan treoir;
A bláthfuilt go bláthtuigh air dhaoldaith, sis
bláthsnuighte a h-aolchraobh gan smol
As bláth-thuigfeach ráidhte na beithe sas
bláth nuile gheag di darno.
Ghrádhghil do ghrádhas tú tar bheithe, is do
ghrádhfinn dá m-b'fhéidir níos mó,
Do ghrádhas tú a ghrádhghil mo chléibhe, le
grádhgeal dod mheinn is dod chlodh,
Ó ghrádhas tú a ghrádhgil le geursearc, do
ghradhsa ní sheunad leam ló,
Mo ghrádhsa is do ghrádhsa má raobthar,
gan grádh ceart aig aoine go deó.
A riúnghil is riún duit tar aon mé, mo
riúnsa leamrea tú is mo stór,
Do riúnsa, mo riúnsa, go n-éagad mo
riún tú is mo chéile leam ló;
A riúnghil na rún g-cert, ní leigfead mo
riún tuig le h-aon bhean ad deoig
Is más riún sin ar rúnna do sgeidhfear
gan rún glan ag aoinne go deó.
A chumann na g-cumann ná tréig mé, is
go bh-fuilim an aegchruit ad dheoig
Is gur cumann do chumann na treigfead
a chumain go d-teadsa fán bhfhód
Ó thugas duit cumann is geille, mo chum¬
annsa sheunadh ní cóir,
Is mo chumannsa a cumann má threigir,
gan cumann aig aoinne go deó.
A chara na g-carad le chéile, do charas
le saor-ghean ar d-tois,
Mo charaid a chara do threigfinn is do
rachfainn a g-cein leat na dheoig;
Ní carad dam cara na ceithlean acht ca¬
ra na beithe so am breo,
Is mo charasa a chara má sheunuir gan
carad aig aon bhean go deó.
Annsacht na n-annsacht do cheus mé, le
h-annsacht dod sgeimh is dod phóig
Bíoch a rogha agadsa misi mar chéile, nó
dúnsa gan bheasa agus fós
Annsacht na santuigsi baothlach, na stam¬
pa na reigfeach do bhrón,
Is m'annsachtsa annsacht má threigir, gan
annsacht na rea agat am dheoig.
Críoch, mar fuaras,
Tomás ua Gríomhtha.
We have received an excellent copy of O'Don¬
nell Abu, in the key of C, for the pianoforte, in
which the words of the song are given in full
both in English and Irish. This grand Irish
march is now very popular, and will no doubt find
its way to the music stand of every Irish family. It
is published by the Messrs Ford, 17 Barclay St.,
N. Y., price 40 cents.
