(26)
6Mhadh Rol. Uimh. 2. IUIL. 1887.
NUAIDHEACHT na MÍOSA.
Tá 'n oiread nuaidheachta uadh sgríobh-
amar cheana a's líonfadh dhá Ghaodhal, ach
faraoir geur, is nuaidheacht dhona do
Éirinn í. No b'fhéidir nach sheadh. Tá tais
na h-amadánacht a shaoil saoirse na h-
Éireann fhághail gan troid adhlaca, agus
b'fhéidir go n-eireóchadh as a luaithre an
taoiseach a d'fhágfadh a lorg na dhiaigh.
Tá sé aith-chinte anois, má bhí aon amh¬
ras air roimhe seo, go g-caithfidh Éirean¬
naigh troid más mian leo a bheith saor, ⁊
caithfimid maoin a thógáil leis an troid
seo iomchar go ceart-lár Shasanaigh
Déarfadh daoine nár chóir é seo agus
nár chóir é siúd a dheunadh. Ní'l seo no
siúd ann acht an nídh is éifeachtaighe leis
an obair a dheunadh
Tá grimh aig an miastín air phíobán
na h-Éireann, agus caithfighear sblanc
a chuir le na bheul le na ghrim a sgaoileadh
agus go n-diúltaigh an talamh fasgadh go
an te a chuirfeadh bac air.
Tá Rúise ans an Oir 's tá muinín ag-
ainn gur geárr no go m-beidh an sean
Leon creapalta in a theudaibh féin, agus
b'fhéidir insin go m-budh mhaith leis "luchóg"
na h-Éireann do agairt le na fhuasgailt
as.
Acht déartar go bh-fuil an bhainríoghan
na Coitiliceach a n-aimhríoch agus gur b'
shin é an fáth bh-fuil cúmhacht na Sasanach
cho laidir san Róimh. Is cuma linn-ne da
m-beidheadh sí na papa. Ní'l aon cheart
saoghalta aici-si no aig an b-Papa in Éi-
rinn. Ta Caitilicidhe Shasanaigh na namh-
aididhe cho mór dúinn leis na protas-
túin.
Ta aon rud amhain soiléir — Ní chaith-
faidh Éireannaigh bheith ag amadanacht
níos fuide.
