706
AN GAODHAL.
AN GEARFHIADH GEAL.
An Dára Roinn.
Tá an mhaidin eirighthe go ciúin 's go
lonrach. Tá fion-fhuardas breágh in san
aedhear, agus tá baladh sgoth fiadhain 'g
a n-iomchur air goathaibh ciúine. Air uile
ghéig bhí na h-eunacha aig sinnim go binn.
Tá smigeadh air phuisibh an chodaltóra;
tarraingidh sé a anál go trom — mús¬
glaidh sé — fosglaidh sé a shúile. Acht cia
a sheasas eidir é 's an ghrian a bhí aig eir¬
ighe? Feuchaidh sé. Líonta le iongantas,
léimidh sé óna leaba drúchtfhliuch. Maigh¬
dean is mó agus is breághtha sgiamh atá
ann sin. Níor chonnairc Domhnal ariamh
aondhuine cho h-áluinn. Tá a shúile báithte
inte: Brisidh sí an sosd: "Na bídheadh
faitchíos ort! Ní'l aon olc agam duit!!"
"Ta d'aghaidh na bharrantas maith go leor,
a bhean áluinn," ar sé. Chlis a ghuth; air
feadh moimeint, d'fhan sé na shosd, arís
labhair sé; "Insigh, a bhean uasail, cia thú
féin, no cad é fá do theachta air cuairt
agamsa?"
D' fheuch sí go brónach air an talmhain.
In sin, shocruigh sé a shúile uirri. An t-
eudan cho geal, cho caomh — sgathuighthe leis
na foltaibh breágha gruaige dorcha — na
leicne comhchruinne apuighthe — breághachd a
crutha — an cóta breágh de dhath doimhin-
ghlas — na seoid a bhí cho lonrach le deor¬
aibh drúchda air a brollach!
"Go cinnte," ar sé " ní de 'n t-saoghal
so thusa."
"A ógánaigh mhaith," ar sí, i n-guth
níos binne iona ceol, "táim go deimhin
mar táir féin, daonda. Inneósad duit
mo sgeul i m-beagán d' fhoclaibh."
"Labhair — labhair, lig dam do chlos,"
ar sé.
"Maiseadh, ann sin," ar sí, " chidh tú
an t-sleagh úd, do chuir do lámh ann sin
í, cuireadh í os cionn brollaigh na mná a
d'fhág mise le fán le na cuid draoidh¬
eachda, acht d'fhuasgail tusa mé : Ca bh-
fhuil mo bhuidheachas?"
Misé, mise, d' fhuasgaltóir!" ro ghoir
Domhnal go luathgháireach, mar bhí sé aig
pógadh a laimhe a bhí ag crich. "M'fhuasg¬
altóir," ar sí, go ciuin, "faoi an g-cruth
ann ar chonnairc tú mé, i n-de — faoi
chruth ghearfhiaidh ghil — chaithfinn fanacht air
feadh an ama a tugadh dam le h-aghaidh
mo rionluais saoghalta. Acht do bhris
tusa an draoidheacht mhailíseach."
"Táim ó bhunadh daoine flaitheamhuil.
Bhí máthair ghrádhach, cheansa agam. Nuair
nach rabhas acht an-óg thóig Dia uaim í.
Phós m' athair [ mar cuireadh ialach air a
pósadh ] inghean taoisigh chúmhachdaigh ó
dheischeart na h-Éireann. Phós sé bean
a raibh draoidheachd aici." Chriothnuigh an
t-óg-bhean. "O 'n momeint ar thainic sí
asteach a d-tigh m'athar — noch tá anois,
mar chidhean tú, sgriosta, bánuighthe — bhí
fuath aici orm. D' airigh mé go rabh fuath
aici orm ; acht níor rabh fios agam cia
an fáth, Acht anois tá fhios agam."
"Acht cheana, in mo dheichmhadh bliadhain,
fuair m'athair bás. In sin do fágadh
mise i lámhaibh mo námhaid budh duibhe
Cuir sí d'ualach orm an foghnamh budh ís¬
le, gráineamhla do dhéanamh. D' fhoilsigh
sí a fearg nimhneach agus a fuadh ann
gach uile fhocal a labhair sí liom. D'fhul¬
angas gach uile dhócamhal go foighideach,
ceansa. Fa dheire, d'athchruthuigh sí mé
am ghearrfhiadh gheal tre chúmhachd a draoi¬
dhachda, fós fágáil agam cleachdadh mo
chéadfadh corpardha, ionnus go meudóch¬
adh sí mo mhí-ádh. Faoi an b-pionús so
reachtuigh sí go bh-fanfainn go sáithfeadh
sealgaire ó Thír-Amhalaigh a shleagh in a h-
uaimh. Níos mó 'ná sin, cuireadh oiblio¬
gáid orm dhul h-uile oidhche aig an tobar
úd ó'r fhiaghach tú mé, agus do bheith air
m'ais sul rachfadh an ghrian faoi. B'uath¬
bhásach an pionús é. Chidh tú na neithe ui¬
le anois. So í a h-uaimh, adhlacadh í san
áit in a bh-fuair sí bás. Toghladh na
ballaidh so le caoirtheintigh an oidhche tar
eis a h-adhlactha. Acht go g-comhnuighidh sí
i siothchán!"
Bhí deora móra aig tuitim síos le
leicnibh Dhomhnail, mar bhí sí aig críochnú¬
ghadh aithrise a miorath. Bhéarfadh se uiri
chum a chléibhe, acht chuir sé cosg air féin.
Chaith sé é féin air a ghlúinibh; rug sé air
a láimh, agus thosuigh sé aig pógadh na
láimhe.
"O," do ghoir se aig eirigh d'a ghlúinibh,
