708
AN GAODHAL.
teacht anois, agus cumadh na mathasa
orrainn thar mar bhí a d-toiseach. Ní'l
an oiread a teacht chugainn a's budh mhian
linn. Budh chóir go m-beidheadh an áit seo
líonta gach aon oidhche ó bhun go bárr.
Tá na mílte daoineadh a bh-Piledelphia
aig a bh-fuil Gaedhilge mhaith — Gaedhilge
níos feárr 'ná tá agam-sa, agus cia 'n
chiall go m-beidheadh faillighe air bith or¬
thasann acht an oiread linne ? Tá an oir¬
ead de bhaint a's de shochair le fághail
acasan 's tá againne. Budh chóir go d-
tiocaidís ann seo agus fóghluim le Gae¬
dhilge a sgríobhadh agus a léigheadh, tais¬
beánadh do Shasana agus do 'n domhan gur
cinne air leith dhúinn féin atá annainn;
go bh-fuil teanga fhóghluimte againn,
teanga uasal; teanga atá bh-fad, bh-fad
níos sine, níos fóghluimte, agus níos
uaislighe 'ná glafarach Bhéarla, [ bualadh
bos ].
Tá mórán deuntadh aig mná uaisle
'gus daoine uaisle do'n g-Cumann Tal¬
mhan, no National League, ann san tír
seo. Ní'l baile air bith, beag no mór,
nach bh-fuil siad ann. Tá 'n mhuintir seo
a deunadh a n-díthchioll a tabhairt a n-
ama 'gus a g cuid airgid le congnamh a
thabhairt do'n mhuintir san m-baile Tá
obair mhór d'a dheunadh tháll, acht ní iong¬
namh ar bith é sin, óir tá ceannfuirt
maith ortha, ceannfuirt stuama, treun,
mar tá an duin' uasal, onórach, Séar¬
lus Stiamhard Párnell. [ an bhualadh bos ]
Gigheadh go bh-fuil cuid mhaith deunta
abhus agus obair mhór d'a dheunadh tháll,
tá mórán le deunadh fós. Ní cóir dear¬
mad i dheunadh de'n Ghaedhilge. Má tá
sé i n-dán go bh fuighthear cead párliment
a chur i m-Baile Ath-Chliath, agus go m-
beidh ceart aig Éireannaigh a n-dlíghthe
féin a dheunadh, mar budh chóir, caithfidh
sí bheith 'na párlment Ghaedhilge, sé sin,
má's mian linn i bheith buan. Bhí parli¬
ment i m-Baile Átha-Cliath cheana acht is
geárr a mhair sí. Párliment Bhéarla bhí
ainti : Chuir locht an Bhéarla a m-bail
féin uirthi.
Nuair a casfaidhe d'a chéile daoine a
bh-fuil Gaedhilge aca budh chóir go m-beidh¬
eadh strodh ortha bheith a nan cómhrádh
'dheúnadh i d-teangain a sinsear, an
teanga a labhruigheadh i n-Éirinn na ceud¬
tha bliadhain sul do rinneadh Béarla. Is
náireach an sgeul é le rádh go bh-fuil Éi¬
reannaigh san tír seo a cheilleas go bh-
fuil Gaedhilge aca. Tá an dream seo a
cur le Sasana, a cur leis an námhaid,
agus a cur a n-aghaidh muintir na h-Éir¬
eann. Ní tagann an cineál sin ann seo,
dá d-tagfadh b'fheárde iad: Ní'l aon
dhuine, mar sin acht duine suarach. Cin¬
chál na spiadór, cineál an adstair. Budh
chóra 'gus budh onóruidhe dhóbhtha Gaedhil¬
ge labhairt le na chéile 'ná bheith cur
straois ortha féin & a leonadh a ngiall
a labhairt Béarla briste, [scairtighil
gháire, agus "mh'anam gur fíor dhuit" ].
Maoidhim orraibh anois, na cliseach
aonduine, bídheadh muinighin agaibh an a
chéile. Congbhaighidh a d-teanta chéile a
tabhairt conganta 'gus misnighe d'a chéil¬
e anns an obair mhaith seo: Sibhse aig
a bh-fuil tuigsint air Ghaedhilge ; sibhse
atá a nan í labhairt go maith, agus sibhse
go n-airighthe tá congbháil na scola seo
suas, óir is orraibhse amháin tá trom-
ualach na h-oibre a luidheadh. Maoidhim
orraibh air fad: deunach gach aonduine
a beagán no a mhórán de réir a shlighe.
Labhruighidh Gaedhilge le gach aonduine
bh-fuil Gaedhilge aige, agus ann gach aon
áit d'a g-casfar orraibh iad, cibi astigh
no amuith, áir an ngort no air an m-bó¬
thar, a n-eudan a g-cuid oibre no a siúbhal
na sráide. Má ngnidheann sibh seo rach¬
faigh mise i m-bannaidhe gur geárr an t-
am go m-béidh toradh na h-oibre le feic¬
eál anns ann meas i bheidheas orraibh
féin agus air bhur d-teangan ann gach h-
uile bhall de'n domhan, [bualadh bos, noch
do congbhuigheadh suas air feadh tamall
fada].
Fuaireamar leitir fhada o'n Athair
Uillioc a Búrca an lá cheana timchioll
comhdhluighthe an bhriathair aon t-siolla
agus bhrúigh sé sinn gan mhagadh, acht bhí-
mar a súil leis agus air an ádhbhar sin
níor ghoill, sé go ró-mhór orrainn. Tá¬
mar cleachtach air bhuillidhe throma o'n g-
ceud lá ar thosuighmar an Ghaodhal, ó
n ar g-cáirdibh mar aon le n-ar námhaidibh
— gidh b'fhéidir nár chóir dúinn, "námhaid"
