AN GAODHAL.
709
a rádh, óir is dhoigh linn nach bh-fuil aon
námhaid againn, ach dream na Sasanach.
Maidir le na daoinibh a lochtuigheas módh
ar sgríbhinne & neithe beaga, eile noch do
feicear 'san nGhaodhall o am go h-am, ní
mheasamar gur namhaididhe dhúinn iad, &
nach n-deunfaidís aon dola dhúinn cuir a
g-cás go m-beidheadh sé in a g-cumhachta.
Lochtamuid féin daoine eile gan tómh¬
as, & is cóir dhúinn smuaineadh go bh-
fuil an ceart ceudna acasan. Caith¬
fidhmid breathnughadh air neithe mar seo,
nó dá ngéillfimis do gach nidh h-abruigh¬
ear linn bheidheadh sinn a n-uisge bruithte
gach lá 'sa m-bliadhain, agus go deimhin,
támar a n-uisge bruithte le chúig bliadh¬
ana, agus bheidheadh sinn scallta a bhfad
ó choin meireach an croiceann tiugh, ríghin
atá orrainn. Ach an buille is nimhnídhe
a buaileadh orrainn fós, — de bhrigh go bh-
fuil sé eugcórach — thainic sé ó n-ar g-
caraid, an Saoi O'hegarta. Tá fhios
ag gach duine aithnigheas muidne gur b'é
ar m-baramhuil gur leis na daoinibh gach
acra talmhana sa tír. Ach teidheann muid
níos fuide ná sin, — Ní shé amháin go meas¬
amar gur b'é an talamh oighreacht na n-
daoineadh go h-uile, ach shocróchamuid na
droine air an talamh & thiúrchómuid ias¬
acht airgid, gan aon phighinn gaimbín, dhóibh
le na m-bunughadh ann.
FILLEADH AN DÍBEARTHA, D'Á TÍR
DHÚTHCHAIS,
By
T. O'CALLAHAN.
Maidin shamhraidh, 'san ghrian ag éirighe,
Bhídh-sa siúbhal air bhruach na trágha,
Do dhearcas óig-bhean is í na h-aonar,
'Sa cuacha síos lei air dhath an óir.
Do chroch mé lámh lei mar chomhara fáilte,
Bo cos'mhuil le Bhénus í no Hélin ó 'n
nGréig,
Bo binne a guth 'ná ceol na n-eun bhig,
Labhair sí Gaodhailge go socair, réidh,
Chuir sí tuairisg cá bh-fuil a gaoltaibh,
'Sa cáirde gaoil i bhí farsainn, mór,
Scar sí leo-san i d-tús a hóige,
A croidhe go brónach is í sile deór.
Do léim mo chroidhe-sa le áthas naomhtha,
Is dúbhairt mé lei-sin gan bheith 'gul na
caoi,
Go rachfainn féin léi d-tí 'n g-coill ghlas
chraobhach,
Iona bh-fuil a gaolta go ciuin na luidh'
Do lúb sí síos a guidh' air na marbh;
Thuit na deora mar drúchd air a bh-feur,
Acht éireochaidh na treun-fhir go luath as
Gaillibh
Béidh ceol in gach baile 's Éire bhocht saor.
TOMÁS O'CEALLACHÁIN.
AN BHRATACH UAITHNE.
UILLIAM RUISÉAL RO Chan.
NOTE — The following poem on the
subject of the Green Flag, is written
in that difficult style of versification,
which in Irish is called conachlonn,
which signifies chain-verse.
W. R.
Ní tracht linn calmhacht na lán-laoch
luaith;
Fós, fán na n-ollamh, agus ár na n-
druadh ;—
Ní tracht linn cogaidhche nó baird na n-
duan,
Iona trághadh binn-ghotha na clairsighe
uainn;
Ach amhain an mheirg ghlas is bláith-ghrinn
sgeimh
Tá á ngrádh croidhe feisdighthe 'gan bh-
Fail-chlainn sheimh ;
'S gur nár linn amharc airthe tláith, shíos
daor,
Agus Seághainín Bhreataine a n-árd rígh-
réim.
A réim a d' amharc-si na sgáil Ruadh-
Chraobh,
Ná 'r leoimh d'á feillithibh bheith táir, a
ngéibh,
'S ní stráic í 'thaisdil chughainn andiumh
ná 'ndé,
'Na áilleán dannar dubh na ngnás g-
cam g-claon:
Ach meirg chughainn do theilg-siad an Fhail-
