27
6Mhadh Rol. Uimh. 3. LÚNÁS. 1887
CÓMHRÁDH na MÍOSA.
Ta bróid orrainn go m-bhreathnuigh-
eann cúis na h-Éireann beagán níos
feárr 'ná bhreathnuigh sí mí ó shoin. Ní
n-ionann inntleacht na n-daoineadh anois
agus an t-am a rabh an t-Sean Chailleach
Ruadh, mar dubhairt an Saoi Mac En-
éirigh, a riaghlughadh Shasanaigh. Ní choisg-
idh na Sasanaighid labhairt na Gaodhail-
ge anois mar rinreadar an t-am sin,
de bhrígh go bh-fuil gleus cogaidh éifeachta¬
amhuil i réidheacht na n-Éireannach, agus
sin é an fáth
Ag amharc air an méid a rinne na
Sasanaighidh n-aghaidh na teangan is mór
an t-iongamh linn-ne nach n-deunann Éir-
eannaighidh níos mó iarachta le n-a com¬
eud. Dá n-oibridís i g-cúis na teang-
an mar a táid i g-cúis na talmhan is an
gheárr go m-beidheadh sí i m-beul gac Éir-
eannaigh, mar budh chóir. Saoileamuid-
ne go bh-fuil cúrsa Shasanaigh bunáite
rithte. Tá Rúise dul a g-cinn 'san Oir
go ciúin, stuamadh, agus an nFrainc d'a
bacadh in Éigipt. Agus tá níos mó 'ná
sin uirre — Tá faitchíos uirre roimh chú-
mhacht Ridiribh na h-Oibre, agus ní shé a-
mháin tighearnaighidh Sasanaigh acht tighear¬
naighidh na h-Eóirpe go h-uile. Tá grian
an t-samhraidh a lasadh, ach an uair 'thioc-
fas samhradh na h-Éireann, cia bh-fuighe
Éireannaighidh iad fhéin? Gheabhfaidh siad
iad féin gan teanga ach teanga an tíor¬
ánaidh, má fhanann siad cho neamhshuimea¬
mhuil a d-taobh a d-teangan a's atáid a-
nois. Is an mhór an náire é seo do fhir
agus mná na h-Éireann, agus ní'l aon
dul as aca. Ní'l aon fhear sa tír nach
bh-feudfadh beagán no mórán a dheunadh
d-taobh a theangan. Cuireach léightheóiridh
an Ghaodhail é seo in umhall d'a g-cómhur-
sanaibh, agus b'fhéidir go g-cuirfeadh sé
spreacadh ionnta. Caithfighear rud a
cínt a dheunadh no béidhmíd gan teanga.
