718
AN GAODHAL.
DÓ'N ATHAIR DOIARUID O'MAOINEACHÁIN.
Air Chríochnughadh a dhá Fhichead bliadhan mar Shagart 'san Eaglais.
Beatha 'gus sláinte, a shagairt! sin paidir do charad go léir,
Beatha 'gus sláinte, a shagairt! sin paidir na d-tuatadh 'sna g-cléir,
Sláinte, a shagairt! sin paidir do charad i m-baile 'sa g-cian, —
Sláinte dó'n té, fíor-sheirbhíseach Dé, i n-deireadh a dhá fhichead bliadhan!
Gidh fada do sheirbhís, a shagairt; gidh fada do shaothar 'san t-saoghal, —
Saothar bhí líonta go minic le buaidhreadh le brón agus baoghal;
Níor thréig tú do chúram aon agadh ; níor chaith tú do bheatha go sámh,
Oir bhí sólás duit ann, a's bhí Righ ós do cheann a chuir meisneach 's neart in do láimh.
Is iomdha an t-athrughadh, a shagairt, do chonnarcais teacht air an domhan
Ó thosuigh tú saothar do bheatha — saothar nach g-cruinnigheann lón ;
Saothar nach n-díoltar 'san t-saoghal so; saothar gan tuarasdal óir,
Acht saothar bhéideas beó ins an bh-Flaitheas go deó, in a m-breathnuighthear obair go
[cóir.
Do chonnarcais riaghla na tírtheadh ag tuitim roimh' fheirg a g-clann,
Do chonnarcais impiridhe 's righthe 'na n-deóraidhibh ísle 'gus fann',
Do chonnarcais éadan na cruinne ag athrughadh ó lá go d-tí lá, —
Do chonnarcais brón agus buaidhreadh an domhain, nach n-eugfaidh 'measg daoineadh
[go bráth.
Níos measa 'ná iadsan go h-uile, do chonnarcais sgiobtha ód' thaoibh
Gach cara bhí agad in d'óige; gach cara nár dhearmadais 'riamh;
'S do chomhluchta fíora 'san eaglais ag eulughadh ód' láthair go deó, —
Tá tú fágtha gan aon de na sean-chairdibh treun' a bhí agad 'sna laethibh fad' ó.
Go cinnte d'fhág sneachta na n-geimhreadh a luirg go bán air do cheann,
A's tá d'eudan ag taisbeánt na roc a d'fhág bliadhanta na buaidheartha ann;
Acht tá teine do chroidhe fhír neamh-mhúchta, tá tapamhlacht d'anma mar bhí,
Oir an croidhe sin go deó 'na bh-fuil subháilce beó, ní féidir a spioraid do chlaoi.
Ní féidir na maitheasa rinnis bheith curtha i bh-foclaibh aoin dáin,
Ní féidir iad uile bheith sgríobhtha, acht Léisean, do Maighistir, amháin,
Is Dó-san a thug tú do bheatha; is Éisean tá acfuinneach rádh
Mar líon tú gach dlighe, mar shiúbhal tú an t-slighe a ridheas gó Flaitheas A ghrádh.
Do bhrosduighis cráidhbheacht a g-comhnuidhe i g-croidhthibh na n-daoineadh bhí ceart,
Agus iadsan bhí lag in a g-creideamh, do spreag tú a g-croidhthe le neart;
Do thóg tú an peacach ró-íosal chum bóthair na bh-fíor a's na slán,
Ní le teagasg do bhéil, a bhí líonta le céill, acht le sómpla do bheatha, amháin.
Tá d'ainm i m-beulaibh na n-daidhbhir le beannachtaibh ceart' agus cóir,
Tá d'ainm i m-beulaibh na saidhbhir le onóir, le urraim a's glóir;
Oir thaisbeán tú dhóibh-san bhí daidhbhir gur bocht bhí an Slánuightheóir féin,
A's dó'n t-saidhbhir a choidhch' ba h-é so do ghuidhe :— "Na dearmaid na boicht in a
[leun!"
Tá 'n t-athair 'san mháthair ag altughadh mar choiméad tú beatha a g-clann,
Tá 'n bhaintreabhach ag guidhe air an t-sagart d'fhág dídean a tighe ós a ceann;
Tá 'n dílleachta moladh do charthanacht a d'eudtromuigh ualach a chrádh, —
Tá siad uile mar aon tabhairt molta dhuit féin a's doimhne a n-geana 'sa n-grádh.
Ní iongantach go bh-fuilir mar tá tú; ní iongantach linn maitheas do chroidhe,
Oir nach d-tainic tú chugainn ó'n tír sin, — fíor-oileán na Naomh a's na Righ?
