720
AN GAODHAL.
AN GEARRFHIADH GEAL.
AN TREAS ROINN.
Budh é an treas lá tar éis an lae úd
a chonnairc Domhnal aig fiaghach go dúr¬
achtach an geirfhiaidh choimhthighigh ghil. Acht
cheana níor rabh an t-sealg sin gan gnó¬
dhachan eigín. Shmuainigh sé mar bhí sé
aig teacht i n-gar d'a bhaile, nár rabh sé
aig filleadh air ais gan duais. Agus an
duais sin! Cia nach n-oibreóchadh chum
duais mar í sin d' fhághail? Bhí caisleán
a athar anois ann a amharc. Do léim
a chroidhe le luathgháir.
Tharruing Eibhlín osna, agus ann sin
righne smígheadh. Chuadar asteach san g-
caisleán. Mar shiúbhladar tre na háll¬
aibh, d'umhlaigh gach foghantach dóibh agus
bhídheadar aig feuchaint le iongantas air
an maighdean áluinn a bhí an sealgaire
óg aig treórúghadh.
Fa dheire fáiltighidh a athair Domhnal
le póg. Bhí searcghrádh aig Domhnal na
g-cnoc air a mhac tréanmhar. "A Dhomh¬
naill, a ríméid mo chroidhe, ca rabhais air
feadh na d-tri lá fada seo a chuaidh
thart? agus cia shí an bhean óg, áluinn
seo a bheireas tú dár hallaibh?" Thain¬
ic lasadh an san mnaoi óig mar d'fheuch
an taoiseach aosda liath uirri.
"Is iomdha riasg fiadháin agus talamh
fraochmhar do shiúbhlas, a athair, ó d-fág
mé an áit feo go deirionach. Níor ghnó¬
dhuigheas rud air bith a d-taoibh na seilge
acht do shaoras an bean óg seo: a nós
iongantach. Thugas go deimhin sonas a
bhaile liom." Ann sin d'innis Domhnal a
sgeul brónach, chófhadh 's bhí sise — na sea¬
sadh sgathadh amach uaidh — aig sileadh na
n-deor go frás.
"A leinbh bhoicht," ar Diarmuid leithe
go ceansa, aig breith air a láímh, "ná bí
aig gol. Beidh mise am athair duit, beidh
Dodhnal na dhearbhráthair duit. Ní i n-
diu amháin a h-aithriseadh do sgeul damh¬
sa. Acht do nocht Domhnal an misteur
uathbhásach. Beidh an oiread cúirim orm
fútsa, a inghean de líne flaitheamhail, as
dá m-budh mé d'athair. Ná sil níos mó
deora. Feuch air an áit so mar do
bhaile?"
Nuair bí dhá bhliaghain thart, bhí Diar¬
muid na g-cnoc ann a uaigh. Acht tre na
bliaghantaibh seo d' fhoghluim Damhnal le
Eibhlín do ghrádhughadh níos teó, agus thug
grádh sgiatháin dhó le eirighe suas as aibh¬
éis dorcha an bhróin ann ar theilg bás a
athar é. Fágtha gan maighistir ní n-ion¬
gnadh gar tharla mian dhó Eibhlín do phós¬
adh. Creud tóróchaidhe i mnaoi óig air
bith acht subháilce agus sgiamh. Bídheadh¬
ar seó le fághail in Eibhlín.
Tá siad pósta. Tá an caisleán beo
le féilteacht. Tá siomra-na-cuirme líon¬
ta le cairdibh agus le gabhaltaidhibh Dhomh¬
nail Dhuinn. Tig an fear nuadh-phósta
asteach aig treórughadh a chéile áilne. Tá
ceud súil a dearcadh go rímeudach orra.
Teidhean an fíon dearg thart go líon¬
mhar. Tá fear na chláirsíghe go h-aoibh¬
inn 's go h-uaibhreach aig ceoltóireacht le
na chláirsigh. Acht eist! an torann crú
capall é seo ? Tig uathbhás air lucht na
bainse. Tá an gleo aig teacht níos goire.
Is iomdha aoidhidh, aig fágáil a áite suidh¬
te, a ruitheas chum dorus an chaisleáin.
Tá an gleo aig eirighe níos áirde. Ní
fheicear duine air bith, na ní féidir le
duine air bith marcach na capall d'fheic¬
sin. Fa dheire, tá an gleo cho binn 's go
bh-fuil sé mar thoirnigh thréin, úabhásaigh,
bódharaigh, sgarann dorchadas, a úrdhubh¬
uígheas soilse na g-coinneal, tar an h-
alla. Cluintear guth critheaglach ó bhroinn
an dorchadais uabhásaigh:
"A dhuine fhuathuighthe," ar an guth, "ann
uair do shonais casgróchar thú! Tá an
draoidheacht le 'r cheangail mise thú bris¬
te. Acht fós tá cúmhacht agam tharat.
Tá fuath agam air an dream ó a d-tain¬
icis. De 'n dream sin is tusa an duine
deire. Tá cumhacht aig aig ifrionn fós.
Anois" —
Cluintear troimpleasg mhillteach, mar
bheidhadh uaithnídhe na spéire leithne aig
tuitim. Sgarann baladh ruibheach tre na
hallaibh. Léimeann lasracha dearga suas
mar dheamhnaibh ó'n gcaisleán.
Lá air na mhaireach, bhí na ballaidh a
thug macalla do ghuth an ghrinn, cho deir¬
ionnach sin, na g-carn dóighte, agus coirp
